Ach oiread leis na milliúin duine ar fud na cruinne, ní bhfuair mé tástáil nuair a bhí siomptóim uile an Covid-19 orm ag deireadh mhí na Bealtaine; bhí mé róthinn le bogadh amach as an teach le dul ar thóir tástála, ach ní raibh mé tinn mo dhóthain, ar ámharaí an tsaoil, le go mbeadh orm glaoch a chur ar otharcharr.
Breis fianaise gurbh é an Covid-19 a bhí orm dáiríre an t-am sin ná go bhfuil na hiarmhairtí a luaitear leis an ngalar sin orm anois, breis agus trí mhí níos déanaí.
Tar éis an drochbhabhta tinnis ag deireadh mhí na Bealtaine agus i dtús mhí an Mheithimh bhí mé nach mór ar mo sheanléim arís i mí Iúil agus i mí Lúnasa, ach le trí seachtaine anuas nílim ag codladh i gceart agus níl blas agus boladh thar mholadh beirte arís ach oiread.
Caithim an oíche ag tabhairt aníos spútaim, dúisím agus teocht bheag orm agus gan neart ar bith ionam.
Tagann feabhas ar chúrsaí i rith na maidine agus in amanna measaim nach bhfuil a dhath ag cur as dom, ach ansin, gan choinne, ní bhíonn fuinneamh ar bith fágtha agam agus bíonn orm luí síos ar feadh leathuair an chloig.
Is ea, crá croí ceart é an Covid-19 seo. Ach nílim ag géilleadh dó. Déanaim mo chuid oibre. Déanaim mo chuid siopadóireachta. Téim chuig an ionad aclaíochta, masc ar m’aghaidh agus buidéal den ghlóthach alcóil i mo ghlac, agus ardaím na meáchain atá mé in ann a ardú – thart ar dhá thrian den mheáchan a bhínn in ann a ardú fadó fadó, roimh an bpaindéim.
Glacaim leis gur iarmhairtí an ghalair atá orm seachas an galar féin agus nach baol rómhór do dhaoine eile mé. Tréimhse thógálachta 7-12 lá atá luaite leis an ngalar agus tá breis agus trí mhí ann ó bhí sé orm (ach ar ndóigh, ní bhfuair mé tástáil).
Ach an dianghlasáil? Tá mé réidh léi.
Teastaíonn teagmháil shóisialta uaim mar a theastaíonn aer, uisce agus bia uaim. Beidh mo shláinte mheabhrach i mbaol má choinním orm ag coinneáil amach ó dhaoine eile. Agus gan mo shláinte mheabhrach agam, cén chaoi faoin spéir a bhfuil mé ceaptha an lámh in uachtar a fháil ar iarmhairtí fisiciúla an diabhal galair seo?
Ní hé an spútam a bhíonn á thabhairt aníos agam an t-aon rud amháin a thagann idir mé agus codladh na hoíche. Bíonn fearg orm freisin. Fearg leo siúd nach gcloíonn leis na beartais in aghaidh an choróinvíris – ach chomh maith, leo siúd a iarrann orainn cloí leo. Rith sé liom, ceann de na hoícheanta seo agus mé ag tiontú ó thaobh go taobh sa leaba, nár chuala mé oiread agus ‘go raibh maith agat’ riamh ó sheanduine nó ó dhuine eile sna grúpaí is mó atá i mbaol ón ngalar.
A mhalairt, is í an tuairim go bhfuiltear i dteideal na n-íobairtí ollmhóra atá á ndéanamh ag an tsochaí dóibh (agus gur drochdhuine gan chroí éinne a cheisteodh an tuairim chéanna) a bhíonn in airde.
Crá croí ceart atá sa Covid-19, is mise atá á rá leat. Ach de réir mar a leanann céasadh na ndianbheartas agus na ndíospóireachtaí ina dtaobh ar aghaidh táim ag teacht ar an tuairim gur measa na hiarrachtaí leathbhruite an galar a chosc ná an Covid-19 féin.
Séamus Caomhánach
A Alex,
Tá súil agam go mbeidh tú ar do shean léim arís go luath.Taitníonn d’ailt go mór liom.
Fan slán!