Teacht Aniar – tús le cur le sraith cainteanna faoi staid na Gaeltachta 

Is é an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin, sochtheangeolaí agus údar, an chéad duine a bheidh i mbun cainte i sraith nua cainteanna atá á reáchtáil ag Teacht Aniar

Teacht Aniar – tús le cur le sraith cainteanna faoi staid na Gaeltachta 

Beidh polaiteoirí, gníomhaithe pobal agus lucht léinn ina measc siúd a bheidh ag déanamh cur i láthair mar chuid de shraith nua cainteanna faoi chúrsaí Gaeltachta a gcuirfear tús léi an tseachtain seo chugainn.

‘Teacht Aniar na Gaeltachta’ an teideal atá ar an tsraith cainteanna atá á eagrú ag an ngrúpa Teacht Aniar.

Tá sé i gceist naoi gcaint a reáchtáil idir seo agus tús mhí Aibreáin, ceann in aghaidh na seachtaine. Reáchtálfar na cainteanna ar líne ar an gcóras Zoom.

Beidh trí mhórthéama leis an tsraith – an pholaitíocht, cúrsaí éiceolaíochta agus cúrsaí reatha sa Ghaeltacht.

Is é an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin, sochtheangeolaí agus údar, an chéad aoi a bheidh i mbun cainte agus cur i láthair dar teideal ‘Smacht an Stáit, smacht ar strae’ á dhéanamh aige Déardaoin na seachtaine seo.

Tá an tOlllamh Michael Cronin, Donncha Ó hÉallaithe, Sorcha Ní Chéilleachair, Seosamh Ó Cuaig agus na Teachtaí Dála Mairéad Farrell agus Marc Ó Cathasaigh ina measc siúd a bheidh i mbun cainteanna sna seachtainí amach romhainn.

Tionólfar na cainteanna gach Déardaoin idir 7.00pm agus 8.00pm. Déanfar cur i láthair thart ar 20 nóiméad ar dtús agus déanfar plé ar an gcur i láthair ansin ina dhiaidh sin.

Is féidir clárú chun a bheith i láthair anseo.

Fág freagra ar 'Teacht Aniar – tús le cur le sraith cainteanna faoi staid na Gaeltachta '

  • Colin Ryan

    Teacht aniar, an ea? An Ghaeltacht: tearmann a cuireadh ar bun chun leagan éigin den seansaol a chaomhnú agus nach bhfuil tairseach criticiúil cainteoirí fágtha inti. Imeacht gan teacht.

  • Bríd

    Ábhar le plé: cur i gcéill an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta. Teip iomlán air. Faightear réidh leis agus stopadh an Stáit ag déanamh imeallú ar na pobail Gaeltachta. Cúpla pingin fánach caite i dtreo na teanga & buntáiste á bhronnadh ar dhreamanna nach bhfuil tuairim acu faoi Oideachas Gaeltachta. Lucht na hard chathrach ag ceapadh go stiúraíonn siad muintir na Gaeltachta, is mór a ndul amú!

  • Mairéad

    Tá an measunú cuimsitheach déanta agus na céadta moltaí curtha os ár gcomhar agus ó thosaigh Coimisiún na Gaeltachta tá 25 bhliain de chaint de chaint ag na mílte cruinnithe agus comhdhálacha agus is beag fonn atá ar éinne éisteacht níos mó lena thuilleadh moltaí a dtugtar an chluas bhodhar dóibh ná éisteacht lena thuilleadh cainteanna in a ndeintear tragóid teanga na Gaeltachta a cíoradh agus a scagadh agus a mionrangú go foirfe don 1000ú uair.
    Feachtas gnímh chun tithíocht agus postanna a chur ar fáil d’óige na Gaeltachta sa mbaile a theastaíonn anois go práinneach.

  • Sibéal

    Spéisiúil gur roghnaíodh Mairéad Farrell TD ón pháirtí poblachtánach Sinn Féin go speisialta chun freastal ar seimineár faoin Ghaeltacht. Nach bhfuil fhios ag Teacht Aniar go gceadaíonnn Mairéad Farrell suíomh idirlín i mBéarla amháin do bheith ag a páirtí poblachtánach SF?
    https://www.sinnfein.ie/ga/
    Ní easpa airgid is cúis leis an suíomh idirlín aonteangach Bhéarla seo atá ag páirtí poblactánach SF mar is iad an páirtí polaitíochta is saibhre ar an oileán iad.
    Chun foghlaim cé comh héasca is atá sé ag páirtí polaitíochta an dá theanga a úsáid níl le déanamh ag Mairéad Farrel TD SF ach ceisteanna a chur ar FF ar An Comhaontas Glas, ar na Social Democrats srl. mar shampla
    https://gaeilge.fiannafail.ie/
    https://www.comhaontasglas.ie/
    https://www.socialdemocrats.ie/fuinn/

  • Cormac Ó Dúlacháin

    Is é bunús gach Gaeltacht ná Gaeltithe

  • Mairéad

    Tithe agus postanna!

  • Sibéal

    Postanna, tithe, pubanna, clubanna agus scoileanna agus iad tré mheán na Gaeilge.
    .

  • Pádraig Ó hÉanacháin

    Tá gá breathnú ar an bpictiúir mhór ó thaobh an Ghaeilge agus na Gaeltachtaí. Tá gá le na rannaí stáit a chuireann seirbhísí ar fáil sna Gaeltachtái a thabhairt le chéile chun plean ceart a chuir í bhfeidhm msh. Roinn na Gaeltachta , Roinn Oideachas, Roinn Sláinte,agus an Rionn Caomhshaol chun a chinntiú nach bhfuil roinn amháín teacht trasna ar an Rionn eile. Bheadh an cuamhact acu plean Gaeilge, Gaeltachta agus eacnamaíochta agus gach a théann leis a chuir í gcríoch. Ba cheart na comhairlí chontae a bheadh pairteach ann fresin. Ba cheart go mbeadh plean gaeilge ag chuile cheann acu. Go dtí go dtarlaíonn sé sin níl aon dul chun cinn ceart í ndán don Ghaeilge ná na Gaeltachtái.

  • Éamonn Ó Gribín

    “An Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022” agus lucht na nGaelscoileanna/nGaelchólaistí san chuid eile den Stát fágtha san fhaopach, agus iachall orthu an Béarla a theagaisc agus nó a fhoghlaim mar chéad teanga (T1) agus an Ghaeilge mar dhara teanga (T2)….plus ça change, plus c’est la même chose!
    Má tá an Phoblacht Bhanana seo le todhchaí na Gaeilge mar theanga labhartha sa tír uilig a thabhairt ar ais, ní mór don Stát na dúshláin ollmhóra atá roimpi a aithint, agus a bheith réalaíoch agus uaillmhianach sa chaoi ina dtéann sí i ngleic leis na dúshláin sin. (Tagairt:https://www.education.ie/ga/Foilseach%C3%A1in/Tuarasc%C3%A1lacha-Beartais/Polasai-don-Oideachas-Gaeltachta-2017-2022.pdf )