Teach Solais Fhánada ag súil le 30,000 duine a mhealladh chuig Gaeltacht Thír Chonaill in 2017

D’fhan 800 duine sna tithe lóistín atá ag an teach solais Gaeltachta agus súil ag an mbainisteoir go mbeidh i bhfad níos mó cuairteoirí ann an bhliain seo chugainn

Teach Solais Fhánada ag súil le 30,000 duine a mhealladh chuig Gaeltacht Thír Chonaill in 2017

Thug 17,000 duine cuairt ar Theach Solais Fhánada i nGaeltacht Thír Chonaill le linn 2016, bliain a oscailte, agus tá súil ag bainisteoir an tí solais, Eimear Ní Mhathúna, go meallfar suas le 30,000 duine an bhliain seo chugainn.

Osclaíodh an teach solais i mí Mhárta na bliana seo agus tá turasóirí ag tarraingt ar an áit ó gach cearn den domhan ó shin. Díoladh 17,000 ticéad don turas oifigiúil ó osclaíodh é ach dúirt Ní Mhathúna le Tuairisc.ie gurbh airde i bhfad an figiúr sin dá ndíolfaí ticéad le gach duine a thug cuairt ach nach ndearna an turas.

“Táimid iontach sásta leis an mbliain seo, an sprioc a bhí againn do 2016 ná thart ar 7,000 cuairteoir ach tháinig deich míle sa bhreis air sin roimh dheireadh na bliana gan caint ar na daoine a tháinig agus a d’imigh arís nuair nach raibh spás ann dóibh. Beimid ábalta níos mó poiblíochta a dhéanamh in 2017 agus tá súil againn go mbeidh 30,000 cuairteoir againn ar a laghad.

“Cheana féin, tá áiteanna curtha in áirithe ag chóir a bheith an méid céanna daoine don bhliain seo chugainn agus a d’fhan linn sna tithe lóistín i gcaitheamh na bliana seo ar fad. D’fhan thart ar 800 i mbliana agus táimid ag súil le líon i bhfad níos mó in 2017,” a dúirt Ní Mhathúna.

Tá an talamh timpeall an tí solais anois i seilbh na bainistíochta agus tá pleananna móra forbartha ann don áit mar láthair thurasóireachta. Tá tógálaithe ar an láthair cheana féin agus an obair tosaithe ar áiseanna éagsúla ar nós carrchlós nua a ligfeadh do bhusanna cuairt a thabhairt ar an áit chomh maith le caifé, leithreas agus siopa.

“Tháinig go leor daoine agus d’imigh siad ar shiúl mar ní raibh go leor páirceála ann i mbliana. Ní raibh spás ann do na busanna móra turasóirí páirceáil ná casadh timpeall. Beidh carrchlós nua againn i mí na Bealtaine agus déanfar tuilleadh forbartha de réir a chéile.

“Tá an oiread sin rudaí le feiceáil agus le foghlaim i bhFánaid, tagann daoine éagsúla le rudaí éagsúla a fheiceáil agus a dhéanamh — táthar ann ar maith leo na deilfeanna, nó na bláthanna nó na radhairc dhifreáilte. Ba mhaith linn freastal ar na spriocmhargaí difreáilte,” a dúirt an bainisteoir.

Dúirt sí freisin nach bhfuil aon chúis nach bhféadfadh suas le 100,000 duine a bheith ag tarraingt ar Theach Solais Fhánada i gceann cúpla bliain, mar a bhíonn ag Teach Solais Rinn Duáin i gContae Loch Garman.

Teach Solais Fhánada
Teach Solais Fhánada

Tá tacaíocht airgid á fáil ag Teach Solais Fhánada ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, Turasóireacht Dhún na nGall, Údarás na Gaeltachta agus Fáilte Éireann. Dúirt Ní Mhathúna le Tuairisc.ie go bhfuil sé ar intinn ag lucht an tí solais a bheith in ann “seasamh ar a gcosa féin” sula i bhfad.

Dúirt sí go bhfuil ról ag an teach solais i gcur chun cinn an cheantair mar cheantar Gaeltachta agus i gcaomhnú na teanga.

“Táimid ag cur na teanga chun tosaigh anseo i bhFánaid, agus bíonn turais trí Ghaeilge againn. Táimid ag obair go dlúth le Fánaid Bheo agus bíonn oíche airneáil againn sa teach solais go minic. Labhraíonn an fhoireann an Ghaeilge le chéile, agus bíonn cuairteoirí iontach sásta í a chloisteáil. Is minic a labhraíonn cuairteoirí Gaeilge linn fosta.

“Ar ndóigh, bíonn eachtrannaigh sásta í a chloisteáil ach an rud is deise ná go bhfuil muintir na hÉireann an-tógtha leis an teanga. Tá Gaeilge ag an gcroí-fhoireann, agus cuirtear deiseanna ar fáil d’fhostaithe nua í a fhoghlaim. Tá sé an-tábhachtach dúinn go bhfuilimid lonnaithe sa Ghaeltacht,” a dúirt sí.

Áirítear Fánaid ar cheann de na trí áit is deise i nDún na nGall atá lonnaithe ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Is iad an dá áit eile ar an liosta Cionn Mhálanna agus Sliabh Liag.

Tá Teach Solais Fhánada 39 méadar ar airde agus cé go rangaítear é i measc na dtithe ‘farraige’, caitheann sé solas ar Loch Súilí freisin. Tógadh an teach tar éis don fhrigéad Saldana dul go tóin poill ar Chionn Fhánada sa bhliain 1812. Dúirt an Captaen Hill, ó Chabhlach na Breataine, nach mbeadh an long ar an ngrinneall dá mbeadh teach solais ar ‘Fannet Point’.

Ceadaíodh an teach solais a thógáil sa bhliain 1814. Lasadh an solas den chéad uair ar Lá Fhéile Pádraig 1817. Chaitheadh sé solas seasta dearg amach ar an bhfarraige agus solas seasta bán ar an loch. Rinneadh athchóiriú ar an teach sa bhliain 1886. Cuireadh airde ar an túr agus cuireadh solas nua ag caochaíl ina bharr.

Bhuail tintreach an teach i mí na Nollag na bliana 1916 ach ní dhearnadh mórán dochair dó. Athraíodh ón solas gáis go dtí an solas leictreach sa bhliain 1975. An 30 Meán Fómhair 1983 a d’fhág an fear deiridh an teach nuair a rinneadh teach solais coimhdeach den áit.

Fág freagra ar 'Teach Solais Fhánada ag súil le 30,000 duine a mhealladh chuig Gaeltacht Thír Chonaill in 2017'