Táthar ag déanamh giolla d’Éirinn agus iachall orainn glacadh le rud ar bith

An amhlaidh go gceapann Fine Gael agus Fianna Fáil go gcreidfidh muid gur ar son leas na tíre, seachas leas na bpáirtithe sin, atá siad ag smaoineamh ar chomhrialtas a bhunú?

Táthar ag déanamh giolla d’Éirinn agus iachall orainn glacadh le rud ar bith

Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

Tá an tír ina suan.

Tá tús curtha le cainteanna trádála idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach – cainteanna a mbeidh an-tionchar acu ar thodhchaí eacnamaíochta na hÉireann ó thuaidh agus ó dheas – is níl tada le rá fúthu ag rialtas na tíre.

Go deimhin, níl aon rialtas ann, seachas an cur i gcéill atá ar siúl ag Fianna Fáil agus Fine Gael. Bhí sé soiléir le tamall go raibh ceannairí na bpáirtithe sin – cibé tuairim atá ag baill na bpáirtithe – meáite ar Sinn Féin a choinneáil amach as an rialtas agus an t-éileamh ar son an athraithe a mhaolú nó a shrianadh i slí nach gcuirfeadh as do lucht an airgid.

Anois tá siad ag iarraidh a chur ina luí orainn féin go bhfuil siad ag teacht le chéile le muid a shábháil ón gcoróinvíreas, cé go bhfuil a fhios againn nach bhfuil ann ach leithscéal. An gceapann siad go gcreidfidh muid gur ar son leas na tíre, seachas leas na bpáirtithe sin, atá siad chun comhrialtas a bhunú?

Ach is é an rud is measa, fad atá an chipiléireacht seo ar siúl, beifear ag socrú áit éigin eile cad atá i ndán don tír seo.

Agus ní hiad na polaiteoirí amháin atá ina dtost faoi na cainteanna trádála ach na meáin freisin. Rinneadh scéal mór de go raibh na cainteanna curtha ar athlá ar feadh seachtaine.

Má dhéantar tagairt ar bith do na cainteanna ní bhíonn ann ach ráiteas go bhfuil deacrachtaí atá nach mór dosháraithe ann, go bhfuil seasamh láidir á thógáil ag Michel Barnier thar ceann na hEorpa agus seasamh láidir á thógáil ag David Frost thar ceann na Breataine, is gothaí troda ag an mbeirt acu.

Níl plé dá laghad ann faoi céard is cóir dúinne a bheith ag lorg ó na cainteanna, nó cén sprioc ba mhaith linne a fheiceáil leo. Tá muid ar an imeall ag fanacht go socróidh na máistrí a bhfuil i ndán dúinn.

Tá trí mhórcheist ann a bhaineann linne Éireannaigh níos mó ná le dream ar bith eile san Eoraip.

Ar dtús, is go dtí an Bhreatain a chuireann muid an céatadán is mó dár gcuid onnmhairithe bia, an mhairteoil go háirithe. Dá mbeadh táillí móra de chuid an WTO (an Eagraíocht Dhomhanda Trádála) le híoc chaillfeadh muid cuid mhaith den mhargadh is an-chuid den phraghas a thiocfadh ar ais go hÉirinn.

Maidir le cáis, ar ndóigh is cáis chéadair is mó a tháirgeann muid ach is i Sasana amháin, nach mór, a itear an céadar. Níl aon mhargadh eile ann ar fud na hEorpa don cháis seo.

Uimhir a dó, tá práinn le socruithe a chinntiú maidir leis an trádáil thuaidh theas agus an córas a bheas i bhfeidhm maidir le trádáil an Tuaiscirt le Sasana. Níl an scéal seo tábhachtach ach do mhuintir na hÉireann amháin.

Ceangailte leis sin, tá na socruithe a bheas ann do na hearraí a chuirtear go dtí an Mhór-Roinn tríd an mBreatain. Cén páipéarachas a bheidh riachtanach nó cén chaoi a bhféadfaí é sin a shimpliú?

Agus an tríú rud, má bhíonn teorainn eacnamaíochta lonnaithe ar Mhuir Éireann, céard iad na socruithe iascaireachta a bheas ann? An mbeidh rochtain ag iascairí na hÉireann ar na meánna chloicheán is eile mar atá faoi láthair?

