Teacht ag an bpobal ar Rialacha Cúirte agus leagan Gaeilge foilsithe

Tá an leagan oifigiúil Gaeilge de chomhdhlúthuithe 1986, 1997 agus 2001 ar Rialacha na nUaschúirteanna, na Rialacha Cúirte Dúiche agus na Rialacha Cúirte Cuarda ar fáil anois

Teacht ag an bpobal ar Rialacha Cúirte agus leagan Gaeilge foilsithe

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Rinne an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, Charlie Flanagan, cóip den leagan nua-fhoilsithe Gaeilge de Rialacha na nUaschúirteanna, 1986, a bhronnadh go foirmeálta ar an mBreitheamh Frank Clarke den Chúirt Uachtarach ag preas-ócáid i gceannáras a Roinne an lá sular ceapadh an Breitheamh Clarke ina Phríomh-Bhreitheamh.

Le foilsiú an leagain Ghaeilge sin de na Rialacha sin, tá an leagan oifigiúil Gaeilge de chomhdhlúthuithe 1986, 1997 agus 2001 ar Rialacha na nUaschúirteanna, na Rialacha Cúirte Dúiche agus na Rialacha Cúirte Cuarda, faoi seach, foilsithe anois ag an Roinn, mar aon le go leor de na Leasuithe a rinneadh ina dhiaidh sin ar na Rialacha sin, lena n-áirítear Rialacha na nUaschúirteanna (An tAcht um an gCúirt Achomhairc, 2014), 2014.

Ag labhairt dó as Gaeilge ag an ócáid le déanaí, dúirt an tAire: “Táim an-sásta go bhfuil an téarmaíocht atá sa leagan Gaeilge de Rialacha Cúirte Dúiche, 1997, agus Rialacha Cúirte Cuarda, 2001, ar fáil do phobal níos leithne ná an lucht dlí, chomh maith, a bhuíochas le Fiontar agus Scoil na Gaeilge, Campas na Naomh Uile, DCU.

“Le cabhair deontais ó Roinn na Gaeltachta, chuir Fiontar téarmaí as na Rialacha Cúirte Dúiche agus Cuarda sin ar fáil ar a bhfoclóir leictreonach, a bhfuil tóir ag an bpobal air, ag www.téarma.ie. Agus tá sleachta as na Rialacha le fáil ar a gcorpas comhthreomhar ar www.gaois.ie. Táimid ag féachaint leis sin a dhéanamh, chomh maith, i gcás an leagain Ghaeilge de Rialacha na nUaschúirteanna, 1986.”

Ghabh an tAire Ó Flannagáin buíochas leis an mBreitheamh Clarke, atá ina Chathaoirleach ar an gCoiste Comhairlitheach um Théarmaí Dlíthiúla Gaeilge (a rinne téarmaí sna Foirmeacha atá sna Rialacha comhdhlúite a fhaomhadh), agus thréaslaigh sé a ainmniúchán leis mar an chéad Phríomh-Bhreitheamh eile.

Tá leagan leictreonach de Rialacha thuasluaithe sin 1986, 1997, 2001 agus 2014 curtha ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne (anseo). Is é an Dr Micheál Ó Cearúil a bhí i mbun an aistriúcháin agus a réitigh an téacs Gaeilge de na Rialacha don chló thar ceann na Roinne.

Fág freagra ar 'Teacht ag an bpobal ar Rialacha Cúirte agus leagan Gaeilge foilsithe'

  • Fearn

    Sin léitheoireacht an tsamhraidh socair domhsa anois!