‘Teip’ an Gharda Síochána Gardaí le Gaeilge a earcú á faire ag Oifig an Choimisinéara Teanga

Ní dheachaigh ach beirt iarratasóirí a rinne iarratas faoi shruth speisialta Gaeilge an Gharda Síochána faoi oiliúint i gColáiste an Teampaill Mhóir in 2016

‘Teip’ an Gharda Síochána Gardaí le Gaeilge a earcú á faire ag Oifig an Choimisinéara Teanga

Pictiúr: RollingNews.ie

D’fhéadfadh go gcuirfidh an Coimisinéir Teanga tuarascáil faoi bhráid Thithe an Oireachtais faoin nGarda Síochána, agus an chuma ar an scéal go bhfuil ag teip ar shocrú atá in ainm is a chinntiú go bhfuil dóthain Gardaí le Gaeilge ar dualgas i stáisiúin Ghaeltachta.

Ní dheachaigh ach beirt iarratasóirí a rinne iarratas faoi shruth speisialta Gaeilge an Gharda Síochána faoi oiliúint i gColáiste an Teampaill Mhóir in 2016.

De réir figiúirí nua, den 534 Garda nua a ceapadh ó 2014, níor tháinig ach 29 duine acu, nó 5% den iomlán, tríd an sainsruth Gaeilge a tugadh isteach i gcomórtais earcaíochta an Gharda Síochána chun go mbeadh Gaeilge líofa ag 10% de na hiarratasóirí.

B’ionann an 10% sin agus an sprioc a socraíodh le hOifig an Choimisinéara Teanga ionas go mbeadh Gardaí le dóthain inniúlachta sa Ghaeilge ar dualgas i stáisiúin Ghaeltachta.

De réir Acht an Gharda Síochána 2005, tá dualgas ar Choimisinéir an Gharda Síochána a chinntiú gur Gardaí le dóthain inniúlachta sa Ghaeilge a bhíonn ar dualgas i stáisiúin i ndúiche ina bhfuil limistéar Gaeltachta.

Tháinig cuid den eolas maidir lena laghad Gardaí atá ag teacht amach as an sainshruth Gaeilge sa Teampall Mór chun solais i bhfreagra Dála a thug an tAire Dlí agus Cirt, Frances Fitzgerald, don Teachta Dála do Ghaillimh Thiar Éamon Ó Cuív.

Dúirt Ó Cuív le Tuairisc.ie “gur léir nach bhfuil an polasaí atá ag an nGarda Síochána maidir leis an nGaeilge, agus an Ghaeltacht go háirithe, ag obair”.

“Chuir na mílte isteach ar phost leis an nGarda Síochána nuair a fógraíodh go raibh Coláiste na nGardaí le hoscailt arís in 2014. Tá sé deacair a thuiscint cén chaoi nár tógadh isteach ach an méid bheag sin daoine le Gaeilge,” a dúirt sé.

In ainneoin gur iarr Éamon Ó Cuív faoi dhó na sonraí maidir le dáileadh Ghardaí shruth na Gaeilge ar stáisiúin na gceantar Gaeltachta ó 2014, níor chuir an tAire Dlí an t-eolas sin ar fáil dó go fóill.

Thug Oifig an Choimisinéara Teanga le fios freisin go bhfuiltear ag fanacht go fóill ar “roinnt soiléirithe” ón nGarda Síochána mar chuid den fhaireachán is deireanaí atá á dhéanamh acu ar an ábhar seo.

Ar an eolas a bhfuil Oifig an Choimisinéara Teanga fós ag fanacht air, tá liosta de na stáisiúin ar cuireadh na Gardaí a tháinig tríd an sruth Gaeilge ar dualgas iontu.

Cé nár chuir an Garda Síochána an t-eolas sin ar fáil fós, dealraíonn sé go bhfuil feabhas áirithe tagtha ar an scéal ó thaobh Gardaí a bhfuil Gaeilge acu a bheith ar dualgas sa Ghaeltacht.

De réir an chuntais is deireanaí a cuireadh ar fáil d’Oifig an Choimisinéara Teanga in Aibreán na bliana seo, bhí Gaeilge ag 54% de Ghardaí atá ar dualgas sa Ghaeltacht, i gcomparáid le 41% i Nollaig 2012 agus 45% i Lúnasa 2013.

