Teachtaireacht seolta i nGaeilge ag Banríon Shasana do Lá Fhéile Pádraig

Ghuigh Banríon Shasana beannachtaí na féile Pádraig ar Uachtarán na hÉireann agus ar mhuintir na tíre

Teachtaireacht seolta i nGaeilge ag Banríon Shasana do Lá Fhéile Pádraig
Tharraing Banríon Shasana an Ghaeilge chuici féin le beannachtaí na féile Pádraig a ghuí ar mhuintir na hÉireann.

Chuir an Banríon Eilís II a beannachtaí i dteachtaireacht a sheol sí chuig Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn. Dúirt Banríon Shasana go raibh cuimhní geala aici ar an gcuairt a thug sí ar Éirinn deich mbliana ó shin agus rinne sí tagairt don chomóradh céad bliain atá ar siúl i mbliana ar dheireadh Chogadh na Saoirse agus síniú an Chonartha Angla-Éireannaigh.

Dúirt Eilís II go raibh ceangail theaghlaigh, chairdis agus cheana idir muintir na hÉireann agus muintir na Breataine agus go raibh an chomhpháirtíocht idir an dá tír chomh tábhachtach céanna agus a bhí deich mbliana ó shin. Labhair an Bhanríon abairt Ghaeilge le linn na cuairte sin chomh maith, rud a spreag go leor cainte.

Agus í ag cur deireadh lena teachtaireacht chuig Micheál D Ó hUigínn, ghuigh Banríon Shasana “Lá Fhéile Pádraig sona daoibh go léir”.

Sa bhfreagra a thug Uachtarán na hÉireann uirthi, ghabh sé buíochas léi as a beannachtaí agus luaigh sé an tábhacht a bhain lena cuairt ar Éirinn.

Luaigh an tUachtarán an tábhacht a bhaineann le Lá Fhéile Pádraig do mhuintir na hÉireann sa Bhreatain agus do mhuintir na Breataine atá ag cur fúthu in Éirinn. Dúirt sé gur údar áthais a bhí ann go raibh daoine in ann a bheith ag aistriú ó thír go tír mar atá.

“Guím Lá Fhéile Pádraig sona agus síochánta ort agus ar do mhuintir,” a dúirt an tUachtarán mar chríoch lena theachtaireacht.

Fág freagra ar 'Teachtaireacht seolta i nGaeilge ag Banríon Shasana do Lá Fhéile Pádraig'

  • Donncha

    Go saora Dia sinn, ní maith… B’fhearr an Ghaeilge a bhí i dtvít na Banríona ná sa cheann a chuir oifig an Uachtaráin amach. ‘an t-Uachtarán*’, ‘ar an mbeannacht*’ agus ‘a fuair sé*’. Tá an tír seo ag magadh fúinn…

  • Donncha

    Fiú ainm an Uachtaráin níl sé ceart… Ó hUiginn*. Náire shaolta.