Dhá shiollabas Gaeilge don Teastas Sóisearach fógartha ach imní faoi ‘mickey-mouse-Gaeilge’ na hArdteiste

Sheol an tAire Oideachais Richard Bruton siollabas nua don Ghaeilge ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh inné agus deireadh curtha go hoifigiúil anois leis an scrúdú cainte roghnach

Dhá shiollabas Gaeilge don Teastas Sóisearach fógartha ach imní faoi ‘mickey-mouse-Gaeilge’ na hArdteiste

Richard Bruton TD. Pictiúr: Sam Boal/Rollingews.ie

Beidh dhá shiollabas Gaeilge ann don Teastas Sóisearach feasta, ceann amháin a dhíreoidh ar chainteoirí Gaeilge agus ceann eile a dhíreoidh ar fhoghlaimeoirí Gaeilge.

Sheol an tAire Oideachais Richard Bruton siollabas nua don Ghaeilge ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh i gColáiste Bríde i gCluain Dolcáin inné, ach tá imní léirithe ag saineolaithe sa ghaeloideachais faoi gan aon athrú a bheith déanta go fóill ar an gcur chuige ó thaobh na Gaeilge san Ardteist. Cé gur chuir Príomhfheidhmeannach COGG, Muireann Ní Mhóráin, fáilte roimh an bhfógra go raibh an dara siollabas le bheith ann don Ardteist, dúirt sí gur údar imní é an éiginnteacht a bhaineann go fóill le cás na Gaeilge san Ardteist.

“Is é a deirtear ná nuair atá an cur chuige nua seo neadaithe sna scoileanna go dtabharfar faoi athrbhreithniú ar an Ardteist féachaint le dhá shiollabas a chur ar fáil. Tiocfaidh na daltaí seo tríd in 2020 agus beidh cúrsaí níos dúshlánaí déanta ag dream amháin agus an chuma ar an scéal go rachaidh siad ar aghaidh chuig an gcúrsa [Ardteiste] atá ann, agus an cúrsa sin mí-oiriúnach. An imní a bheadh ann ag leibhéál na hArdteiste amach anseo ná go mbeidh ar scoileanna Gaeilge cúrsa níos dúshlánaí a dhéanamh gan aon bhuntáiste a fháil as, gan aon phointí breise a bheith ar fáil mar atá ann do mhata,” a dúirt Ní Mhóráin.

Agus an siollabas á sheoladh aige, dúirt an tAire Bruton go bhfuil “láidriú na Gaeilge” mar bhunsprioc ag an rialtas, agus go leagfar béim ar an nGaeilge labhartha.

Dúradh gur “athrú suntasach” atá sa siollabas nua ón gcur chuige a bhíodh in úsáid leis an nGaeilge a mhúineadh do dhaltaí sóisearacha in iarbhunscoileanna. Maíodh freisin go raibh na hathruithe ag teacht leis na spriocanna a leagtar amach sa bpolasaí oideachais Gaeltachta a seoladh an Fómhar seo caite.

“Cuirfear béim faoi leith ar an teanga labhartha sa tsonraíocht nua don Teastas Sóisearach. Cuirfear béim ar an nGaeilge mar theanga foghlama agus mar theanga chumarsáide sa seomra ranga agus cuirfear béim ar na scileanna a theastaíonn le labhairt le cainteoirí eile. Tá an chumarsáid, agus deiseanna d’úsáid na teanga agus d’idirghníomhaíocht, lárnach i dtascanna an tseomra ranga,” a dúirt an tAire.

Dúirt duine a bhíonn ag plé leis an oideachas Gaeilge ag leibhéal sinsearach  le Tuairisc.ie, áfach, go bhfuil “an-imní” ar mhúinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge faoi na himpleachtaí a bheidh ag an siollabas nua do scrúdú na hArdteistiméireachta.

“Creidtear mura mbíonn buntáiste le fáil ag daltaí as cúrsa níos dúshlánaí a dhéanamh, nach mbeidh daltaí sásta tabhairt faoi ná a dtuismitheoirí sásta tacaíocht a thabhairt dóibh.

“Beidh daltaí ag dul tríd an ábhar dúshlánach ag leibhéal an teastais shóisearaigh agus ag teacht ar aghaidh chuig Mickey Mouse Gaeilge san Ardteist ina dhiaidh,” a dúradh.

Tá deireadh curtha leis an scrúdú cainte roghnach a bhíodh ann don Teastas Sóisearach go dtí seo. Áiríodh an marc a fuarthas sa scrúdú sin mar chuid den mheasúnú stáit. Tá athrú tagtha air sin anois, áfach, agus is mar mheasúnú ranga a dhéanfar scileanna cainte a thástáil.

Beidh dhá mheasúnú rangbhunaithe i gceist leis an Teastas Sóisearach nua. Beidh an dá cheann le déanamh sa tríú bliain. Beidh an dara ceann bunaithe ar thasc/gníomhaíocht a bhaineann leis an teanga labhartha (drámaíocht, cur i láthair, agallamh, ról-imirt, comhrá). Déanfaidh an múinteoir an dá cheann acu a mheas le tuairiscí (‘thar barr ar fad,’ ‘os cionn na n-ionchas,’ ‘ag teacht leis na hionchais’, srl.)

Mhaígh an tAire Oideachais inniu gur mionlach de dhaltaí a thug faoin scrúdú cainte roghnach a bhíodh ann. Léiríodh i bhfigiúirí a fuair Tuairisc.ie ón Roinn Oideachais in 2015 gur 25% de dhaltaí a rinne an scrúdú sin in 2014 agus gur ag dul i méad a bhí líon na ndaltaí a bhí ag tabhairt faoi.

