Tá an bhréagchonspóid faoi ghiolcacha Bhrian Stanley á gcoinneáil beo sna meáin ar mhaithe le haird a tharraingt ó na fíordheacrachtaí atá os ár gcomhair.
Beidh a thuairim féin ag gach duine faoi ghnéithe éagsúla den choimhlint armtha a bhí ar siúl go dtí fiche bliain ó shin, ach ní haon ábhar iontais é go mbeadh Teachta Dála de chuid Shinn Féin i bhfabhar ghníomhaíochta an IRA sa tréimhse sin.
Agus cibé rud faoi luíochán Chaol Uisce, nach údar náire dlite d’Fhianna Fáil é nach féidir leo moladh a thabhairt do bhuachaillí Chill Mhichíl a rinne an luíochán cáiliúil sin ar Arm na Breataine tá céad bliain ó shin?
Ar ndóigh, tá cúis faoi leith ag Micheál Martin agus Fianna Fáil aird a dhíriú ar scéal ar bith seachas na figiúirí pobalbhreithe a léiríonn go seasta go bhfuil Fianna Fáil san fhaopach i gcónaí agus go bhfuil an scéal ag dul in olcas faoi cheannaireacht Mhicheál Martin.
Sa phobalbhreith Red C is déanaí bhí 12% ag Fianna Fáil, mórán an méid céanna is a bhí acu sa dá cheann roimhe sin, 11% agus an 10%. I mBaile Átha Cliath tá Fianna Fáil sa cheathrú háit ag 7%, taobh thiar de Chomhaontas Glas.
Bhí na figiúirí beagáinín níos fearr don pháirtí sna pobalbhreitheanna eile – 17% ag Ireland Thinks agus ag IpsosMRBI – ach tá siad fós i bhfad níos ísle ná an leibhéal tacaíochta a fuair an páirtí san olltoghchán, agus níorbh aon údar mór gaisce acu é sin.
Mar thoradh air seo, ar ndóigh, níl aon údarás ag Micheál Martin mar Thaoiseach. Tá an jab aige, ach tá a fhios ag an saol mór nach mbeidh sé ina cheannaire ar Fhianna Fáil ach go dtí an lá a malartóidh sé post le Leo Varadkar.
Tá daoine sa pháirtí a chreideann go mb’fhéidir go dtiocfaidh feabhas éigin ar na figiúirí má fhanann siad fada go leor, ach tuigeann daoine eile gur seachrán atá ar an dream sin agus go bhfuil tubaiste i ndán don pháirtí sa chéad olltoghchán eile is cuma céard a dhéanfaidh siad.
Tá Martin, agus an dream beag a sheasann leis, ag cloí leis an straitéis Sinn Féin a ionsaí chomh rialta agus is féidir chun teacht i dtír ar an míshástacht atá ar chuid mhaith den phobal le gnéithe áirithe den streachailt armtha (agus aon bhuamáil a bhain leis).
Ach ní léir go gcuireann an t-aos óg aon spéis i stair na dTrioblóidí. Agus tabhair faoi deara nach bhfuil ach thart ar leath den tacaíocht ag Fianna Fáil i measc daoine atá faoi bhun 34 d’aois is atá acu sa phobal go ginearálta.
Is daoine aosta is mó a thugann vóta d’Fhianna Fáil, agus níl comhartha dá laghad ann go bhfuil ag éirí le straitéis Martin aon chuid de na daoine atá meallta ag Sinn Féin a mhealladh ar ais go dtí Fianna Fáil.
Céard atá le déanamh? An féidir Fianna Fáil a shábháil agus a chinntiú go mbeidh todhchaí chóir aige?
Tá buíon láidir sa bpáirtí parlaiminte atá naimhdeach do Martin: Jim O’Callaghan, Marc MacSharry, Barry Cowen, Dara Calleary, Pádraig O’Sullivan, John McGuinness, Willie O’Dea, Éamon Ó Cuív, is eile.
Feictear don bhuíon seo nach dtiocfaidh Fianna Fáil chuige féin a fhad is atá siad faoi chrúb Fhine Gael.
Ní hé go dtaitníonn Sinn Féin le naimhde Martin, ach tuigeann siad gur dócha nach bhfuil aon rogha acu ach scaradh le Fine Gael agus dul in éineacht le Sinn Féin más leo cur lena gcuid tacaíochta chun rialtas a bhunú.
Bhí sé spéisiúil mar sin gur easaontaigh Marc MacSharry le Martin maidir leis an ngiolc a chuir Brian Stanley amach faoi luíochán an Chaoluisce. Comhartha den treo a bhfuil an ghaoth ag séideadh sa bpáirtí, b’fhéidir?
Ach an mbeidh tábhacht le tacaíocht Fhianna Fáil? An mbeidh aon ghá ag Sinn Féin glacadh leo?
