Teastaíonn duine éigin chun slacht a chur ar obair na Roinne Sláinte

An é Robert Watt slánaitheoir na Roinne Sláinte, nó an mbeidh na fadhbanna céanna againn faoi cheann cúig bliana?

Teastaíonn duine éigin chun slacht a chur ar obair na Roinne Sláinte

Robert Watt. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tugadh chun críche an tseachtain seo an próiseas le Robert Watt a cheapadh go buan mar Ard-Rúnaí ar an Roinn Sláinte. Tá aird ar a cheapachán le tamall anois mar gheall ar an ardú pá €81,000 a fuair sé as aistriú ón Roinn Caiteachais Phoiblí. Agus an ceapachán á dhearbhú Dé Máirt dúradh nach bhfuil sé ag glacadh leis an ardú pá sin faoi láthair mar gheall ar an ngéarchéim ina bhfuil geilleagar na tíre. Má chuireann muid ceist an airgid i leataobh ar feadh tamaill tá sé spéisiúil breathnú ar an bpolaitíocht a bhaineann leis an scéal seo ar fad.

Ní raibh an Roinn Sláinte ná na foirne éagsúla a oibríonn taobh istigh den roinn chomh feiceálach riamh mar gheall ar an ngéarchéim sláinte. Mar sin féin, tá os cionn bliain de phreasócáidí agus de sheisiúin eolais curtha dínn againn agus gan amharc ar Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte. Tá aithne curtha againn ar fad ar Phríomh-Oifigeach Leighis na tíre Tony Holohan agus an Leas-Príomhoifigeach Ronan Glynn. Tá ainmneacha na bpríomhoifigeach i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar bharr a ngoib againn, leithéidí Paul Reid agus Colm Henry.

Agus ar ndóigh tá muid ag éisteacht le caint agus cur agus cúiteamh chuile lá faoin Aire Sláinte Stephen Donnelly. Is lena cháineadh a labhraítear air go minic agus bíonn an chuma ar chúrsaí go rialta go bhfuil easpa treorach air féin agus a roinn.  Tá tuairiscí forleathan faoin teannas sa Roinn agus an sárú idir dochtúirí agus polaiteoirí.

An bhfuil an iomarca ceannairí agus gan aon stiúir orthu sa roinn faoi láthair? An chuige sin a theastaíonn Robert Watt?  An dteastaíonn státseirbhíseach a thabhairt isteach le comhréiteach agus comhaontú a dhéanamh idir na polaiteoirí agus na dochtúirí? Tá an tréimhse is déine i láimhseáil an choróinvíris romhainn go fóill. Níl an chothromaíocht idir comhairle na ndochtúirí faoi shrianta agus dáileadh vacsaíní agus dearcadh an phobail agus go leor polaiteoirí go dteastaíonn an tír a athoscailt aimsithe go fóill. Is eacnamaí aitheanta é Watt, freisin, rud a chuideoidh leis san obair a bheidh le déanamh sa bhfadtéarma ar fheidhmiú na Roinne Sláinte.

Tá an córas sláinte, a bhfuil moill bliana curtha air de bharr na géarchéime sláinte, le cur ag obair in athuair. Vacsaín nó gan vacsaín beidh an víreas linn i gcónaí. Is léir faoi láthair go bhfuil coimhlint idir na dochtúirí agus na polaiteoirí. Is léir freisin go dteastaíonn duine a chur i bhfeighil na Roinne Sláinte nach bhfuil aon dáimh ar leith aige le ceachtar dream. Nuair a bunaíodh an córas státseirbhíse atá againn le linn riail na Breataine ba í an aidhm a bhí le hArd-Rúnaí Roinne ná a bheith meáite agus stuama. Níor ghá riamh go mbeadh saineolas ag an duine sin ar an obair a bhí faoi chúram na Roinne. Níor theastaigh dochtúir sa Roinn Sláinte ná múinteoir sa Roinn Oideachais.

Teastaíonn duine atá in ann na gnéithe éagsúla den obair a stiúradh agus a riaradh.

An é Robert Watt an duine sin? Is léir go gcreideann an rialtas gurb é.  An mbeidh ar a chumas cuidiú leis an Aire an breithiúnas is fearr a dhéanamh faoi na comhairlí éagsúla a bheidh ag teacht ina threo? Nó an mbeidh muid fós faoi cheann bliana nó cúig bliana ag fáil caidéis do mhí-éifeacht na Roinne Sláinte?

Fág freagra ar 'Teastaíonn duine éigin chun slacht a chur ar obair na Roinne Sláinte'