Bhí an lá inniu marbhánta meirbh i gcuid mhór den tír, an teocht sna fichidí agus leoithne éadrom in áiteanna. Mar a bhí á thuar ag Met Éireann rinne sé corr-ráig throm bháistí san iarthar agus lár tíre san iarnóin.
Tá rabhadh buí toirní eisithe don tráthnóna agus é i bhfeidhm go dtí a 9.00pm anocht. Baineann an rabhadh seo leis an leath thiar den tír ar fad – Connachta, Ciarraí, an Clár, Luimneach, Tiobraid Árann, Cill Dara, An Iarmhí, an Mhí, Laois, Longfort, Uíbh Fhailí agus Dún na nGall.
Beidh sé meirbh arís anocht agus ceathanna troma toirní sna iarthar i dtús na hoíche. Beidh an chuid eile den tír tirim agus an spéir glan, gaoth luaineach éadrom anoir agus an teocht idir 13 agus 16 céim Celsius.
Brothall atá geallta dúinn arís amárach agus an teocht idir 22 agus 27 céim Celsius. Beidh fuarú beag le cósta agus an ghaoth anoir aneas. Leis an tráthnóna díle bháistí agus toirneach atá á dtuar, go háirithe san iarthar. Cuirtear fainic ar thiománaithe go bhféadfadh fuarlaigh a bheith ar bhóithre agus a bheith ar a n-airdeall.
Beidh an oíche amárach bog agus an teocht idir 12 agus 15 céim agus an leoithne éadrom anois aneas. Deirtear linn go dtriomóidh sé san iarthar le titim na hoíche agus go mbeidh sé tirim ach go bhféadfadh paistí ceo agus ceobhráin a bheith thart.
Beidh an teaspach fós linn Déardaoin ach d’fhéadfadh ceathanna a bheith ina theannta. Amach sa lá d’fhéadfadh na ceathanna sin a bheith trom toirniúil, go háirithe lár tíre agus sa taobh thiar den tír. Beidh an teocht idir 22 agus 26 céim Celsius agus gan smeámh as an aer agus gan d’fhuarú le fáil ach le cósta áit a bhféadfadh leoithne na farraige faoiseamh beag a thabhairt.
Táthar ag tuar múraíl sa deisceart oíche Déardaoin agus scaipfidh an fhearthainn sin suas faoin tír ar an Aoine agus d’fhéadfadh múraíl toirní a bheith in áiteanna. Ní bheidh an teocht chomh hard agus gaoth mheasartha anoir aneas chugainn.
Fág freagra ar 'Teaspach is toirneach geallta dúinn'