Má bhíonn Sinn Féin i gceannas ar an eite chlé ní bheidh ar chumas Fhine Gael rialtas a bhunú gan Sinn Féin a bheith i gceannas air. Ach is cosúil go bhfuil cuid mhaith den ‘eite chlé’ ar a ndícheall ag iarraidh Sinn Féin a lagú trí pháirt shuarach a ghlacadh sna bréagchonspóidí
Níl a fhios agam an labhraíonn Catherine Murphy thar ceann na nDaonlathach Sóisialta ar fad, ach tá sí an-ghlórach sna hionsaithe is déanaí ar Shinn Féin, droch-chomhartha fad is a bhaineann sé le rialtas den eite chlé a chur le chéile.
Ach feictear dom gurbh iad na páirtithe imeallacha seo is mó a bheas thíos le conspóidí den chineál seo. Ar deireadh thiar, ní féidir an fhírinne a sheachaint –ní bheidh aon rogha eile ag Fine Gael ach rialtas le Sinn Féin.
Eoin Ó Murchú
Ar fhaitíos na míthuisceana ní mór dom soileiriú a dhéanamh go bhfuil dearmaid sa téacs mar atá sé foilsithe.
Is cóir an téacs seo a bheith sa tríú paragraf roimh an deire: “Ach má tá Sinn Féin i gceannas ar an eite chlé is nach féidir aon rogha rialtais do Fhine Gael a chur le chéile gan Sinn Féin a bheith i gceannas air, is cosúil go bhfuil cuid mhaith den eite ‘chlé’ ag déanamh a ndícheall le Sinn Féin a lagú tré páirt shuarach a imirt sna conspóideacha bréagacha”.
Agus an paragraf deireannach: “Ach feictear dom gurbh iad na páirtithe imeallacha seo is mo a bhéas thíos as aon conspóid den chineál seo, is ag deire thiar tá an fhírinne fós ann: nach bhfuil aon rogha do rialtas faoi cheannas Fhine Gael ach rialtas faoi cheannas Shinn Féin”.
Concubhar
Dá mbeadh an deis céanna ag Brian Stanley a tvuít a athscríobh is atá ag Eoin Cóir, ní fheadar cad a scríobhfadh sé. Is léir ná bhfuair an colúnaí an meamram is déanaí ón gceannasaíocht: deir Mary Lou gur botún ollmhór abea giolc Stanley faoin mbuamáil ag an Chaol Uisce agus go raibh an chuma ar an scéal go raibh Stanley ag maíomh fén sléacht.
Eoin Ó Murchú
I gcead do Chonchubhar, ní ball de Shinn Féin anois nó riamh mé. Sa gcómhtheacs sin is cuma liom céard a deireann Mary Lou. Go minic taobhaím le Sinn Féin; ar uairibh tagaim amach ina gcoinne. Chuir me i gcoinne aon bhuamail fhanach a mharaigh sibhialtaigh, ach molaim éinne a théanns ag troid le saighdiúiri eachtrannach a imríonn cos ar bholg orainn.
Dála an scéil, níor dhein mé aon athscríobh ar an alt: bhí fadb eagarthóireachta ann. Is léir sin mar ní fheicim go dtiocfadh Fine Gael agus Sinn Féin le chéile is cuma céard eile a thtifeadh amach.
Concubhar Ó Liatháin
“Fadhb eagarthóireachta” – ní fheadar cár chuala mé an nath cainte sin roimhe.
Tá sé ag teacht chugham anois – is cuimhin liom. Nach é sin a mhaígh TG4 agus iad ag gabháil leithscéil faoin t-léine ‘Our day will come’ a bhí á chaitheamh ag aoi ar 7 Lá (an clár faoi phleanáil agus an Ghaeilge) agus go raibh orthu an clár a choimeád ón seinnteoir. Dúirt siad ag an am go reiteodh siad an fhadhb eagarthóireachta agus go mbeadh an clár le feiscint ar an seinnteoir amach anseo. Níor thárla sin fós!
Deir Eoin nach ball de Shinn Féin é agus glacaim lena dhearbhú gan amhras. Ní h-ionann sin agus a rá nach mbionn sé níos minicí ná a mhalairt ag cosaint an pháirtí. Ní thuigim cén fath go mbeadh sé go fóill ag cosaint Brian Stanley, áfach, agus an TD fágtha ar pháirc an áir ag a cheannaire agus a chomrádaithe go léir agus iad san ag rá gur léirigh an Chathaoirleach ar Choiste na gCúntas Poiblí breithiúnas mhí-stuama lena ghiolc ag ceangal luíochán Chill Mhichíl agus sléacht an Chaol Uisce.
Poraic o'hEipicín
Ba choir FF Ceanaire nua a fháil. Duine a bhfuil son na Beatha.
Ba choir go sheasann FF ar son na Beatha.
Beir Éireann arais go Dé.
InAinm Dé.
Is Dúnmharú é an Ghin-Mhilleadh.