Teachtaireacht d’Éamon Ó Cuív – ‘faigh dhá shuíochán agus beidh tú ar ais ag bord an Rialtais’

D’fhéadfadh suíochán breise i nGaillimh Thiar Fianna Fáil a thabhairt níos gaire don chumhacht i nDáil Éireann

Teachtaireacht d’Éamon Ó Cuív – ‘faigh dhá shuíochán agus beidh tú ar ais ag bord an Rialtais’

An Teachta Dála Éamon Ó Cuív. Pictiúr: Rollingnews.ie

Dhá shuíochán d’Fhianna Fáil i nGaillimh Thiar agus beidh aireacht rialtais cois Coiribe – sin má bhíonn Micheál Ó Máirtín ina Thaoiseach.

Sin é an baoite atá scaoilte amach i measc lucht an pháirtí sa toghcheantar ag Frank Fahey, iarTheachta Dála agus iar-aire mara agus acmhainní nádúrtha.

Tuairiscítear go raibh Frank Fahey ag gníomhú le toil daoine sinsearacha i bhFianna Fáil i mBaile Átha Cliath.

Tuigtear go bhfuil Fahey théis a bheith ag labhairt le go leor ball den pháirtí ar imeall thoir na Gaillimhe, i gcathair na Gaillimhe agus i gConamara agus é ag tuineadh leo a míle dícheall a dhéanamh leis an dara suíochán a bhuachtáil d’Fhianna Fáil sa taobh sin tíre. 

Is iad Ollie Crowe agus Éamon Ó Cuív an bheirt iarrthóirí atá ag Fianna Fáil i nGaillimh Thiar. 

Plean simplí go maith atá á phlé – go bhfanfadh an Teachta Dála agus iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív amach as áiteacha éagsúla uilig ina chuid stocaireachta agus go bhfaigheadh an Comhairleoir Cathrach i nGaillimh, Ollie Crowe, cead a chinn sna háiteacha sin.

D’fhágfadh socrú mar seo gur dóigh go laghdódh vóta Éamoin Uí Chuív ach bheifí ag súil go mbeadh vóta Ollie Crowe chomh láidir sin ar an gcéad chomhaireamh go mbeadh sé in ann a theacht i dtír sa deireadh. 

Cinnte, d’fhéadfadh suíochán breise i nGaillimh Thiar Fianna Fáil a thabhairt níos gaire don chumhacht i nDáil Éireann. Creidtear i measc cuid mhaith daoine go bhfuil seans dáiríre acu ar dhá shuíochán i nGaillimh Thiar an iarraidh seo, cé  go mbeadh daoine eile amhrasach faoin tairngreacht sin.   Ach, ó thaobh an phlean atá Frank Fahey a chur anonn agus anall i bhFianna Fáil, tá go leor ag brath ar dhearcadh Uí Chuív féin.

Tá Fianna Fáil taobh le suíochán amháin i nGaillimh Thiar – agus i nGaillimh Thiar/Maigh Eo mar a tugadh ar an toghcheantar níos deireanaí – le tamall fada.  Is athrú mór é sin le hais mar a bhíodh an saol ag Fianna Fáil sa toghcheantar sin.  Chailleadar an dara suíochán ansin i 1986 nuair a d’imigh Bobby Molloy uathu.  Cuireadh i leith Éamoin Uí Chuív go minic go raibh sé róshantach ag fiach ar vótaí dó féin agus gur fhág sin go mbíodh na hiarrthóirí a bhíodh ina chuideachta ag Fianna Fáil ró-íseal ar an gcéad chomhaireamh. 

Déarfadh Éamon Ó Cuív féin nach raibh ciall leis an leagan sin den scéal agus scaití nach mbíodh na vótaí ansin, pé ar bith scéal é le seans a thabhairt d’Fhianna Fáil ar an dara suíochán.   

Ceaptar i measc an dream is dóchasaí sa bpáirtí go bhféadfadh an deis a bheith ann anois an dá shuíochán a fháil.  Ar ndóigh, chun go dtarlódh sin chaithfí Teachta Dála a bhí sa 32ú Dáil a leagan – agus sin scéal eile uilig.

Is í an cheist is mó ná an ngéillfeadh Éamon Ó Cuív don teachtaireacht as Baile Átha Cliath – agus don teachtaire atá ceaptha, Frank Fahey. 

Tuigtear go bhfuil moladh ann nach rachadh Ó Cuív i mbun stocaireachta i gcathair na Gaillimhe ná soir i dtreo Átha Cinn ná Órán Mór.  Tá ceathrar comhghleacaithe leis an gcomhairleoir Crowe ina gcomhairleoirí cathrach agus bheadh sé de dhualgas orthusan chuile vóta dá bhféadfaidís a chartadh amach ar son Crowe sa gcathair. 

Ghníomhódh an páirtí go láidir d’Ollie Crowe freisin taobh thoir de Ghaillimh; tá ceangal teaghlaigh aige ar an Órán Mór.   

Bíonn leisce ar chuile pholaiteoir géilleadh d’iarratas mar seo, ach táthar ag rá go bhfuil Éamon Ó Cuív chomh láidir taobh thiar den Choirib agus nach mbeadh aon bhaol dó.

Tá a fhios le fada nach bhfuil Éamon Ó Cuív agus Micheál Ó Máirtín ceanúil ar a chéile go polaitiúil, agus mheas go leor eile dá bharr sin gur ar éigean a thabharfaí seal eile ag bord an Rialtais don iar-aire Gaeltachta sa chás go mbeadh Fianna Fáil i gcumhacht. Ach aireacht do Ghaillimh má bhíonn dhá shuíochán ag Fianna Fáil i nGaillimh Thiar an port atá ag an teachtaire, Frank Fahey, de réir tuairiscí. 

Sa gcás sin, is é Éamon Ó Cuív a chuirfeadh a chosa faoi bhord an Rialtais arís dá mbeadh Fianna Fáil i gcumhacht. 

Ar ndóigh, ní beirt iad Éamon Ó Cuív agus Frank Fahey a bhain ceart an-mhaith dá chéile ó thaobh na polaitíochta de nuair a bhíodar beirt ina dTeachtaí Dála agus is ar éigean go mbeidh siad ar an bport céanna anois ach an oiread.

Fág freagra ar 'Teachtaireacht d’Éamon Ó Cuív – ‘faigh dhá shuíochán agus beidh tú ar ais ag bord an Rialtais’'