‘TATIBU’ is cúis le heaspa dul chun cinn maidir leis an ngéarchéim tithíochta…

Ar an bpobal atá cuid den mhilleán nach bhfuil an ghéarchéim tithíochta á leigheas

‘TATIBU’ is cúis le heaspa dul chun cinn maidir leis an ngéarchéim tithíochta…

Eoghan Murphy .Photo:Leah Farrell/RollingNews.ie

Ní minic a mholann iriseoirí ráitis airí rialtais. Ní cuid dár ngnó é iad a mholadh. Sin ráite, ní hionann nós agus riail.

Cuir i gcás ráiteas an Aire Tithíochta Eoghan Murphy ar an raidió Déardaoin seo caite, ráiteas a thuilleann moladh teoranta ó dhuine ar bith a shíleann nach bhfuil an tír ag tabhairt aghaidh dáiríre ar an ngéarchéim tithíochta.

Dúirt an t-aire le Seán O’Rourke go gcaithfidh an rialtas níos mó airgid ná riamh (2.4 billiún) ar thógáil tithe i mbliana. Cuirfear tithíocht shóisialta bhreise ar fáil ar bhealaí éagsúla do thart ar 10,000 duine nó teaghlach.

Féach, ná cuirimis am amú ag cíoradh chosaint an aire ar a chur chuige. D’fhéadfaí a rá go bhfuil a pholasaí tithíochta cuibheasach gan a bheith maíteach, mura mbeadh géarchéim tithíochta follasach ar fud na tíre.

Má tá amhras ar dhuine faoi thionchar na géarchéime, ní gá ach an scéal a phlé le himircigh atá ag smaoineamh ar fhilleadh.

Tá teacht chun cónaí arís in Éirinn á chur ar an méar fhada ag mórán mar gheall ar easpa tithíochta agus  costas tithíochta abhus, agus mar gheall ar dhlí na hÉireann (i gcás árasán nó tithe ar cíos). 

Tá cinneadh déanta ag go leor eile gan filleadh in aon chor agus cúiseanna éagsúla acu, ar ndóigh. Ach tá cuid acu ar a n-aire mar gheall ar a bhfuil faighte amach acu faoi chúrsaí tithíochta abhus.

“€800 a chaitheamh ar sheomra beag amháin?” a dúirt bean (31) atá ar imirce i mBeirlín le linn cuairte ar a muintir faoi Nollaig. “Seomra suarach ina mbeinn sáinnithe i bhfad ó lár an bhaile, i gceantar nach dtaitneodh liom, agus lánchead dlíthiúil ag tiarna talún bréagleithscéal a chumadh agus mé a chaitheamh amach am ar bith?”.

 “Dá n-athródh an scéal b’fhéidir,” a dúirt sí, “b’fhéidir go bhfillfinn, ach tá a fhios agam go maith nach n-athróidh sé ar feadh i bhfad, má athraíonn sé in aon chor.”

Is laige a “b’fhéidir” faoin am seo.

Ó chuaigh í ar ais go Beirlín tháinig scéal uaithi go bhfuil sí ag súil lena céad pháiste. 

Ach fillimis ar chaint an Aire, agus ar shliocht amháin go háirithe as an méid a dúirt Eoghan Murphy.

Dar leis go bhfuil polaiteoirí i ngach páirtí, chomh maith le polaiteoirí nach bhfuil baint acu le páirtí ar bith, ag cur in aghaidh scéimeanna tithíochta atáthar ag moladh a thógáil ar fud na tíre.

Admhaíonn gach duine go bhfuil tithe de dhíth, arsa an tAire, agus go bhfuil géarghá le tithíocht bhreise mar gheall ar an ngéarchéim dídine. 

Dúirt Eoghan

Murphy nár chóir cealú a dhéanamh ar an gceart atá ag daoine cur in aghaidh scéimeanna. Ach chaithfí idirdhealú a dhéanamh, a dúirt sé, idir míshásamh ar chúiseanna bailí éagsúla agus tuairimí daoine a bhfuil cónaí orthu i gceantar deas agus a deir nár chóir breis tithe a thógáil ann.

Níl fonn ar an aire tithíochta cumhacht a bhaint de na húdaráis áitiúla. Dúirt sé áfach nár chóir ligean do pholaiteoirí bac a chur ar bheartais tithíochta an Rialtais. Níor thug sé le fios cén laghdú ar chumhacht na bpolaiteoirí atá beartaithe aige, is é sin má tá athrú ar bith beartaithe dáiríre aige.

D’inis Eoghan Murphy an fhírinne lom cé nár inis sé an fhírinne iomlán. Níl polasaí tithíochta an Rialtais oiriúnach in aon chor chun déileáil leis an ngéarchéim atá ag cur as do dhaoine faoi 40 bliain d’aois go háirithe, agus do dhaoine faoi 30 bliain thar aon dream eile. 

Dá laige é mar pholasaí, níl seans ar bith ann go mbeidh fiú dea-thoradh teoranta ar chur chuige an Rialtais mura mbíonn sé de chrógacht ag Teachtaí Dála, Seanadóirí agus comhairleoirí áitiúla teacht ar chomhthuairim faoin leigheas a theastaíonn.

Is eol dúinn go léir cad é an leigheas: tithe agus árasán a thógáil. le díol nó le ligean ar cíos, sna háiteanna a oireann (a) do dhaoine óga agus (b) do dhaoine aosta ar mian leo teach níos lú nó árasán a lorg in áit atá cóngarach don áit ina raibh cónaí orthu le fada.

Molaimis Eoghan Murphy toisc gur mheabhraigh sé dúinn go bhfuil deacracht pholaitiúil mhór le réiteach: an tslí ina gcuireann ionadaithe bac ar scéimeanna tithíochta nach dtaitníonn leis an bpobal. Nó an tslí a gcuireann siad moill orthu. Nó an tslí a laghdaíonn siad an dlús cónaitheach a mholtar, mar a tharla, mar shampla, i gcás an bhaile nua atá molta a thógáil i gCluain Buiríosa ar an taobh thiar den phríomhchathair.

Níor luaigh Eoghan Murphy an dream atá freagrach as seasamh na bpolaiteoirí: an pobal. Oireann TATIBU mar acrainm don leithleachas atá á léiriú ar fud na tíre.

TATIBU: Tóg An-chuid Tithe i bhFad Uainn.

Fág freagra ar '‘TATIBU’ is cúis le heaspa dul chun cinn maidir leis an ngéarchéim tithíochta…'