Te tirim an tuar – gan aon athrú ar an aimsir ag an deireadh seachtaine

Tá cosc ar úsáid píobáin uisce i bhfeidhm ar fud na tíre ó mhaidin inniu agus síneadh curtha ag an Roinn Talmhaíochta leis an bhfoláireamh loscadh sléibhe ‘Stádas Dearg’

Te tirim an tuar – gan aon athrú ar an aimsir ag an deireadh seachtaine

Beidh sé tirim sa chuid is mó den tír arís amárach, beidh grian bhreá ann agus leoithne bhog aneas. Scamallach a bheidh sé formhór an lae Dé Sathairn san iarthar agus sa tuaisceart agus d’fhéadfadh corrthamall ceobhráin a bheith le cósta. Beidh sé an-te i gCúige Laighean, in oirthear Chúige Uladh agus i gcuid mhór de Chúige Mumhan.

Beidh an teocht go hard sna fichidí ach beidh sé beagán níos fionnuaire san iardheisceart, san iarthar agus san iarthuaisceart mar a bhfuiltear ag tuar teocht idir 17 agus 22 céim Celsius.

Lá an-te idir 24 agus 28 céim Celsius a bheidh ann i gcuid mhór den tír Dé Domhnaigh agus ceo teasa in áiteanna. Beidh sé níos scamallaí sa tuaisceart agus san iarthuaisceart agus tharlódh go mbeadh corrchith ansin. Beidh sé níos boige le cósta an Atlantaigh mar a mbeidh gaoth luaineach éadrom ag séideadh.

Tá an tonn teasa fós i réim i gcuid den tír, i gCorcaigh agus i gCeatharlach, mar shampla. Má bhíonn an teocht os cionn 25 céim Celsius cúig lá i ndiaidh a chéile deirtear go bhfuil  tonn teasa ann. Ó tharla gur thit an teocht faoi 25 céim Celsius i gcuid den tír le roinnt laethanta, ní féidir a rá ó cheart go bhfuil tonn teasa sna bólaí sin.

An scairdsruth nó an jet stream is mó a rialaíonn an aimsir in iarthar na hEorpa agus is é is siocair leis an teaspach seo nach bhfuil aon chleachtadh againn air in Éirinn. Is éard atá sa scairdsruth ná sruth aeir atá ag gluaiseacht ina habhainn mhór thuas san atmaisféar 11 ciliméadar os cionn dhromchla an domhain.

De ghnáth nuair a bhogfadh an scairdsruth sin ó thuaidh d’Éirinn bheadh cúpla lá breá ann sula ngluaisfeadh leis ó dheas dínn arís. Ach an samhradh seo tá an scairdsruth seadaithe ó thuaidh dínn agus é ag fanacht ansin i bhfad níos faide ná is dual dó.

Tá eolaithe go leor den tuairim gurb é téamh an domhain agus an choscairt atá á déanamh ag an oighear dá bharr is cúis leis an athrú atá tagtha ar chosán an scairdsrutha le blianta beaga anuas. 

Údar mór imní an t-athrú sin ar fud an domhain mar gheall ar an tionchar a bhíonn ag an aimsir ar sholáthar bia an domhain.

Ba é Meitheamh na bliana seo an ceann ba thirime ó 1941 agus thit níos lú ná 4mm báistí i bPáirc an Fhionnuisce i rith na míosa go léir.

Tá cosc ar úsáid píobáin uisce i bhfeidhm ar fud na tíre ó mhaidin inniu agus comhairlítear do dhaoine a bheith spárálach leis an uisce. Tá síneadh go dtí meán lae Dé Céadaoin curtha ag an Roinn Talmhaíochta leis an bhfoláireamh ‘Stádas Dearg’ maidir le loscadh sléibhe. Tá foláireamh tugtha ag an Roinn go bhféadfadh tine tosú aon áit ar fud na tíre mar gheall ar an talamh agus an fásra a bheith spallta dóite. Iarrtar ar dhaoine gan tinte a lasadh taobh amuigh, go háirithe in aice le foraoiseacha ná talamh féaraigh agus a bheith fíorchúramach agus fulachtaí á lasadh taobh amuigh.

Tá an-imní ar fheirmeoirí toisc gan féar, grán ná barraí eile a bheith ag fás, rud a fhágfaidh go bhféadfadh ganntanas beatha d’ainmhithe a bheith ann an geimhreadh seo chugainn.

Moltar do dhaoine a bheith slán sábháilte le linn an teaspaigh ach sult a bhaint as an dea-aimsir, más fada gearr a bheidh sí againn.

Fág freagra ar 'Te tirim an tuar – gan aon athrú ar an aimsir ag an deireadh seachtaine'