Ní dóigh liom gur aon údar compoird dúinn an milleán a chur ar na Sasanaigh faoi theip na gcainteanna. Nach fearrde féachaint chuige go mbeidh dea-thoradh orthu?

Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh an tAontas Eorpach cabhrú le freastal ar mhianta na Sasanach a bheith saor ó rialacha an AE. Agus má chothaíonn a leithéid deacrachtaí don mhargadh aonair, nach deacracht eile don mhargadh sin na socruithe difriúla atá á ndéanamh ag ballstáit faoi leith maidir leis an gcoróinvíreas agus an taisteal agus an eacnamaíocht trasteorann?

Tá an Iodáil, an Ostair is tíortha nach iad ag déanamh leas a náisiún féin maidir leis an ngalar seo agus an tionchar a bheidh aige ar an eacnamaíocht.

Cé gur baolaí ar fad é scéal na trádála don tír seo tá na polaiteoirí sásta fanacht le fáil amach cén socrú a dhéanfaidh na hEorpaigh dúinn.

Fiú má ghlacann tú leis an argóint sheafóideach gur chun leas na hÉireann é an margadh aonair a chosaint agus cloí le spriocanna an Aontais maidir leis na cainteanna seo, nach cóir go mbeadh cur isteach éigin againn sna cainteanna céanna? An cuid den Aontas muid a bhfuil an ceart againn ár moltaí féin a dhéanamh, nó an dream sclábhaithe muid a bhfuil d’iachall orainn glacadh le rud ar bith?

Nach cóir, ar a laghad, go mbeadh díospóireacht againn faoi na roghanna atá ann, agus go mbeadh díospóireacht idir na páirtithe polaitiúla agus sna meáin.

Ach níl aon phlé agus níl aon díospóireacht. Níl aon neart againn ar an scéal.

Nach truamhéalach an cás muid!

Fág freagra ar 'Táthar ag déanamh giolla d’Éirinn agus iachall orainn glacadh le rud ar bith'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    ‘nach cóir go mbeadh cur isteach éigin againn sna cainteanna céanna?’
    Tá agus cur isteach mór mar a bhí sa chéad bhabhta de na cainteanna. Sin é an fáth go bhfuil teorainn i Muir Éireann.
    Oibríonn an tAontas Eorpach ar son leas na mballstát mar is aontas idir bhallstáit é. Oibríonn an Ríocht Aontaithe ar son leas Shasana.
    Is ait go bhfuil neamhspleáchas Éireann ó mhargadh Shasana ag cur eagla air.

  • Gearóid

    “Níl aon phlé agus níl aon díospóireacht” – Tá paindéim domhanda ag titim amach agus an t-iriseoir ag maíomh gur cheart Rialtas nua teacht i gcumhacht! Is baolach go mbeidh lucht leighis na tíre ag déanamh cinntí go luath ar na hothair ar chóir nó nár chóir leapacha a thabhairt dóibh. Ní ar son leasa FG/FF atá an comhrialtas seo, fágfaidh an paindéim agus an cúlú a thiocfaidh leis FF/FG in áit na leathphingne agus beidh SF brea sásta é sin a fheiceáil ón taobhlíne. Táim féin an-bhuíoch go bhfuil siad ag teacht le chéile.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Ba mhaith leat, a Eoin, a chur ina luí orainn go bhfuil an Aontas Eorpach ina impireacht, nach bhfuil aon ionchur ag an tír seo sna cainteanna trádála, gur ‘slábhaithe muid a bhfuil de iachall orainn glacadh le rud ar bith’, mar a deireann tú san alt. Ag léamh na píosaí atá scríofa agat, Eoin, faoi Aontas na hEorpa thar na blianta ar Tuairisc.ie is léir dom nach bhfuil sé bunaithe ar anailís stuama, an cosúil leis an mbollscaireacht a bhíonn ar an stáisiún teilifís Russia Today. Níl an Aontas Eorpach gan locht agus is ceart é a lochtú faoi rialacha gan mórán céille a chuireann srianta ar thíortha ó am go ham, déileál le fadhbanna áitiúla. Ach tríd is tríd is maithé ag cruthú polasaithe le déileáil le fadhbanna nach féidir le tír amháin as féin a réiteach. Trumpachas atá sa mheon go mba cheart gach tír breathnú ina dhiaidh féin agus bíodh an deabhal ag an gcuid eile.