Léiríonn figiúirí nua a chuir Coimisiún na Scrúduithe Stáit ar fáil do Pheadar Tóibín, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, nár thug os cionn 50% de mheánscoileanna an deis do dhaltaí an scrúdú cainte a dhéanamh anuraidh.

De réir na bhfigiúirí sin, níor cuireadh an scrúdú ar fáil ach i 357 meánscoil de na 702 ceann atá sa stát.

Dúirt an tAire Bruton go raibh sé ag iarraidh “go labhródh níos mó daoine an Ghaeilge ar scoil, sa bhaile agus i measc a bpobal”.

“Sin an fáth a bhfuil muid ag cur béim i bhfad níos mó ar dhaoine a chur ag labhairt na Gaeilge, agus den chéad uair riamh, déanfar measúnú ar scileanna cainte gach dalta [ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh],” a dúirt Bruton.

 

Fág freagra ar 'Dhá shiollabas Gaeilge don Teastas Sóisearach fógartha ach imní faoi ‘mickey-mouse-Gaeilge’ na hArdteiste'

  • Mánus

    Beidh ar dhaltaí T1 sna Ghaelscholáistí agus iarbhunscoileanna atá cláraithe mar scoileanna Gaeltachta staidéar a dhéanamh urthu seo a leanas sa 2ú agus 3ú Bhliain: dhá úrscéal, dráma, deich ndán/ n-amhrán, dhá ghearrscéal agus dhá ghearrscannán ar a laghad. Faoi láthair sa chúrsa “Mickey Mouse” Ardteiste níl fiú leath an méid sin! Tá caighdeán na Gaeilge sna scoileanna tithe go mór mar gheall ar an siollabas Ardteiste atá dírithe go hiomlán ar foghlaimeóirí.
    Is maith an rud é go bhfuil caint ar chúrsa téagartha Ardteiste faoi leith dos na Gaelcholáistí; ach mura mbeidh poinntí breise CAO ar fáil ón chúrsa dhúshlánach is éagóír tromchúiseach a bheadh ann agus ni ghlacfadh tuistí ná daltaí leis sin. Tá dainséar mór ann go gcaillfidh an Gaeloideachas go leor daltaí dara leibhéal mar gheall ar seo.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    “Cuirfear béim ar an nGaeilge mar theanga foghlama agus mar theanga chumarsáide sa seomra ranga agus cuirfear béim ar na scileanna a theastaíonn le labhairt le cainteoirí eile. Tá an chumarsáid, agus deiseanna d’úsáid na teanga agus d’idirghníomhaíocht, lárnach i dtascanna an tseomra ranga,” a dúirt an tAire.

    An bhfuil sin ag maíomh go mbeidh an Ghaeilg, mar ábhar teagaisc, á theagasc go hiomlán trí mheán na Gaeilge in achan ceann de na 702 iarbhunscoil/meánscoil sa stát? Tá a fhios againn go maith go ndéantar an ábhar seo a theagasc trí mheán an Bhéarla sna scoltacha sin nach Gaelscoileanna/scoltacha Gaeltachta iad.

    ‘Beidh an dara ceann bunaithe ar thasc/gníomhaíocht a bhaineann leis an teanga labhartha (drámaíocht, cur i láthair, agallamh, ról-imirt, comhrá).’

    B’fhéidir gur bhfiú do dhaltaí an fhéiniúlacht agus féinmhúinín a fhoghlaim leis an drámaíocht agus an ról-imirt? Foghlaim fán bhrú Béarla a tharlaíonn sa tír seo. Foghlaim fán Ghaeilg a labhairt le strainséirí – is cuma cá háit sa tír a bhíonn siad. Foghlaim fá cloí le labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht, fiú má leanann ‘muintir na Gaeltachta’ ag labhairt i mBéarla leo. Foghlaim fán Ghaeilg a úsáid agus iad ag déanamh teagmháil leis an stát – achan rannóg stáit – agus iad ag déanamh teagmháil le scoltacha eile, agus le hionadaithe poiblí/polaiteoirí.

    An mbeidh an siollabas is dúshlánaí (dírithe ar ‘chainteoirí Gaeilge’) éigeantach sa Ghaeltacht?

    An bhfuil Gaeilg ar bith le feiceáil sna meánscoltacha ar fud na tíre seo? An bhfuil comharthaíocht dátheangach (taobh istigh agus taobh amuigh) acu siúd atá suite taobh amuigh den Ghaeltacht? Agus comharthaíocht go hiomlán i nGaeilg ag Gaelscoileanna agus scoltacha Gaeltachta? Caidé fá ainm na scoile? Seoladh na scoile? Ainmneacha na múinteoirí? Páipéarachas agus riarachán? Cáipéisí oifigiúla? Fógraí a fhógraítear ar challairí? Má thagann aoíchainteoirí go dtí’n scoil an spreagann siad na daltaí leis an Ghaeilg a labhairt agus a úsáid taobh amuigh den seomra ranga? (Uachtarán na hÉireann??)

    Tábhachtach agus riachtanach a leithéid bheith ann don Ardteist chomh maith.

    Agus, ar ndóighe, bhfiú don Aire Oideachais féin beart a dhéanamh de réir a bhriathar agus iarracht a dhéanamh an Ghaeilg a fhoghlaim fosta. Mo náire é!