Teach i mbaol ó loscadh sléibhe mór i nGaeltacht Dhún na nGall

D’fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara foláireamh ‘stádas dearg’ ar fud na tíre inniu maidir le tinte toisc baol mór tinte a bheith ann sa triomach

Tá na seirbhísí éigeandála ag iarraidh loscadh sléibhe mór i Rann na Feirste, i nGaeltacht Dhún na nGall a chur faoi smacht agus s teach agus foirgnimh eile i mbaol.

Tuairiscíodh gur thosaigh an loscadh sléibhe ag a 11am.

D’fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara foláireamh ‘stádas dearg’ ar fud na tíre inniu maidir le tinte toisc baol mór tinte a bheith ann sa triomach.

Beidh an foláireamh i bhfeidhm go dtí meán lae amárach.

Fág freagra ar 'Teach i mbaol ó loscadh sléibhe mór i nGaeltacht Dhún na nGall'