    Seans go bhfuil daoine macánta a chreideann an méid a thugann tú le fios, Eoin, san alt seo uait, sé sin nach mbeidh aon tionchar ag an tír seo ar na cainteanna trádála, cé go n-inseodh taithí leis an idirbheartaíocht faoin mBreatimeacht a mhalairt. Caithfear a thuiscint fút go bhfuil sé admhaithe agat go bhfuil tú ag iarraidh an Aontas Eorpacha bhriseadh as a chéile, mar atá Trump, mar atá Putin agus mar atá Farage agus beagnach gach dream ar an eite dheis ar fud na hEorpa chomh maith le roinnt daoine ar trua leo titim an chórais sa USSR.

    Iad meallta le bollscaireacht agus le bréaga, vótáil Sasanaigh ar son imeacht ón Aontas Eorpach. Bhí an ceart daonlathach é sin a dhéanamh agus tá an Bhreatain taobh amuigh den AE anois, ach neart idirbheartaíochta fós le déanamh. Bhí tú, Eoin, ar son an Bhreatimeachta ag an am, mar a bhí Páirtí Cumannach na Breataine agus gach dream ar an eite dheis. Ina dhiaidh sin agus an dochar déanta mhol tú go mba ceart go mbeadh rialtas na hÉireann i mbun idirbheartaíochta as féin le rialtas na Breataine faoi théarmaí an Withdrawal Agreement, mar nach bhféadfaí braith ar an AE. Bhí tú mícheart an uair sin, mar a léiríodh go soiléir ó shin.

    Cé nach dtagann sé leis an mbolscaireacht atá agat, glacaim leis dtuigeann tú gur éirigh an mhaith le rialtas na hÉireann a chur ina luí ar an bhfoireann idirbheartaíochta de chuid an Aontas Eorpach go gcaithfí (i) eacnamaíocht na hÉireann a chosaint agus (ii) go gcaithfí a chinntiú nach mbeadh teorann cruaidh á chur i bhfeidhm ar oileán na hÉireann. (Mé ag glacadh leis go bhfuil leabhar Tony Connelly faoin idirbheartaíocht léite agat, os rud é go luann tú an deacracht a bheadh ag tairgeoirí cáis Cheddar, ar tharraing leabhar Connelly aird air.)

    In ainneoin chomh maith is a d’éirigh le Michel Barnier agus Leo Varadkar brú a chur ar Johnston agus na Toraithe i Sasana glacadh leis nár ceart teorann cruaidh a bheith ar oileán na hÉireann, tá tú ag ceapadh nár cheart muinín ar bith a chur i gcur chuige an Aontas Eorpach sna cainteanna trádála agus gur fearr a d’éireodh linne asainn féin in aghaidh rialtas Westminister!

    Is iriseoir maith thú, a Eoin. Cleacht do cheard ar Tuairisc.ie. Tá do léitheoirí i dteideal níos fearr uait faoi cheist na Breatimeachta, bunaithe ar thuairimí nach bhfuil tacaíocht aige ó aon dream sa tír ach daoine ar an eite dheis atá frith-imirceach agus daoine atá fós ag caoineadh titim as a chéile an Aontas Sóibhéadach!

  • Eoin O Murchu

    Tá go maith ach níl sé fógraithe aon áit cén moladh – má tá ann – atá dhá chur chun cinn ag rialtas na hÉireann don Aontas Eorpach i leith na gcainteanna trádála. Má tá a fhios agatsa, cén foinse atá agat, mar níl sé le fáil sna méáin nó i ráitis phoiblí de chuid an rialtais.
    Deir Barnier agus Von der Leyen gur cosaint an mhargaidh aonair an sprioc is mó atá acu, ach cá bhfágfaidh sé sin ár dtrádail bhia le Sasana.
    Ni leór an tAontas Eorpach a chosaint gach uair a cháintear é. Nach cóir dul i ngleic leis na hargóintí, in ionad iad a chur de dhroim seóil toisc gur cumannach neamhleithscéalach atá dhá gcur chun cinn?