‘Tá tearmann slán sábháilte ag Al-Queda san Afganastáin inniu’ – toscaire speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe

Tá cáineadh déanta ag Fionnuala Ní Aoláin as Gaeltacht Chonamara ar Uachtarán Mheiriceá as tarraingt amach as an Afganastáin ‘gan phlean’ agus ‘gan chosaint’ do mhuintir na háite

‘Tá tearmann slán sábháilte ag Al-Queda san Afganastáin inniu’ – toscaire speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe

Tá cáineadh géar déanta ag Toscaire Speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe ar Uachtarán Mheiriceá, Joe Biden as an “fhaillí” atá déanta aige ar mhuintir na hAfganastáine.

Ag labhairt di ar an chlár Adhmhaidin ar RnaG ar maidin, dúirt Fionnuala Ní Aoláin, Toscaire Speisialta ar Chearta an Duine agus Frith-sceimhlitheoireacht de chuid na Náisiún Aontaithe, go bhféadfadh sé gur “Saigon eile” a bheidh san Afganastáin agus gur gá cosaint a thabhairt do ghnáthmhuintir na tíre sin, “mná agus páistí” go mórmhór.

“Tá eolas ag teacht isteach cheana féin chuig na saineolaithe ag na Náisiúin Aontaithe faoi cad atá tarlaithe, go háirithe do na mná, sna cúigí ar thóg an Taliban seilbh orthu le seachtain anuas. Tá siad ag coinneáil mná sa bhaile agus tá brú ar gach leibhéal sonrach.

“Sa bpost atá agam…is féidir liom a rá go bhfuil Al-Queda slán sábháilte san Afganastáin inniu agus tá siad ag ceiliúradh faoin méid a tharla le seachtain anuas mar go dtuigeann siad gur féidir leo ionsaí eile a dhéanamh ar an domhan,” a dúirt sí.

Dúirt Ní Aoláin, Ollamh le Dlí agus Cearta an Duine in Ollscoil Minnesota, go dteastaíonn “gníomh idirnáisiúnta” le cearta daonna mhuintir na hAfganastáine a chosaint.

“Tá sé de dhualgas ar an domhan uilig seasamh suas don tír seo. Tá sé mar dhualgas orainn théis fiche bliain a rá nach bhfuil muid chun cur suas le grúpa leis an chineál idéalachais seo, leis na hionsaithe agus an damáiste a dhéanann siad agus nach bhfuil muid sásta glacadh leo mar rialtas don Afganastáin.”

Cháin Ní Aoláin Uachtarán Mheiriceá, Joe Biden, as tarraingt amach as an Afganastáin “gan phlean” agus “gan cosaint” a thabhairt do mhuintir na hAfganastáine agus do na fórsaí eile a thacaigh leo.

Mairfidh na focail ó bhéal Joe Biden faoi shlándáil Mheiriceá “mar ábhar náire”, a dúirt sí.

“Tá siad ag iarraidh an milleán a chur Donald Trump faoi céard a tharla le cúpla seachtain anuas ach baineann seo le Joe Biden.

“Tusa [Biden] a rinne an cinneadh daoine a tharraingt amach, sibh féin a tharraingt amach gan phlean, gan aire ná cosaint a thabhairt do dhaoine, fiú amháin na daoine a thug tacaíocht duit ó thaobh cúrsaí armtha agus míleata de, d’fhág tú iad.”

Dúirt Ní Aoláin go raibh “dualgas” ar thír a dhéanann ionsaí ar thír eile cosaint a thabhairt don chosmhuintir nuair a fhágann siad, ach gur fhág fórsaí Mheiriceá gan “glanadh suas ina ndiaidh”.

Tá ábhar “seimineáir” ann, a dúirt sí, faoi na botúin a rinne na Stáit Aontaithe san Afganastáin le fiche bliain anuas.

Dúirt Ní Aoláin, go raibh “suíochán an-tábhachtach” ag Éirinn ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus “cumhacht áirithe” againn tionchar a imirt ar céard a tharlóidh amach anseo.

Caithfear a chinntiú go gcuirfear an rialtas nua san Afganastáin i bhfeidhm “fríd phróiseas daonlathach” agus tacaíocht a thabhairt dó, a dúirt sí.

“Caithfidh gach tír na doirse a oscailt agus glacadh le daoine atá ag iarraidh éalú ón Afganastáin,” arsa Fionnuala Ní Aoláin.

Fág freagra ar '‘Tá tearmann slán sábháilte ag Al-Queda san Afganastáin inniu’ – toscaire speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe'