Téigh trí gheataí na staire ar oileán Reachlainn lán iontas

Níl a fhios céard iad na hiontais atá le feiceáil ar Reachlainn –  tabhair leat do chuid gloiní fadradharcacha má thagann tú ar cuairt air

Téigh trí gheataí na staire ar oileán Reachlainn lán iontas

Thug mé cuairt ar Aonach an ‘Lammas’ i mBaile an Chaistil ag an deireadh seachtaine don dara sraith den chlár teilifíse Beidh Aonach Amárach. Ach ar dtús shíl mé gur chóir dom cuairt ghairid a thabhairt ar oileán Reachlainn – roinnt bheag mílte amach ón mbaile sin.

Níl ach cúpla oileán fágtha sa tír nár thug mé cuairt orthu agus bhí sé i gceist agam le fada cuairt a thabhairt ar an gceann seo.

Postaí na ngeataí a thug mé faoi deara láithreach – bhíodar an-suntasach ar fud na háite. Go hiondúil imíonn rudaí mar seo as an tírdhreach de réir mar a thagann stíleanna tógála nua-aimseartha i réim.

Is cuimhin liom postaí nó cuaillí móra cloiche mar iad i ngarraí in aice linne sa mbaile. ‘Grandma’ agus ‘Granda’ a thugadh muid orthu agus muid ag spraoi ar an ngeata agus ag iarraidh dul in airde ar na postaí.

Nuair a bhí mé i gCionn Mhálanna le gairid, bhí mé ag inseacht do mo chara gur cheap mé go raibh stíleanna éagsúla postaí ann ag brath ar an gceantar ina bhfuil siad tógtha.

Lagchuimhne a bhí agam go bhfaca mé an t-eolas sin i leabhar seanchais éigin ach bhí teideal an leabhair dearmadta agam faoin tráth seo. Thosaigh mé ag tabhairt faoi deara go raibh roinnt mhaith acu thart ar thuaisceart Inis Eoghain.

Anois coicís ina dhiaidh sin ar Reachlainn, bhíodar le feiceáil gach áit – mórán mór an stíl chéanna le hInis Eoghain.

Tógtha as smionagar clocha, nó seanchlocha gan mhaith atá na póstaí ar Reachlainn. Ansin sula leagtar an ‘barr’ orthu, cuirtear píosaí leibhéalta atá déanta as scláta orthu. Ar deireadh cuirtear an túr triantánach anuas ar an mbarr.

Fiú amháin ar eastát beag nua tithíochta gar don ché, choinníodar stíl na bpostaí ar na geataí nua. (Is léir nach leagtar na seanphostaí ar an oileán – fiú nuair nach mbíonn siad in úsáid a thuilleadh le haghaidh geataí.)

Cé nár éirigh liom lámh a leagan ar an leabhar a d’inseodh an cúlra dom de réir ailt le Anthony Weir a d’aimsigh mé ar líne is iarsma iad de na Galláin ón réamhstair. Dar leis, is den traidisiún céanna iad agus na clocha ársa a bhfuil aithne fhorleathan orthu, ar nós ‘Cloch an Tuair Rua’ i gcontae na Gaillimhe.

Dar leis go mbaineann siad le traidisiún na torthúlachta, siombail fhallach mar go bhfuil cruth fallach ar a lán acu, a deir sé.

I sean-alt léirmheasa ar ábhar a scríobh an seandálaí E Estyn Evans, luadh chomh maith gur tháinig dearadh na bpostaí geata anuas ó chlocha na réamhstaire. Dúirt seisean go mbíodh seantraidisiún ann a bhain le beithígh a thiomáint idir na postaí chun a chinntiú go mbeidís torthúil.

Agus ina leabhar cáiliúil féin Irish Folk Ways, dúirt Evans gur chuala seisean i gContae Ard Mhacha daoine ag tabhairt ‘fear a’ tí’ agus ‘bean a’ tí’ ar na postaí geata. B’fhéidir gurb as sin a tháinig an nós chugainne a thug ‘Granda’ agus ‘Grandma’ orthu i gContae Ros Comáin?

Tá cloch aonair ina seasamh i ngarraí amháin i lár Reachlainn agus cé nach bhfuil aon bhileog eolais ina taobh gar di, d’aithneofá ar an toirt gur Gallán de shaghas éigin í.

Tá marcanna uirthi ach ní féidir a bheith cinnte cén míniú atá leo.

Ins an músaem beag atá suite i seanteach na mbád, deirtear gur cloch í a cuireadh ar uaigh Lochlannach a fuair bás ar an oileán. Ar feadh roinnt mhaith blianta oileán Lochlannach a bhí i Reachlainn.

Lena gcead a thabhairt do mhuintir an oileáin, agus do na húdaráis a chuidigh leo, tá an stair coinnithe beo acu agus tá go leor eolais thart ar na seansuíomhanna stairiúla.

‘Soerneog View’ a bhí ar an teach ónar thógamar rothair ar cíos.

‘An bhfuil a fhios agat céard é ‘soerneog?’ a d’fhiafraigh mé de bhean na rothar.

‘Sin é an teach thíos ansin ina ndóití an cheilp,’ a deir sí. (Tornóg na Gaeilge?) Fuair mé amach ansin go raibh thart ar 80 ‘áith ceilpe’ ón seansaol aimsithe ag seandálaithe ar an oileán.

Bhí traidisiún láidir bainte ceilpe ar an oileán tráth. An teach mór gan díon, gar don trá – Teach na Ceilpe – ba ansin a dhéantaí an cheilp dhóite a mheá. Ansin d’íoctaí iad nó bhí deis acu luach na ceilpe a bhaint de chíos na talún. Ar ndóigh ba leis an tiarna talún, a chónaigh sa ‘Manor House’ an t-ioncam sin.

Dúradh liom go bhfuil an tionscal athnuaite arís ag díriú ar mhargadh na hEorpa agus na Seapáine. Agus go deimhin tá seachtar fostaithe anois sa ghnó ‘Islander Kelp’ a dhíolann bia atá déanta as feamainn. Feirmeoireacht feamainne atá i gceist anois, toisc go bhfásann siad an fheamainn ar rópaí amuigh domhain san fharraige.

Níl a fhios céard iad na hiontais atá le feiceáil ar an oileán seo –  tabhair leat do chuid gloiní fadradharcacha má thagann tú ar cuairt air. Agus ná téigh i muinín an rothair más suim leat na héin agus an t -ionad atá ag lucht na n-éan (RSPB) ann. Téigh ann ar an mbus agus téigh ar ais chuig an gcalafort de shiúl na gcos.

Bean as Cléire, Máire Ní Dhrisceoil atá i mbun an óstáin ansin – Manor House – agus is í freisin  atá i mbun an bháid fartha. Tá gach eolas ar an idirlíon, áit a gcaithfidh tú an bád agus an t-óstán, má tá sé uait, a chur in áirithe.

Agus beidh Máire i measc na ndaoine a bheas páirteach sa gcéad sraith eile de Beidh Aonach Amárach a bheas ag dul amach ar TG4 agus ar BBC i gceann roinnt míonna.

 

Fág freagra ar 'Téigh trí gheataí na staire ar oileán Reachlainn lán iontas'

  • Ruairí Ó Bléine

    In ár nóige sa Lorgain, Contae Ard Mhacha, ba é an scéal a bhíodh againn faoi barr na bpost a bheith ubhchruthach, gur bac iad in éadan na síoga bheith ag rinne orthu.