Teanga dhúchais a fhoghlaim go maith don mheabhairshláinte

Léiríonn taighde go bhfuil an ráta féinmharaithe i measc threibheanna British Columbia i gCeanada a bhfuil leath díobh líofa i dteanga dhúchais a dtreibhe 16% níos ísle ná mar atá i measc treibheanna eile nach bhfuil an oiread céanna díobh líofa ina dteanga dhúchais

Teanga dhúchais a fhoghlaim go maith don mheabhairshláinte

Tugtar le fios i bhfoilseachán nua go mbíonn dea-thionchar ag athbheochan agus cothú teanga ar shláinte lucht labhartha na teanga sin. Maítear san athbhreithniú acadúil a rinneadh in Ollscoil Miami sna Stáit Aontaithe go bhfuil nasc idir sláinte na teanga agus sláinte na gcainteoirí féin.

Léiríonn an taighde go bhfuil an ráta féinmharaithe i measc threibheanna British Columbia i gCeanada a bhfuil 50% acu líofa i dteanga dhúchais a dtreibhe, 16% níos ísle ná mar atá i gcás treibheanna eile nach raibh an oiread céanna díobh líofa ina dteanga dhúchais.

“Tá sé tugtha faoi deara ag go leor againn atá ag obair i measc an phobail in earnáil na hathbheochana teanga leis na scórtha blianta anuas go bhfuil feabhas tagtha ar chaidrimh an phobail agus ar fholláine na ndaoine óga atá ag teacht tríd ár gcláir phobail agus ag dul ar aghaidh go dtí an coláiste,” a dúirt Daryl Baldwin, stiúrthóir Ionad na Myaamia (teanga dhúchais Miami), duine d’údair an taighde.

Maítear go bhféadfadh na cláir atá ar bun ar fud Mheiriceá Thuaidh le teangacha dúchais a athbheochan agus a chothú feabhas a chur ar shláinte agus ar mheabhairshláinte na ndaoine a ghlacann páirt iontu. Agus an t-athbhreithniú seo ar bun cuireadh san áireamh torthaí ó staidéir éagsúla a rinneadh le blianta anuas ar an tionchar atá ag foghlaim nó athfhoghlaim na dteangacha dúchais ar rátaí féinmharaithe, mí-úsáid alcóil agus drugaí eile, caitheamh tobac agus fadhbanna sóisialta eile i measc na mbundúchasach.

Cé go ndearnadh staidéar ar an tionchar a bhíonn ag an athbheochan chultúir ar réimsí eile chomh maith, níor cuireadh san áireamh san athbhreithniú ach an teanga toisc gur creideadh gur “bealach an-éifeachtach le muintearas a chothú i measc an phobail” é teanga na muintire a fhoghlaim.

“Is féidir an teanga agus an cultúr a idirdhealú i staidéar ach glacann an staidéar seo leis gurb í an teanga an bealach is éifeachtaí le cultúr a chothú, a scaipeadh agus a athbheochan,” a mhaítear sa staidéar.

Léiríodh i staidéar eile go raibh i bhfad níos lú caiteoirí tobac i measc treibheanna dúchais dheisceart SAM, áit a labhraítear teangacha dúchais an cheantair go forleathan, ná mar a bhí i measc treibheanna an tuaiscirt, áit a bhfuil na teangacha sin nach mór marbh.

Cuireadh staidéir a rinneadh i dtíortha eile san áireamh freisin, an Astráil ina measc. Maíodh i staidéar amháin sa tír sin gur lú fadhbanna alcóil, foréigin agus mí-úsáid drugaí a bhí i measc chainteoirí theanga dhúchais Chaolas Torres ná mar a bhí i measc na mbundúchasach sa treibh chéanna nach raibh an teanga acu.

Dhearbhaigh údair an athbhreithnithe, áfach, nach leigheas gach olc í labhairt na teanga dúchais agus go mbíonn go leor rudaí eile i gceist chun dea-shláinte agus meabhairshláinte a chothú i measc na bpobal dúchais.

“Is den riachtanas chomh maith aitheantas a thabhairt d’eagna agus do thaithí an phobail dúchais, eacnamaíocht agus oideachas treibhe atá pobalbhunaithe, féinrialtas, meantóireacht idir na glúine éagsúla agus cumasú na hóige trí oiliúint dhearfach teanga agus cultúir a chur chun cinn ionas go mbeidh rath ar an teanga agus ar mheon agus muinín an phobail,” a mhaítear sa staidéar.

D’aithin Príomh-Aire Cheanada Justin Trudeau tábhacht na dteangacha dúchais don tsláinte i mBealtaine na bliana seo nuair a dúirt sé go raibh sé ríthábhachtach teangacha dúchais na tíre a athréimniú i measc an phobail dúchais le dul i ngleic le géarchéim an fhéinmharaithe.

Éilíonn údair an athbhreithnithe acadúil go gcuirfí níos mó tacaíochta ar fáil d’athbheochan teanga agus chultúir i measc na bpobal dúchais le feabhas a chur ar chúrsaí sláinte agus oideachais sna pobail sin.

Fág freagra ar 'Teanga dhúchais a fhoghlaim go maith don mheabhairshláinte'