‘Teip ceannaireachta’ i Sráid Downing – tuarascáil Sue Gray faoi chóisireacha foilsithe

Deir tuarascáil nua nár cheart go dtarlódh cuid de na hócáidí sóisialta a tharla i Sráid Downing le linn na paindéime ar chor ar bith agus go raibh faillí thromchúiseach i gceist

‘Teip ceannaireachta’ i Sráid Downing – tuarascáil Sue Gray faoi chóisireacha foilsithe

Deir tuarascáil Sue Gray go raibh sé deacair aon chosaint a dhéanamh ar na cóisireacha a tharla i Sráid Downing le linn na dianghlasála.

Foilsíodh ar shuíomh idirlín Rialtas na Breataine tráthnóna an tuarascáil faoi na hócáidí sóisialta i Sráid Downing atá ina n-ábhar mór conspóide le tamall.

Tá an Príomh-Aire Boris Johnson faoi bhrú mór mar gheall ar an gconspóid. Cé nach gcuirtear an locht go sonrach air féin i dtuarascáil Gray, deirtear go raibh “teip” ó thaobh na ceannaireachta de i Sráid Downing.

“I gcás ar a laghad cuid de na hócáidí atá faoi chaibidil bhí faillí thromchúiseach i gceist ó taobh cloí leis an ardchaighdeán a mbítear ag súil leis, ní hamháin ó dhaoine atá ag obair i gcroílár an rialtais ach an caighdeán a rabhthas ag súil leis ó phobal na Breataine go léir ag an am…”

“Uaireanta, agus oiriúnacht na n-ócáidí á meas, níor caitheadh dóthain ama ag smaoineamh ar cad a bhí ag tarlú ar fud na tíre, ná ar an gcontúirt a bhain leo ó thaobh na sláinte poiblí ná ar an gcuma a bheadh orthu i súile an phobail.

“Bhí teipeanna ó thaobh ceannaireachta agus breithiúnais i gceist in áiteanna áirithe in Uimh. 10 agus san Oifig Comhaireachta. Níor cheart go dtarlódh cuid de na hócáidí ar chor ar bith. I gcás ócáidí eile, níor chóir ligint dóibh dul ar aghaidh mar a tharla.

Tá Boris Johnson le ráiteas a dhéanamh faoin tuarascáil tráthnóna. Tá ráite ag go leor ina pháirtí féin go mbeadh a gcuid tacaíochta do Johnson ag brath ar thorthaí na tuarascála.

Meastar go ndéarfaidh sé go bhfuil ceachtanna foghlamtha aige ón gconspóid agus ón tuarascáil.

Deir Páirtí an Lucht Oibre agus baill eile den fhreasúra gur chóir do Johnson éirí as i bhfianaise na conspóide.

Dúirt Sue Gray nár éirigh léi tuarascáil fhónta a chur ar fáil faoi láthair mar go raibh an scéal á fhiosrú ag na póilíní. Níl ach 12 leathanach sa tuarascáil agus í gann ar shonraí.

Fág freagra ar '‘Teip ceannaireachta’ i Sráid Downing – tuarascáil Sue Gray faoi chóisireacha foilsithe'