Teas is grian á dtuar don deireadh seachtaine saoire bainc

An t-ardbhrú atá seadaithe siar ó thuaidh uainn is cosúil gur beag corraí a dhéanfaidh sé as seo go ceann seachtaine

Teas is grian á dtuar don deireadh seachtaine saoire bainc

Beidh teas is grian againn agus an teocht ard sna déaga nó sna fichidí beaga as seo go ceann seachtaine.

An t-ardbhrú atá seadaithe siar ó thuaidh uainn is cosúil gur beag corraí a dhéanfaidh sé sna laethanta amach romhainn, rud a fhágfaidh dea-aimsir againn.

Lá te tirim gréine atá á ghealladh dúinn inniu agus an teocht is airde idir 20 agus 24 céim Celsius in iarthar na tíre.

A bhuíochas don leoithne mheasartha anoir nó anoir aduaidh beidh sé beagán níos fionnuaire leis an gcósta thoir.

Teas, triomach agus grian a bheas againn arís amárach, Dé Céadaoin, agus an teocht idir 18 agus 24 céim Celsius. Amhail an lá inniu beidh sé níos fionnuaire sa taobh thoir den tír, an teocht idir 15-17 céim Celsius agus gaoth mheasartha anoir aduaidh ag tabhairt fuarú beag léi.
Oíche ghlan thirim atá á tuar don Chéadaoin agus an teocht idir 8 agus 12 céim agus an leoithne éadrom gaoithe fós anoir aduaidh chugainn.

Níl aon athrú á thuar don Déardaoin ach oiread agus grian, teas agus triomach á ngealladh dúinn agus an teocht is airde idir 18 agus 24 céim. Beidh fuarú beag i gcónaí leis an gcósta thoir agus leoithne mheasartha anoir chucu.

Idir 9 agus 13 céim Celsius is fuaire a bheidh sé oíche Déardaoin agus an spéir glan agus leoithne éadrom anoir ag séideadh.

Beidh sé te tirim i gcuid mhaith den tír ar an Aoine ach beidh an spéir níos scamallaí sa gcuid thuaidh den tír. Beidh sé breá te sa gcuid thiar den tír agus an teocht idir 21 agus 24 céim ach níl ach 14 céim á thuar don chósta thoir agus leoithne mheasartha anoir ann agus thart ar 19 céim a ghealltar lár tíre.

Tá an chosúlacht air faoi láthair go bhfanfaidh an t-ardbhrú seo linn don deireadh seachtaine saoire bainc, rud a d’fhágfadh an uain go haoibhinn do dhream na saoire, tirim, grianmhar agus an teocht ag tarraingt ar 20 céim nó beagán os a chionn.

Mar atá á thuar don tseachtain seo uilig is cosúil gur leis an gcósta thiar is teo a bheidh an deireadh seachtaine, mar a bhféadfadh an teocht a bheith i lár na bhfichidí mura dtagann aon athrú gan choinne.

Fág freagra ar 'Teas is grian á dtuar don deireadh seachtaine saoire bainc'