Téann Martin Hayes go croí an cheoil

Is beag a chuireann ealaíontóir as cor, go mór mór an t-ealaíontóir maith

Téann Martin Hayes go croí an cheoil

Ar cheann de na bronntanais a fuair mé i gcomhair mo lae breithe le gairid bhí an leabhar Shared Notes a scríobh an veidhleadóir Martin Hayes agus a d’fhoilsigh Transworld Publishers Ltd.

Tá bá faoi leith agamsa agus ag mo bhean chéile Treasa le Martin Hayes ón am ar casadh dhúinn in West Virginia i Meiriceá é. Comhdháil mhór a bhí ar bun ansin ag an am dar teideal Reimagining Ireland. Tugadh léachtaí thar a bheith léannta ann agus bhíodh coirmeacha spreagúla ceoil acu san oíche.

Bhí mise ar phainéal a bhí ag trácht ar an nGaeltacht agus ar an nGaeilge. Ba í an Dr Aingeal De Búrca a thug cuireadh dhom a dhul ann.

Ar an bpainéal in éineacht liom bhí Aodán Mac Póilín, Pádhraic Ó Ciardha agus Cathal Ó Searcaigh.

Cuireadh an-spéis sa méid a bhí le rá againn. Go deimhin ba é an seisiún sin againne an dara seisiún ba mhó a ndearnadh freastal air. Seisiún dar teideal ‘Celtic Spirituality’ a bhí sa gcéad áit.

Sular thosaigh ceolchoirm oíche amháin tháinig Martin Hayes anall chugamsa agus chuig Treasa gur fhiafraigh sé dínn an bhféadfadh sé suí in aice linn le linn na coirme. Dúirt muid leis gur mhór an onóir dhúinn go suífeadh.

Bhí tamall comhrá againn leis ina dhiaidh sin. Labhair sé ar Chontae an Chláir agus ar stíl cheoil oirthear an Chláir. Dúirt sé go raibh sé tagtha sa saol go raibh ceoltóirí as áiteacha chomh fada ó bhaile leis an tSeapáin ag teacht ar thóir na stíle sin.

Tá an-chur síos ag Martin sa leabhar ar an gcúlra as ar fáisceadh é. Veidhleadóir den scoth a bhí ina athair P.J. Hayes. Bhíodh ceoltóirí maithe sa teach acu go minic.

Bhí an-tionchar ag Banna Ceoil na Tulaí air. Bhíodh a athair ag ceol leo agus tháinig an lá a raibh sé féin ag casadh leo.

Bíodh is gur thar lear is mó ar fad atá cónaí air anois tá a chroí i gcónaí sa gceantar inar tógadh é.

Tá tagairt déanta aige do Loch Gréine. Mar a dúirt Merriman sa dán Cúirt an Mheán Oíche, ‘do ghealadh mo chroí nuair a chínn Loch Gréine, an talamh an tír is íor na spéire’.

Tá an-bhéim curtha ag Martin sa leabhar ar a thábhachtaí is atá sé nach mbeadh ceoltóir ag brath ar theicníocht amháin. Mura bhfuil brí agus mothúchán, nádúr agus croí sa gceol, is ceol gan mórán meáchain é, a dúirt sé.

Chuir sin i gcuimhne dhomsa an t-am a mbínn ag craoladh cláracha ceoil ar Raidió na Gaeltachta. Uair ar bith a ndéanainn dearmad faoi phort nó faoi cheoltóir chuireadh an boscadóir cumasach P.J. Ó hIarnáin as Roisín na Mainiach glaoch teileafóin orm do mo cheartú go séimh muinteartha.

Lá amháin chuir mé formán ceoil amach leis na Cajuns as Louisiana. Ní thaitneoidh an ceol seo le P.J. arsa mise liom féin. Is gearr anois go dtiocfaidh glaoch uaidh.

Tháinig freisin : ‘An bhfuil a fhios agat an ceol sin leis na Cajuns a bhí agat,’ ar seisean, ‘is diabhlaí breá an ceol é. Tá an-chroí ann.’

Pointe eile atá ag Martin Hayes sa leabhar is ea gur deacair do cheoltóir brí an cheoil a chur i láthair i stiúideo. Fuair mé sampla maith de sin freisin le linn dom a bheith ag obair i Raidió na Gaeltachta.

Boscadóir maith eile as Roisín na Mainiach, Mícheál De Búrca, a bhí istigh sa stiúideo agam. Tar éis beagán comhrá chas sé port dom. D’éirigh sé de léim den chathaoir ansin agus é ar intinn aige siúl amach an doras.

‘Níor chuir mé caoi na muice ar an bport sin,’ a dúirt sé.

Mheabhraigh mise dó gur mhinic cheana a chas sé go poiblí in Éirinn agus i Sasana.

‘Sea,’ a dúirt sé, ‘ach ní hionann sin agus a bheith ag casadh leat féin i stiúideo.’

D’iarr mise air éisteacht ar ais leis an taifeadadh agus nuair a cheap sé nach raibh sé chomh dona agus a shíl sé i dtosach chas sé cúpla port eile gan stró ar bith.

Is beag a chuireann ealaíontóir as cor, go mór mór an t-ealaíontóir maith.

Fiú amháin mura bhfuil nóta ceoil i do cheann bainfidh tú sásamh as an leabhar seo. Cuntas breá daonna, soléite atá tugtha ag Martin Hayes ó thús go deireadh.

Fág freagra ar 'Téann Martin Hayes go croí an cheoil'