Teachtaireachtaí loma i ndán do pholaiteoirí an Rialtais ach ní foláir seasamh le chéile

Agus polaiteoirí i measc an phobail as seo go ceann roinnt seachtainí agus an Dáil ar scor, caithfidh páirtithe an Rialtais a chinntiú nach ndíríonn siad ar a chéile mar mhíniú ar an easpa dul chun cinn i réimsí áirithe

Teachtaireachtaí loma i ndán do pholaiteoirí an Rialtais ach ní foláir seasamh le chéile

Pic: Leah Farrell/RollingNews.ie

An rialtas féin is mó a dhéanfaidh dochar dóibh féin sna seachtainí seo romhainn. Léirigh rún mímhuiníne na seachtaine seo go bhfuil an rialtas in ann móramh réasúnta compordach a chur le chéile cé, go teoiriciúil, nach bhfuil acu anois ach tacaíocht ó 79 Teachta. Léirigh sé freisin go bhfuil go leor le déanamh ag an bhfreasúra má tá siad leis an rialtas a threascairt. Go deimhin, má tá aon dream le dochar a dhéanamh don rialtas as seo go ceann roinnt míonna is iad féin a dhéanfaidh é. 

Ba léir ón díospóireacht Dála ar rún mímhuiníne Shinn Féin go raibh páirtithe an Rialtais feargach. Feargach go gcuirfí ina leith nach raibh siad ag déanamh aon dul chun cinn lena gclár oibre agus níos feargaí fós go mbeadh sé de dhánaíocht ag Sinn Féin agus páirtithe na heite clé a leithéid a chur ina leith. Go deimhin, ba léir beocht a bheith sna páirtithe nach raibh iontu le fada mar gur tugadh a ndúshlán. Ar bhealach tá sé intuigthe go mbeadh cuid den bhrí imithe as Fine Gael atá i rialtas anois le hos cionn deich mbliana. Tá cuma thuirseach orthu agus shamhlófá beagán lagmhisnigh orthu nuair nach bhfuil aon dul chun cinn ag tarlú i réimsí a bhfuil siad ag plé leo ar feadh na tréimhse sin. 

Tá Fianna Fáil níos bríomhaire faoi láthair ná mar a bhí siad le tamall. Aithníonn siad is léir go bhfuil siad faoi bhrú agus Sinn Féin ag baint tairbhe as na laigeachtaí ina gcuid oibre. Comhtharlúint a bhí ann, a dúirt an Teachta Éamon Ó Cuív an tseachtain seo, go dtáinig deich nduine fhichead acu le chéile le seasamh an pháirtí a phlé nuair a bhí an Taoiseach san Úcráin. Ní féidir a shéanadh go bhfuil míshuaimhneas an pháirtí ag méadú, mar sin féin. 

Níl réimse ar bith ina bhfuil sé sin níos soiléire ná tithíocht. Is cuma cén chaoi a ndéantar na figiúirí a áireamh agus a chasadh le feiliúint do theachtaireacht ar leith, tá géarchéim tithíochta sa tír nach bhfuil ag feabhsú. De réir cosúlachta is cuma cé mhéad scéim nó plean a chuirtear i bhfeidhm tá cruachás againn a bhaineann le tithíocht. Ní gá gur daoine gan dídean a bheadh i gceist. Tá cíosanna scannalacha á n-íoc ag daoine, níl tithe ar fáil le ceannacht dóibh siúd atá in acmhainn morgáiste a fháil agus tá na praghsanna ag ardú leo de bharr ganntanas soláthair. Níl sé sách maith, a deir an Taoiseach. Céard atá ar bun agatsa lena leigheas, an cheist atá ag an bpobal. 

Tá comhghéilleadh déanta faoi cheannacht agus díol móna an tseachtain seo. Níl amhras ach gur ceist í seo a bheadh á cur ar pholaiteoirí i gceantair thuaithe i rith shaoire an tsamhraidh. Tá fadhb leis an gcomhghéilleadh ar astaíochtaí carbóin agus go háirithe i dtionscal na talmhaíochta. Seo fadhb don Chomhaontas Glas i dtéarmaí polaitíochta agus fadhb dúinn ar fad i dtéarmaí polasaithe aeráide. Tá brú leanúnach ar na Glasaigh droim láimhe a thabhairt do na spriocanna a bhí lárnach ina gcinneadh a bheith páirteach sa gcomhrialtas. 

As seo go ceann seacht seachtaine anois beidh na polaiteoirí taobh amuigh de chlaí cosanta Theach Laighean. Gheobhaidh siad teachtaireachtaí loma ón bpobal faoi na nithe atá ag goilliúint orthu idir chostas breosla, easpa tithíochta, chostas éide scoile agus liostaí feithimh.  

Cuirfear in iúl dóibh freisin cén páirtí is mó a bhfuil an pobal ag cur an mhilleáin air. An rud a chaithfidh páirtithe an rialtais a dhéanamh ná a chinntiú nach ndíríonn siad ar a chéile mar mhíniú ar an easpa dul chun cinn i réimsí áirithe. Tá teipthe ar Shinn Féin iad a chur as oifig; má thosaíonn siad ag troid eatarthu féin, go háirithe le linn cainteanna cáinaisnéise nuair a fhilleann siad ó shaoire an tsamhraidh, is dóibh féin is measa a bheidh. 

Fág freagra ar 'Teachtaireachtaí loma i ndán do pholaiteoirí an Rialtais ach ní foláir seasamh le chéile'