Téann an fhoighne glan in aghaidh nádúr na peile Gaelaí agus tá rud éigin á chailliúint againn ceal fuadair

Téann an fhoighne glan in aghaidh nádúr na peile Gaelaí agus tá rud éigin á chailliúint againn ceal fuadair

Téann an fhoighne glan in aghaidh nádúr na peile Gaelaí agus tá rud éigin á chailliúint againn ceal fuadair

Emmett Bradley agus Brendan Cole. Pictiur: INPHO/Ryan Byrne

Is mór é luach na foighne i gCúige Uladh. Ná bac leis an gceithre bliana fichead a thóg sé orthu a gcéad chraobh eile a bhuachtaint, ná go gcuathas go ham breise, ba léir ós na gothaí ón dá champa roimis an chluiche ná beadh aoinne ag súil le caid oscailte ná le himirt a thaitneodh leo siúd a bhí á fhaire. Ní dóigh liom go bhfuil lucht caomhnaithe an traidisiúin (pé hiad féin) ag súil nach n-athródh an cluiche ó bhliain go bliain ach tá claochló iomlán tagtha ar an gcur chuige ó bhuaigh Joe Brolly agus a chriú ar Dhún na nGall i 1998.

Tá feabhas as cuimse tagtha ar mhórán gnéithe den imirt sa mhéid is go bhfuil leibhéal ard aclaíochta á léiriú ag an uile imreoir anois, go bhfuil níos lú botúin á ndéanamh agus go bhfuil gach aon ghluaiseacht tomhaiste, meáite agus cleachtaithe go dtí go bhfaightear máistreacht. Más mar sin atá, áfach, tabhair thar n-ais an seanashaol. B’fhearr de thaitneamh súl a bhí in leithéidí Geoffrey McGonigle agus a thóin leathan (tóin, a dúirt Joe Brolly a bhí ar nós mála suiminte!) ná mar atá i slatairí lúfara an lae inniu. B’fhearr an tsiamsaíocht a bhí ann don lucht leanúna nuair a deintí botúin agus nuair a ceadaíodh, leis, iad.

Agus maidir leis an gcleachtadh a deintear ar ghluaiseachtaí, b’fhearr de sheó a bhí ann nuair a scaoiltí gluaiseachtaí le seans agus nuair a buailtí nótaí, mar a dheineadh Miles Davis, de phreib agus gan choinne. D’imigh san is tháinig seo. Meascán d’fhoighne agus fuadar is ea na haon ghluaiseacht chaide anois, geall leis. Téann an fhoighne glan in aghaidh nádúr na peile Gaelaí agus tá rud éigin á chailliúint againn ceal fuadair.   

Matthew Tierney le Niall Daly. Pictiúr:INPHO/Ben Brady

I gCúige Chonnacht, bhí éachtaint uair amháin eile i mbliana ar luach an chic amach fhada seachas na rudaí gearra coimeádacha. Nuair atá an imirt ina teas agus ciceanna amach ón dá thaobh á bhfáscadh agus á múchadh, níl aon locht ar an gcic amach fada má théitear go fíochmhar is go diongbháilte ar thóir na seilbhe ón gcaid sciorrtha. Siar go dtí’n mbliain 1998 arís agus Martin McNamara na Gaillimhe ar dhuine des na chéad bháideoirí a bhíodh ag lorg an cic amach gearr.

Bhí nuálaíocht ag baint leis ag an am agus ní mór an aithris a deineadh air. Le deich mbliana anuas áfach, tá báideoirí luite amach orthu féin ag iarraidh seilbh a choimeád óna gcic amach agus iad ag iarraidh an léasadh a sheachaint ó lucht na staitisticí is an áirimh. Tá béim i bhfad níos mó anois ar an gcic amach fada thairis an tranglam i lár a’ gharraí agus tá luach i bhfad níos mó leis má bhuaitear seilbh na caide i bhfad ón mbáide. Thuig Connor Gleeson na Gaillimhe é sin níos fearr ná Colm Lavin Ros Comáin inné agus sara mbeidh an bhliain istigh, beidh seifteanna á gceapadh chun teacht i dtír ar an dtuiscint nua seo.

