Téarmaí Agus Coinníollacha

Is é Tuairisc Bheo Teoranta a sholáthraíonn www.tuairisc.ie.

Trí chuairt a thabhairt ar www.tuairisc.ie, glacann tú leis na Téarmaí agus na Coinníollacha atá foilsithe anseo.

Mura bhfuil tú sásta glacadh leis na Téarmaí agus Coinníolacha seo, is ceart duit www.tuairisc.ie a fhágáil láithreach.

Is ceart do lucht úsáidte www.tuairisc.ie atá faoi bhun 16 bliana cead a fháil óna dtuismitheoirí nó a múinteoirí cuairt a thabhairt ar an suíomh seo.

Cóipcheart

Tá cóipcheart ag Tuairisc Bheo Teo. ar ábhar an tsuímh seo. Gan cead i scríbhinn a fháil roimhré, ní cheadaítear duit aon ábhar ar Tuairisc.ie a chóipeáil, a íoslódáil, a atáirgeadh, a chur i gcartlann, a aistriú, a fhoilsiú, a chraoladh nó a dhíol.

Is le haghaidh úsáid phearsanta amháin a chuirtear ábhar www.tuairisc.ie ar fáil duit agus níl cead ábhar an tsuímh seo a úsáid chun críoch tráchtála.

Fóraim Phoiblí

Trí ghlacadh leis na Téarmaí agus Coinníolacha seo, aontaíonn tú gur teachtaireachtaí/tráchtanna poiblí aon teachtaireachtaí/tráchtanna a chuirtear in airde ar aon fhóram poiblí ar www.tuairisc.ie.

Níl Tuairisc Bheo Teo. freagrach as cruinneas aon teachtaireachtaí/tráchtanna a fhoilsítear ar fhóraim atá oscailte don phobal ar an suíomh seo. Tá de cheart ag Tuairisc Bheo Teo. eagarthóireacht a dhéanamh ar aon trácht ón bpobal a fhoilsítear anseo agus tá de cheart againn chomh maith aon trácht dá leithéid a bhaint den suíomh má mheastar gur gá sin.

Naisc chuig suíomhanna eile

Níl Tuairisc Bheo Teo freagrach as ábhar nó cleachtais aon suíomh idirlín eile seachas www.tuairisc.ie fiú sa chás go bhfuil nasc foilsithe ar an suíomh idirlín chuig suíomh eile. Is mar áis duit amháin a chuirtear naisc chuig suíomhanna eile ar fáil ar www.tuairisc.ie agus ní hionann foilsiú na nasc sin agus aontú nó tacú le hábhar na suíomhanna sin.