Teacht aniar á dhéanamh ag an mbainne bó bleachtáin – planda ar bhain Págánaigh agus Críostaithe leas as

Bhí an bainne bó bleachtáin chomh mór i gcontúirt tamall leis an traonach, ach tá saol nua i ndán dó anois is cosúil

Teacht aniar á dhéanamh ag an mbainne bó bleachtáin – planda ar bhain Págánaigh agus Críostaithe leas as

Bainne bó bleachtáin an t-ainm fileata Gaeilge atá air. Níl an t-ainm Béarla baol ar chomh fileata, cowslip.

As an áit ar minic leis an bplanda fás a tháinig an leagan Béarla, bualtrach bó.

Planda é a bhí ag éirí gann sa tír seo de bharr modhanna nua-aimseartha feirmeoireachta agus úsáid luibhicídí. Go deimhin bhí sé chomh mór i gcontúirt tamall leis an traonach, leis an naoscach agus leis an gcrotach.

Ach tá saol nua i ndán dó anois is cosúil.

Is é an chúis atá leis sin go measctar an síol sin trí shíol a chuirtear ag fás ar cholbha na mótarbhealach.

De réir na dtuairiscí is deireanaí tá coill de le hais an M7 idir Laois agus Luimneach.

Cuidíonn lucht na mBailte Slachtmhara leis freisin.

Planda é an bainne bó bleachtáin a bhfuil stair fhada aige. Bhain Págánaigh agus Críostaithe leas as.

Bhí an-mheas ag na draoithe air; ba chuid den oideas é a bhíodh acu le posóidí draíochta a dhéanamh.

Ainm eile a thugtar air i mBéarla is ea palsywort, mar gur creideadh go bhféadfadh sé pairilis a leigheas.

Fadó nuair a bhí an bainne bó bleachtáin ag fás go fairsing, phioctaí é le galair eile fós a leigheas, buíochán, bruitíneach agus mar sin de.

Déarfá leat féin gur cheart go mbeadh tóir ag na Sínigh air, dá mbeadh sé ag fás sa tír sin acusan: tá sé ráite i mBailiúchán Béaloideas na Scol go bhfuil sé in ann tú a dhéanamh óg aríst: níl ort ach na bláthanna a mheascadh le sail mhuice agus ungadh a dhéanamh as.

Cuimil é sin díot féin agus is gearr go mbeidh tú ar do bhealach go Tír na nÓg.

Mura n-oibreoidh sé d’fhéadfá fíon a dhéanamh as: dúradh in áit eile i mBailiúchán na Scol go mbeadh speach cheart sa bhfíon sin.

Luaitear an bainne bó bleachtáin leis na sióga go minic: bhíodh sé de nós acu a gcuid prócaí óir a chur i bhfolach faoi.

Ar ndóigh ní fhéadfadh na Críostaithe gan a gcuid scéalta féin a chumadh faoi. Luibh Pheadair nó Petrella a thug siadsan air.

Lá dá raibh Naomh Peadar sna Flaithis agus eochracha na ríochta ina ghlac aige chuala sé luaidreán ag dul thart go raibh daoine ag éalú isteach cúldoras na bhflaitheas i leaba a theacht go dtí an príomhdhoras go dtabharfadh seisean breithiúnas orthu.

Bhí an oiread feirge air gur thit na heochracha uaidh anuas ar thalamh an domhain.

D’fhás siad láithreach ina mbláthanna a bhí ar crochadh mar a bheadh slám eochracha ann.

Bhí  an scéal sin an-choitianta sa nGearmáin tráth ach nach ar an mbealach céanna baileach a bhítí á inseacht.

De réir an scéil a bhí ansiúd b’éard a tharla gur thit Naomh Peadar ina chodladh taobh amuigh de gheataí na bhflaitheas lá breá san earrach.

Rinne sé dearmad na heochracha a chur i bhfostú dá bheilt agus thit siad as a láimh.

Cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin tháinig siad anuas ar thalamh an domhain.

Bhí cailín beag ag déanamh spraoi i móinéar in aice láimhe agus d’airigh sí ag titim iad. Thug sí faoi deara go raibh dath an óir orthu agus ní ligfeadh an faitíos di lámh a leagan orthu.

Rith sí isteach chuig a tuismitheoirí gur inis sí dóibh faoi na heochracha iontacha a thit as an spéir.

Chuaigh siadsan amach. Ní raibh aon eochracha rompu ach san áit ar thaispeáin an cailín beag dóibh bhí planda álainn drithleach glébhuí a raibh na bláthanna ag silt anuas air mar a bheidís ar fháinne eochracha.

Shíl na tuismitheoirí go mbeadh taisce faoin bplanda agus chart siad timpeall air. Ní raibh tada dá shórt ann ach mheas siad go dtiocfadh an t-ádh orthu as planda míorúilteach mar é.

Thug siad aire na gloine dó ionas gur scaip sé ar fud na hEorpa ar fad.

Fág freagra ar 'Teacht aniar á dhéanamh ag an mbainne bó bleachtáin – planda ar bhain Págánaigh agus Críostaithe leas as'

  • Éilís

    Alt álainn

  • leitheoir

    An dluth-cheangal misteireach gramhar sin a bhi ag na Gaeil leis an dulra. Tairseach isteach sa saol eile a bhi ann, dar leo. Comharthai soirt na sioraiochta agus na rundiamhaire gach a raibh thart orthu a chuir a samhlaiocht agus feith na cruthaitheachta ag obair. Agus tabhartas o na deithe, thar aon rud eile. Briseann se mo chroi nuair a fheicim na liosanna a gcartadh as an tsli ag fiontraithe feirme an lae inniu. Briseann se mo chroi.