Teaspach ag an deireadh seachtaine agus 23 céim Celsius teochta á thuar

Deir Met Éireann gurb é an t-ardbhrú a bheidh fós ina mháistir ar an aimsir rud a fhágfaidh séimh agus tirim í agus scaití breátha gréine againn

Teaspach ag an deireadh seachtaine agus 23 céim Celsius teochta á thuar

Tá teas i ndán don tír seo ag an deireadh seachtaine agus é á thuar go bhféadfadh 22 céim Celsius a bheith i gcuid mhór den tír ar an Domhnach ach go bhféadfadh sé a bheith céim níos teo i gCiarraí.

Deir Met Éireann gurb é an t-ardbhrú seo a bheidh ina mháistir ar an aimsir rud a fhágfaidh séimh agus tirim í.

Beidh sé tirim i bhformhór na tíre inniu agus scaití breátha gréine ann. San iarthuaisceart is scamallaí a bheidh agus d’fhéadfadh corrbhrádán báistí nó salachar báistí a bheith ansin. Idir 15 agus 19 céim is teo a bheidh sé sa leath ó thuaidh den tír ach beidh sé níos boige ó dheas mar a bhfuil idir 19 agus 23 céim á thuar. Gaoth bhog nó mheasartha aduaidh a bheidh againn.

Beidh an oíche anocht tirim agus tréimhsí fada glana againn agus an teocht idir 5 agus 10 gcéim Celsius. In Ulaidh is fionnuaire a bheidh sé a bhuíochas do ghaoth bhog aduaidh nó anoir aduaidh.

Tirim atá an Aoine á gealladh chomh maith agus tréimhsí breátha gréine agus an teocht idir 18 agus 22  den chuid is mó. Beidh sé níos fionnuaire le cósta agus gaoth éadrom anoir a bheidh ann ach d’fhéadfadh sí a bheith luaineach. Tirim glan a ghealltar oíche Dé hAoine freisin. Ceaptar gur idir 6 chéim agus 11 céim a bheidh teocht na hoíche agus an spéir glan tamaill go leor. Leoithne luaineach anoir a bheidh ann ach gan smeámh ann uaireanta.
Tá chuile chosúlacht ar an aimsir faoi láthair go bhfanfaidh sé tirim don Satharn agus an Domhnach agus go mbeidh tréimhsí breátha gréine againn.

Mar is dual d’oileán beidh sé scamallach scaití agus d’fhéadfadh corrbhrádán nó ceobhráin a bheith in áiteanna. Leoithne éadrom atá geallta agus an teocht is airde idir 18-22 céim Celsius.
Fanfaidh an t-ardbhrú seo linn an chuid is mó den tseachtain seo chugainn agus is beag athrú atá á thuar ar an aimsir. Teocht sna fichidí beaga nó na déaga arda atá á tuar agus gan ach gaoth lag ag séideadh.

Fág freagra ar 'Teaspach ag an deireadh seachtaine agus 23 céim Celsius teochta á thuar'