Teip ar chóras Phort Láirge ach níl athchóiriú iomlán ag teastáil

Teip ar chóras Phort Láirge ach níl athchóiriú iomlán ag teastáil Ceann de na príomhchúiseanna a n-imríonn Port Láirge leis an gcóras atá in úsáid acu ná chun nach ngéillfidh siad cúil. Theip go hiomlán ar an gcóras sin ar an Domhnach agus nach iad Tiobraid Árann a bhí breá sásta agus ábalta leas a […]

Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Teip ar chóras Phort Láirge ach níl athchóiriú iomlán ag teastáil

Ceann de na príomhchúiseanna a n-imríonn Port Láirge leis an gcóras atá in úsáid acu ná chun nach ngéillfidh siad cúil. Theip go hiomlán ar an gcóras sin ar an Domhnach agus nach iad Tiobraid Árann a bhí breá sásta agus ábalta leas a bhaint as an teip sin.

Beidh daoine ann a déarfaidh go gcuirfidh an toradh seo deireadh leis an gcosantóir le cois san iomáint ach níl aon ghá do Phort Láirge aon athrú rómhór a dhéanamh. Bhí siad go hainnis i bPáirc na nGael inné ach beidh Derek McGrath ag súil nach bhfeicfear a leithéid de thaispeántas arís uathu.

Rinneadh scrios orthu i dtréimhse seacht nóiméad i lár an dara leath, nuair a scóráil Tiobraid Árann trí chúl ach ní raibh na fadhbanna céanna ag Port Láirge an chuid is mó den chéad leath. Choinnigh siad Seamus Callanan faoi smacht ar feadh an 35 nóiméad sin agus murach na deich n-iarracht a chuir Port Láirge amú sa chéad leath, ní bheadh an imirt chomh hoscailte acu sa dara leath nuair a bhí il ag teastáil.

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne
Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Céard é an chéad céim eile do Chorcaigh?

Bhí Corcaigh i bhfoisceacht cúpla soicind de Chraobh na hÉireann a bhuachan in 2013, ach tá rudaí imithe in olcas ar fad ó scóráil Domhnall O’Donovan an pointe comhscóir don Chlár an lá céanna trí bliana ó shin.

gur bhuaigh siad Craobh na Mumhan in 2014, níor mhaith mar a chuir siad críoch leis an mbliain nuair a chlis orthu in aghaidh Thiobraid Árann i gcluiche leathcheannais na hÉireann. Díbríodh ó chraobh 2015 iad nuair a rinne Gaillimh scrios orthu i nDurlas agus is i Staid Semple a tháinig deireadh lena bhfeachtas craoibhe arís i mbliana nuair a fuair Loch Garman an ceann is fearr orthu Dé Sathairn.

Bhí an chuma air go raibh foireann Kieran Kingston tagtha chucu féin agus bua maith acu ar Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo caite ach is léir gur aiséirí gairid a bhí ann. Nuair a tháinig an crú ar an tairne in aghaidh Loch Garman, ní raibh aon fhreagra acu. Fiú níor chuir cúl Daniel Kearney, a chuir pointe chun cinn iad agus gan ach naoi nóiméad fágtha, aon bheocht iontu.

an chuma ar an scéal go bhfuil athrú ó bhonn le déanamh sa chontae más faoi iománaithe Chorcaí a bheith i measc na bhfoirne is láidre arís.

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne
Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Obair le déanamh fós ag an gClár

Ag tús na bliana, ní raibh ach cluiche cáilithe amháin buaite ag an gClár ó bhuaigh siad Craobh na hÉireann in 2013, sin é a mbua in aghaidh Uíbh Fhailí anuraidh. Tá a dhá oiread sin buaite acu sna babhtaí cáilithe le seachtain anuas agus foireann Davy Fitzgerald cáilithe do chluiche ceathrú ceannais den chéad uair le trí bliana anuas.

Mar sin féin, beidh a fhios ag an mbainisteoir go bhfuil neart oibre le déanamh ag na Cláirínigh má siad chun an ceann is fearr a fháil ar Ghaillimh sa chéad chluiche eile. Bua ceithre phointe a bhí acu in aghaidh Luimnigh ar an Satharn, 0-19 in aghaidh 0-15, ach ní raibh siad i mbarr a maitheasa.

D’aimsigh an Clár naoi bpointe as a chéile ag deireadh an chéad leatha, rud a d’fhág farasbarr sé phointe acu ach lig siad do Luimneach, foireann nach bhfuil i measc na bhfoirne is fearr sa chraobh, teacht aniar a dhéanamh sa dara leath. Ní raibh an Clár ach go measartha ina gcluiche in aghaidh Phort Láirge i gCraobh na Mumhan ach an oiread agus beidh orthu a bheith chomh fuinniúil céanna is a bhí i rith na sraithe má siad chun dul níos faide ná na babhtaí ceathrú ceannais an samhradh seo.