Teacht na Nollag…le Breandán Ó hEithir

Sliocht as ‘An Nollaig Thiar’ le Breandán Ó hEithir

Teacht na Nollag…le Breandán Ó hEithir

B’fhearr liom féin a bheith sa mbaile ag an tine ag léamh na bpáipéirí nuachta, de réir mar a bhíodh m’athair réidh leo. Nuair a sheoladh an bád go rialta d’fhaigheadh muid páipéirí an tSathairn, an Luain agus na Máirte, ar an gCéadaoin agus páipéirí na Céadaoine, na Déardaoine agus na hAoine ar an Satharn. Nuair a chailleadh sí lá nó dhó nó trí, rud nárbh annamh sa ngeimhreadh, mhéadaíodh an bhaisc páipéirí dá réir.

Ó m’athair a fuair mé mo dhúil i léamh páipéirí, mar chreid mo mháthair nach raibh iontu ach cur amú ama agus bealach éalaithe ó obair fhóintiúil. Bhíos in ann léamh sula ndeachaigh mé ar scoil agus measaim gur d’fhonn a bheith in ann páipéirí a léamh a rinne mé an iarracht, le cabhair mo thuismitheoirí.

Ba de bharr a bheith ag léamh páipéirí a fuaireas amach nach raibh Deaide na Nollag ann. Bhíos thar a bheith fiosrach chomh fada siar agus a théann mo chuimhne. Rud ar bith nach raibh faoi ghlas agus an eochair faoi choinneáil, ní raibh sé saor ó m’fhiosracht. De bharr nach raibh aon ghasúr de m’aois féin i mo ghaobhar, bhínn ar mo chomhairle féin. Bhí rudaí seachas mise agus mo shíorcheistiúchán ar aire na gcailíní agus ba mhinic a dhíbrídís amach as a mbealach mé. Ba le linn dom a bheith ag cartadh amuigh i stór a bhí in aice an tí a tháinig mé ar bheartán suimiúil, tamall gearr roimh an Nollaig. Bhí sé suimiúil mar gur léir dom go raibh sé curtha i bhfolach go cúramach. D’oscail mise chomh cúramach céanna é agus céard a bheadh ann ach cuid de na rudaí a bhí iarrtha agam ar Dheaide na Nollag. Sa bhfógra mór lán-leathanaigh a bhíodh ag siopa Clery’s i Scéala Éireann an uair úd, a chonaic mé na bréagáin. Thuig mé gach uile rud d’aon iarraidh amháin. Dhún an beartán go cúramach. Chuir i bhfolach in athuair é agus choinnigh mo rún agam féin go ceann trí bliana. Ar shlí éigin thuigeas gurbh é mo leas an t-eolas tábhachtach seo a choinneáil agam féin. B’fhéidir go gcoinneoinn mar sin ar feadh achar ab fhaide é murach an fonn a thagadh orm mo shinsearacht a chur ar a súile do mo dheirfiúr Máirín.

Bhí mise ceithre bliana d’aois nuair a rugadh Máirín agus is cuimhin liom go maith an gliondar a bhí orm ag dul síos ar an gcé roimpi féin agus mo mháthair, nuair a thángadar as Gaillimh. Níorbh fhada a mhair an gliondar. Aird dá laghad ní raibh ag m’aintín ná ag mo chol ceathracha orm. Bhíodar go léir cruinnithe timpeall na feithide seo a bhí ag scréachaíl sa gcliabhán. Níor laghdaigh a spéis inti ach oiread, b’fhacthas dom, mar in áit dul ag déanamh spraoi liomsa mar a dhéanaidís roimhe sin nuair a thagaidís ar cuairt, thógaidís Máirín as an gcliabhán agus thosaídís á peataireacht. Is furasta dom a thuiscint anois gur mise an peata, go rabhas chomh millte agus a bhí aon leanbh aonair de m’aois. Níor thuigeas san am ach go raibh mo shaol curtha as a riocht ag an éinín cantalach seo a bhí tagtha isteach i mo nead agus a d’éiligh aird de shíor. Fiú nuair a bhí sí ina codladh bhítí ag ordú dom fanacht socair agus gan a bheith ag déanamh gleo ar fhaitíos go ndúiseoinn í.

D’éirigh mé chomh tuirseach den chur isteach seo ar mo shaol agus gur shocraigh mé mo dheirfiúr a mharú. Piobar an uirlis a thogh mé, ar chúis éigin nach dtuigim anois. lá dá raibh an cailín a bhí ag tabhairt aire dúinn amuigh ag cur éadaí á dtriomú, thóg mé an pota piobair den drisiúr agus d’fholmhaigh i mullach Mháirín sa gcliabhán é. Ba ghearr go raibh údar aiféala agam. Thosaigh Máirín ag sianaíl agus ag sraothairt agus tháinig an cailín isteach faoi dheifir. Nuair a chonaic sí céard a bhí déanta agam bhagair sise mise a mharú chomh luath agus a bheadh an páiste nite agus suaimhnithe aici. ormsa a bhí an faitíos anois. Thuigeas go rabhas imithe thar fóir agus d’impigh mé ar an gcailín gan insint do mo thuismitheoirí orm. Nuair a bhí Máirín suaimhnithe aici gheall sí dom nach n-inseodh, dá mbeinn umhal di as sin amach. Mura mbeinn, d’inseodh sí orm ar an toirt.

Mar a thit amach b’éigean di scéala a dhéanamh orm mar bhí súile Mháirín ataithe de bharr an phiobair agus theastaigh ó mo mháthair a fháil amach cén t-údar a bhí leis. Aisteach go leor, cé gur cuimhin liom gach uile rud i dtaobh na heachtra go dtí an pointe seo, níl cuimhne dá laghad agam ar céard a thit amach nuair a fuair mo mháthair amach céard a bhí déanta agam. Caithfidh sé nach raibh sé ródhona nó chuimhneoinn air.

Nuair a tháinig caint do Mháirín léirigh sí go raibh intinn dá cuid féin aici. Níor thaispeáin sí ómós ar bith do na ceithre bliana a bhí agam uirthi, ná don ghaois go léir a bhí bailithe agam lena linn. Dá bharr sin a d’inis mé di, teacht na Nollag agus sinn ag caint ar bhronntanais, nach ó Dheaide na Nollag ach tríd an bpost as Baile Átha Cliath a tháinig na bronntanais. Chuaigh sí caol díreach chuig mo mháthair agus d’fhiafraigh di an ag insint na fírinne nó ag déanamh na mbréag a bhí mise. Ba bheag nár thit an t-aer ar an talamh ina dhiaidh sin. Bhí an t-ádh liom go raibh Nollaig ar bith agam an bhliain úd.

– Breandán Ó hEithir, An Nollaig Thiar (Baile Átha Cliath: Poolbeg, 1989), 21-26, tógtha ón leabhar Aois na hÓige: Díolaim Próis Aisling Ní Dhonchadha agus Máirín Nic Eoin a roghnaigh

Fág freagra ar 'Teacht na Nollag…le Breandán Ó hEithir'

  • Samuel

    Seoidìn de leabhar í sin, scríte i nglan-Ghaeilge, neamhchas.

  • SeánFada

    Scríbhneoir den scoth ba ea Breandán. Trócaire Dé sa chré air anocht.