Táthar ag súil go bhfaighidh an ghairm chun léirsithe ag na tinte an chluas bhodhar

Tráth a bhfuil míshuaimhneas forleathan i measc roinnt aontachtaithe agus dílseoirí, ní hiontas lucht feachtais a bheith ag iarraidh tacaíocht a thiomsú ach cuireann an mí-iompar náire agus olc ar chuid mhór den phobal aontachtach

Táthar ag súil go bhfaighidh an ghairm chun léirsithe ag na tinte an chluas bhodhar

‘Beidh na tinte cnámh níos mó agus níos spleodraí i mbliana mar agóid in éadan an Phrótacail.’

Na tinte a lasfar an oíche roimh fhéile bhliantúil na nOráisteach ar an dara lá déag d’Iúil atá i gceist, timpeall 250 acu ar fad. Toisc gur ar an Luan a bheidh an dara lá déag i mbliana lasfar cuid de na tinte cnámh oíche Dé Sathairn ach mall ar an Domhnach a chuirfear lasair leis na cinn mhóra.

Daoine a bhí ag iarraidh an feachtas in aghaidh teorainn i Muir Éireann, an Prótacal iarBhreatimeachta a ghéarú agus a threisiú a thug an foláireamh sin – nó an gheallúint – faoi mhéid na dtinte. Cothaíonn líon beag de na tinte cnámh fadhbanna slándála agus sábháilteachta gach bliain agus údar imní do na húdaráis is ea dornán acu i mbliana.

Dúirt an PSNI gurb í an tine in Tiger’s Bay i dtuaisceart Bhéal Feirste an t-údar buartha ba mhó. Ceantar dílseach é atá taobh leis an Lóiste Nua, comharsanacht náisiúnach. Táthar imníoch go ngríosóidh an tine trioblóid trasphobail ó tá sí suite taobh leis an ‘mballa síochána’, teorainn slándála chun an dá cheantar a dheighilt óna chéile. Is minic cheana a tharla achrann idir ógánaigh ar dhá thaobh an bhalla agus tá faitíos ar phóilíní agus polaiteoirí go gcuirfear lasair sa bharrach ag deireadh na seachtaine seo.

Is ar an tSeirbhís Dóiteáin a thiteann an t-ualach is troime oíche na dtinte cnámh, iadsan a chaitheann tithe agus gnólachtaí a choinneáil slán ó thinte ollmhóra a thógtar róghar dóibh. I mbliana tá dúshlán sa bhreis ag stáisiún dóiteáin Bhaile Nua na hArda i gContae an Dúin. Tá tine a áirítear a bheith suas le fiche méadar ar airde tógtha os a chomhair amach; bhí an tine ar an láthair sin cheana ach bhí sí níos lú. B’éigean cliabhán ardaithe a úsáid chun an ceann seo a thógáil.

Caithfear ábhar lasairdhíonach a chur ar fhuinneoga an stáisiúin chun é a choinneáil slán ón tine. Tá plé freisin faoin gcúrsa is oiriúnaí don tseirbhís – ar cheart an fhoireann agus an trealamh a aistriú chuig láthair éigin eile ionas go mbeidh siad in ann freagairt ar ghlaonna gan sluaite nó lasracha a beith sa mbealach orthu.

Daoine óga is mó a thógann na tinte ach is cinnte go ndéanann daoine anaithnide cuid acu a ionramháil chun teannas a chothú. Bíonn spraoi agus ceol ag cuid de na tinte beaga, ceiliúradh sráide nó comharsanachta ach bíonn comharthaí sóirt an tseicteachais agus naimhdeas polaitiúil follasach ag go leor acu.

Ag deireadh na seachtaine seo caite bhí póstaeir thoghcháin de chuid Shinn Féin agus Alliance crochta ar thine i bPort an Dúnáin. Gan dabht beidh íomhánna d’ionadaithe ó Shinn Féin, SDLP agus Alliance ar go leor tinte eile taobh istigh de chúpla lá. Is beag seans a chuirtear amú chun ‘naimhde an aontachtachais’ a chur trí thine.

Ceiliúradh ar a gcultúr dílseach is ea é, a deir lucht tógtha na dtinte. D’eascair sé as lasadh na dtinte san seachtú haois déag le fáilte a chur roimh an Rí Uilliam, é fite fuaite le cinseal na bProtastúnach sa réigiún. Tráth a bhfuil míshuaimhneas forleathan i measc roinnt aontachtaithe agus dílseoirí faoina seasamh san Ríocht Aontaithe ní hiontas lucht feachtais a bheith ag iarraidh tacaíocht a thiomsú ach cuireann an mí-iompar a bhaineann le dornán de na tinte cnámh náire agus olc ar chuid mhór den phobal aontachtach.

Cháin ceannaire an UUP, Doug Beattie an taispeántas ina thoghcheantar féin mar a raibh pictiúir de cheannaire an Alliance, Naomi Long, agus ceann d’iarrthóir toghcháin de chuid Shinn Féin, chomh maith le bratacha na hÉireann agus an Aontais Eorpaigh ar thine i bPort an Dúnáin. Ní ‘cultúr aontachtach’ é íomhánna a chur trí thine, a dúirt sé, is taispeántas fuatha é. Dúirt John O’Dowd, Sinn Féin agus Eoin Tennyson, Alliance gur choir fuatha a bhí ann agus go raibh dualgas ar cheannairí áitiúla féachaint chuige go gcuirfí stop leis.

Ní ghlacann an tOrd Oráisteach ról sna tinte cnámh cé gurb iad na himeachtaí oscailte den fhéile bhliantúil iad. Chuir an tOrd na máirseálacha don dara lá déag ar ceal anuraidh i ngeall ar an bpaindéim. I mbliana chuir siad na paráidí móra ar ceal ach rithfear máirseálacha beaga, 100 acu a bheidh teoranta do cheantar an lóiste.

Ní léir cad a cheapann ceannaireacht an Oird Oráistigh faoi dhaoine gan ainm ar mheáin shóisialta a bheith ag gríosú an phobail chun agóide in aghaidh an Phrótacail le linn na féile. Tá an tOrd míshásta leis an teorainn i Muir Éireann ach ní bheadh buntáiste le breith ag a gcúis as trioblóid ag deireadh na seachtaine. Faoiseamh ab ea é nár tugadh aird ar bith ar an lucht gríosaithe a d’iarr ar dhaoine a dhul go Droim Crí i bPort an Dúnáin Dé Domhnaigh seo caite chun sean-agóid a athnuachan, feachtas Oráisteach ar theip air breis is scór bliain ó shin.

Táthar ag súil go bhfaighidh an ghairm chun léirsithe ag na tinte an deireadh seachtaine seo an chluas bhodhar freisin.

Fág freagra ar 'Táthar ag súil go bhfaighidh an ghairm chun léirsithe ag na tinte an chluas bhodhar'