Dúirt Johann Cryuff faoin sacar fadó go bhfuil an cluiche féin simplí ach gurb í an rud is deacra le déanamh ná cluiche simplí a imirt. Is amhlaidh don gcaid chomh maith. Thuig an Ghaillimh é seo luath go maith i mBóthar na Trá inné. Bunaithe ar chúl déanach Dhiarmuid Murtagh, tháinig an tuiscint sin mós déanach do Ros Comáin.

Brian Fenton. Pictiúr:INPHO/Ryan Byrne

Is mairg a bhíonn thíos ar an gcéad bhearnain in aghaidh na Dubs i gCúige Laighean. Bhí an díobháil déanta sara ndúisigh Cill Dara i bPáirc a’ Chrócaigh Dé Sathairn. Bhí sé cloiste i bpóirsí áirithe agam go raibh conach ceart ar imreoirí Átha Cliath toisc, dar leo, go raibh fógra a n-éaga á scríobh i bhfad róluath agus go raibh i bhfad níos fearr ná san tuillte acu.

Chuireadar a suan sraithe díobh go paiteanta is go pras sa chéad leath Dé Sathairn agus thugadar taispeántas a bhí breac le brí, le hanam is le gomh. Caithfear féachaint trí shúile eile ar fad ar thaispeántas Chill Dara, áfach. Ní fhéadfaidís bheith chomh soineanta san, an bhféadfadh? Pé ní é, tá dhá chraobh Laighean déag as a chéile buaite ag Áth Cliath agus boladh na fola fachta an athuair acu. An bhfuilid chomh maith is a taibhsíodh Dé Sathairn dúinn? Is gearr uainn fios. 

Má leagann aon ní na craobhacha cúige, leagfaidh cluiche ceannais Mumhan an tSathairn iad. Dála chraobh chaide Laighean, tá Craobh na Mumhan imithe ó mhaith le tamall. Is ait linn i gcónaí i gCiarraí é go gceapann daoine lasmuigh den gcúige go n-oireann sé don bhfoireann contae gan aon tástáil a bheith déanta orthu nó go dtagann siad go dtí craobh na hÉireann i gceart.

Is míbhuntáiste uafásach é gan do dhintiúirí bheith tástáilte agus tú ag tabhairt fé bhabhta ceathrú ceannais na hÉireann. Chuala go raibh fear Thír Eoghain, Paddy Tally, atá ar chriú teagaisc Chiarraí i mbliana, chomh díomách le caighdeán an chluiche Dé Sathairn i gCill Airne go mbailigh sé leis ó thuaidh amach as an mbaile díreach tar éis na himeartha seachas fanacht agus aithne níos fearr a chur ar a chomhghleacaithe agus ar a chairde nua. 

Téann sé glan bunoscionn le héirim agus le tuiscint na nUltach go bhféadfadh an chraobh cúige bheith chomh huisciúil. Níor mhar sin di tráth ach go dtí go dtiocfaidh athrú ar an scéal, leanfaidh Ciarraí orthu ag buachtaint ar a dtinteán féin ach ní bheidh siad cruaite chuige dos na cathanna sráide.      

Fág freagra ar 'Téann an fhoighne glan in aghaidh nádúr na peile Gaelaí agus tá rud éigin á chailliúint againn ceal fuadair'

  • Peileadóir ar an chlaí

    Cibé faoin fhoighne, is cinnte gur de nádúr na peile go ndéantar iarracht gan staonadh an liathróid a chur chun cinn ionsar bháire na taoibhe eile. Is le himirt ionsaitheach a dhéantar sin. Bíonn ar na himreoirí a bheith inchurtha lena gcéilí comhraic sa teagmháil fhisiciúil – sin is peileadóir ann! Os a choinne sin,
    mura bhfuil de sheift ag an bhainisteoir ach seilbh na liathróide a choinneáil agus fanacht go foighneach le ‘seans’, nó go n-osclaí bearna, comhartha é go gcreideann sé go dteipfidh orthu sa teagmháil, agus níor mhór dó dul i gcomhairle arís lena chuid roghnóirí!