Teacht aniar scoláirí Ardteiste léirithe in Rang 2020

Is deasghnáth aistrithe saoil agus fágáil na meánscoile í an Ardteistiméireacht. A chomharthaí sin an bús gach aon bhliain faoi scrúduithe an Mheithimh agus torthaí Lúnasa. A leithéid d’fhothragadh agus tarraingt tríd. Tá gach duine ina shaineolaí ar phointí Ardteiste agus gach duine ag fiafraí cé mhéad a fuair an leábharaic siúd thuas. Ach oiread […]

Teacht aniar scoláirí Ardteiste léirithe in Rang 2020

Is deasghnáth aistrithe saoil agus fágáil na meánscoile í an Ardteistiméireacht. A chomharthaí sin an bús gach aon bhliain faoi scrúduithe an Mheithimh agus torthaí Lúnasa. A leithéid d’fhothragadh agus tarraingt tríd. Tá gach duine ina shaineolaí ar phointí Ardteiste agus gach duine ag fiafraí cé mhéad a fuair an leábharaic siúd thuas. Ach oiread le réimsí eile den saol cuireadh saol an scoile bunoscionn i mí an Mhárta agus theann an bhróg ar lucht na hArdteiste níos mó ná aon dream eile.

Sa chlár faisnéise seo ó Aniar TV tugann ceathrar scoláirí meánscoile ar fud na tíre a dtuairimí féin faoin mbliain aisteach seo agus Rang 2020 (TG4, aréir) i ngalar na gcás. Ar dtús cheapas go mba cheart go mbeadh níos mó ná ceathrar earcaithe ach labhair  Sophie Breathnach ó Ráth Fearnáin, Ciaran Ó Flaithearta ó Inis Mór, Clodagh Ní Ghallchóir ó Ghaoth Dobhair agus Shántana Nic Cú Uladh ó Iarthar Bhéal Feirste go deisbhéalach, ionraic linn agus coimeádadh ár n-aird ó thús deireadh.

Dhein tráchtaireacht ó Shinéad Ní Uallacháin agus giotaí nuachta ó Nuacht TG4, RnaG agus Raidió Fáilte an amlíne a rianú go slachtmhar.

Ina ndialanna físe labhair siad faoin staidéar sa mbaile, a bheith scartha óna gcairde agus i gcás Shántana a huncail ag fáil bháis ón ngalar. Chuireamar eolas ar a n-ábhair shuime, a n-uaillmhianta agus a n-ábhair bhuartha.

An éiginnteacht maidir le reáchtáil na scrúduithe agus an faoiseamh ait nuair a cuireadh na scrúduithe ar athlá. Imní arís maidir leis na torthaí tuartha agus faoiseamh arís nuair a tháinig na torthaí céanna.

Bhainfeadh na míreanna ina bhfuil Ciarán agus Clodagh ag labhairt lena seanmháithreacha idir gháire agus dheoir asat. Rud amháin a rith liom ná gur léirigh na daoine óga seo aibíocht is teacht aniar thar na bearta agus an bhreis ina n-aghaidh.

Téama caolchúiseach amháin a bhí le sonrú i rith an chláir, dar liom, ná an brú agus strus a bhaineann leis an Ardteist do dhaoine óga gach bliain. Impleachtaí meabhairshláinte ag baint le scrúduithe a bhfuil cuid mhór i ngeall leo. Daoine den tuairim go bhfuil a gconair shaoil ag brath ar choicís i mí an Mheithimh agus mórán den tuairim gurb é an t-oideachas ollscoile bun agus barr an tsaoil. An í paindéim 2020 a spreagfaidh athruithe le dealramh? Neosfaidh an aimsir is dócha.

Ceist eile a thagann chun cinn – arbh é cur siar na scrúduithe an cinneadh cuí? Cuid de rannpháirtithe an chláir, agus mórán eile nach iad ní foláir, gur theastaigh uathu an chloch bhró a bhaint dá muineál iad féin.

An rud is truamhéalaí faoin scéal maidir le Rang 2020 ná gur milleadh a gcéad bhliain san ollscoil chomh maith, deasghnáth aistrithe saoil eile.

Le cúnamh Dé tiocfaidh an vacsaín i gcabhair orainn an bhliain seo chugainn agus cé nach ndéanfaidh na scoláirí dearmad ar an mbliain seo beidh siad in ann a hanró a chaitheamh thar claí.

Clár suimiúil, corraitheach ar uairibh, a thugann cuntas pearsanta ar conas mar a cuireadh deasghnáth aistrithe saoil bunoscionn in 2020.

Fág freagra ar 'Teacht aniar scoláirí Ardteiste léirithe in Rang 2020'