“Tá ardú le sonrú ar chéatadán na gcomhaltaí le Gaeilge atá ar dualgas i stáisiúin Ghaeltachta cé go bhfuil éagsúlachtaí móra le brath i gceantair Ghaeltachta thar a chéile go fóill,” a dúradh i ráiteas a chuir Oifig an Choimisinéara Teanga ar fáil do Tuairisc.ie.

Chinn an t-iarCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, in 2012 go raibh an Garda Síochána ag sárú Acht an Gharda Síochána de bharr nach raibh dóthain inniúlachta sa Ghaeilge ach ag comhalta amháin as an naonúr a bhí ar dualgas i stáisiún an Bhuna Bhig i nGaeltacht Thír Chonaill.

Rinneadh moltaí sonracha i dtuarascáil an imscrúdaithe maidir le stáisiún an Bhuna Bhig agus moladh freisin go scrúdófaí impleachtaí chinneadh an imscrúdaithe do stáisiúin sna ceantair Ghaeltachta eile chomh maith.

Mar thoradh ar an imscrúdú sin, shocraigh An Garda Síochána le hOifig an Choimisinéara Teanga go gcuirfí 10% d’áiteanna ar leataobh do Ghaeilgeoirí líofa i gcomórtais earcaíochta.

Thug Oifig an Choimisinéara Teanga le fios do Tuairisc.ie inné go bhfuil “faireachán leanúnach” á dhéanamh acu ar an nGarda Síochána “i dtaca leis an mbealach a bhfuil moltaí an imscrúdaithe seo á gcur i bhfeidhm”.

Agus an Coimisinéir Teanga ag fanacht ar thuilleadh eolais faoi conas mar atá ag éirí leis an nGarda Síochána moltaí imscrúdú a oifige a chur i bhfeidhm, níl sé curtha as an áireamh aige go leagfaí tuarascáil faoi bhráid Thithe an Oireachtais faoin scéal.

“Nuair a bheidh an t-iniúchadh reatha tugtha chun críche ag an Oifig seo, déanfaidh an Coimisinéir Teanga cinneadh an gá tuarascáil a chur faoi bhráid gach Teach den Oireachtas faoi mar atá d’údarás aige,” a dúradh sa ráiteas a thug Oifig an Choimisinéara Teanga do Tuairisc.ie inné.

Tá sé de chúram ar an gCoimisinéir Teanga tuarascáil a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais má bhíonn sé den tuairim nach bhfuil aon chuid de mholtaí imscrúdaithe á cur i bhfeidhm go sásúil.

Fág freagra ar '‘Teip’ an Gharda Síochána Gardaí le Gaeilge a earcú á faire ag Oifig an Choimisinéara Teanga'

  • mícheál

    Ba cheart go mbeadh na Gardaí in ann déileáil leis an bpobal as Gaeilge is cuma cén áit sa tír ina bhfuil siad, rud nach bhfuil. Is i nGaeilge a thugaim m’ainm i gcónaí do na Gardaí ach níos minice ná a mhalairt ní bhíonn ina gcumas é a litriú! Agus i gcás amháin b’é an t-ainm céanna a bhí ar an nGarda féin é .i. Mícheál

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    54% de Ghardaí sa Ghaeltacht a bhfuil Gaeilg acu?? Níl seo maith go leor!

    Agus nuair nach bhfuil Garda ar fáil i stáisiún áitiúil atá suite sa Ghaeltacht bíonn ort teagmháil a dhéanamh leis an ceanncheathrú agus, ar ndóighe, ní bhíonn Garda le Gaeilg ar fáil ansin. Tá mórchuid de cheantar Gaeltachta Thír Chonaill anois faoin ceanncheathrú i mBaile na nGallóglach – stáisiún atá taobh amuigh den Ghaeltacht??

    Agus aontaím le Micheál, ba cheart go mbeadh Gaeilg ag achan Garda ar fud na tíre – nár fhoghlaim siad an Ghaeilg ar scoil?

    Neamhaird iomlán déanta ag An Garda Síochána don leagan Gaeilg de logainmneacha Gaeltachta ar an suíomh gréasáin atá acu. Agus má tá sé déanta ansin, cá háit eile a bhfuil siad ag maslú na Gaeltachta?