Teampall de chineál atá san ionad aclaíochta

Agus 25 bliain i mbun na meáchan á gcomóradh ag ár gcolúnaí an lá faoi dheireadh rinne sé a mhachnamh faoin ról sóisialta a bhíonn ag an ionad aclaíochta

Teampall de chineál atá san ionad aclaíochta

Bhí mé 48 arú inné agus rith sé liom go bhfuil 25 bliain ann um an dtaca seo gur leag mé cos in ionad aclaíochta den chéad uair riamh.

Tá an scéal sin saghas greannmhar. Bhí cónaí orm i nGaillimh ag an am agus theastaigh ó chara de mo chuid aire níos fearr a thabhairt dá corp, ach ní raibh sé de mhisneach aici dul chuig ionad aclaíochta léi féin. Chun comhluadar a choinneáil léi a chláraigh mé dáiríre; ní raibh mórán spéise agam féin i gcúrsaí spóirt an tráth sin. Níl a fhios agam an dtaithíonn mo chara ionad aclaíochta fós – is fada ó bhí muid i dteagmháil lena chéile – ach ón lá sin ar aghaidh tá áit lárnach i mo shaol ag ‘an ionad aclaíochta’.

Chuir mé uaschamóga timpeall ar ‘an t-ionad aclaíochta’ san abairt thuas toisc gurb é coincheap na háite atá i gceist agam seachas ionad ar leith. Is iomaí ionad aclaíochta ar thraenáil mé ann le 25 bliana anuas agus cé go mbíonn an trealamh mórán mar a chéile pé áit ar domhan a dtéann tú bíonn difríochtaí móra idir lucht a dtaithithe.

N’fheadar an bhfuil Peak Physique ar Bhóthar Átha Cinn i gcathair na Gaillimhe ann fós, ach ba ann a chláraigh mé féin agus mo chara an lá sin agus b’iontach an chéad taithí a bhí san áit sin ar shaol an ionaid aclaíochta i gcoitinne. Daoine ar suim leo an fholláine – seachas matáin a fhorbairt – a bhí i bhformhór lucht a thaithithe agus níor mhothaigh mé féin agus mo chara – tosaitheoirí amach is amach – as áit.

Agus bhí sauna ann ar chuir mé aithne ann ar dhaoine ó chúlraí agus ó ghairmeacha éagsúla – idir mhná agus fhir, idir Ghaeilgeoirí agus Bhéarlóirí – daoine nach gcasfaí orm go deo murach an t-ionad aclaíochta.

B’ann a thuig mé den chéad uair go bhfuil feidhm shóisialta ag ‘an ionad aclaíochta’ a d’fhéadfá a chur i gcomparáid, ach nach bhfuil baileach mar a chéile, leis an ról atá ag tithe tábhairne agus tithe caife sa tsochaí.

Mhothaigh mé as áit sa chéad ionad aclaíochta ar chaith mé tréimhse ag traenáil ann tar éis dom bogadh go dtí an Bhrasaíl. Áit mhór ar an tríú hurlár d’fhoirgneamh giobach i gceartlár favela Tancredo Neves i gcathair Salvador a bhí ann, áit a bhíodh breac le fir a raibh bícéipsí acu a bhí ar cóimhéid le mo cheathrúna agus le mná a raibh másaí acu a bhí ar cóimhéid le mealbhacáin uisce.

B’ann a chuaigh mé i gcleachtadh den chéad uair ar nós atá coitianta in ionaid aclaíochta a mbíonn an bhéim ar thógáil matán iontu seachas ar mheáchan a chailleadh: daoine a chuireann a ladar isteach i do chuid traenála – ar mhaithe leat féin, cuid mhór den am, ach, uaireanta, d’fhonn a léiriú duitse agus don saol mór go bhfuil siad níos oilte ná thú. (Seo í an etiquette a d’fhorbair mé féin maidir leis an gceist seo i rith na mblianta: ní chuirim mo ladar isteach i dtraenáil daoine eile ach amháin nuair a fheicim go bhfuil siad ar tí dochar a dhéanamh dóibh féin.)

Ag clabaireacht agus ag magadh faoina chéile gan stad gan staonadh a bhíonn lucht an ionaid aclaíochta a mbím ag traenáil ann le 15 bliain anuas, in Rio Vermelho, ceantar eile i gcathair Salvador. Tá an áit beag agus cúng agus ní bhíonn rogha ag duine ach páirt a ghlacadh sa chomhrá, nach mbíonn teoranta, ar ámharaí an tsaoil, do chaint faoi shacar. Bíonn cúrsaí sláinte mheabhrach faoi chaibidil go minic agus b’ann a rith sé liom lá breá amháin gur gaire ról an ionaid aclaíochta do ról teampall reiligiúnda, seans, ná do ról an tí tábhairne nó an tí chaife; ní séipéal go díreach ach áit naofa a gcasann baill na treibhe lena chéile ann.

Tá an fuinneamh sin, an soul mar a déarfadh fear an Bhéarla, in easnamh go hiomlán san ionad aclaíochta a bhfuilim ag traenáil ann go sealadach faoi láthair agus mí nó dhó á chaitheamh agam i mo thír dhúchais, an Ísiltír. Ionad ollmhór de chuid Basic Fit atá ann, comhlacht a bhfuil na mílte ionad aclaíochta acu ar fud na mór-roinne agus a mheabhródh an aerlíne EasyJet duit; tá dath oráiste ar chuile shórt. Tá an t-ionad oscailte 24/7 agus bíonn sé lán go béal cuma cén t-am a théann tú ann, ach ní labhraíonn duine ar bith le duine ar bith eile ann: a gcuid cluasán féin ar chuile dhuine.

Aisteach go leor, tá buntáiste áirithe leis sin. Toisc nach mbíonn éinne ag comhrá liom bím in ann díriú go hiomlán ar na meáchain agus tar éis míosa amháin tá an toradh le feiceáil cheana féin – mé féin atá á rá, ach déarfainn go bhfuilim níos láidre ná mar a bhí ag aon am le 25 bliain anuas. Mar sin féin bím míshásta, míshona fiú, nuair a théim abhaile tar éis na traenála: ionad aclaíochta atá sa Basic Fit nach gcomhlíonann a ról sóisialta.

Fág freagra ar 'Teampall de chineál atá san ionad aclaíochta'