Tarrtháladh an bheirt a bádh i nGaeltacht Thír Chonaill ag an deireadh seachtaine in eachtra farraige eile an mhí seo caite

Ní fios go fóill céard a tharla don bheirt Liotuánach a bádh amach ó chósta Mhálanna Bige i nGaeltacht Thír Chonaill ag an deireadh seachtaine, ach tuairiscítear gur tarrtháladh an bheirt chéanna in eachtra eile an mhí seo caite

Tarrtháladh an bheirt a bádh i nGaeltacht Thír Chonaill ag an deireadh seachtaine in eachtra farraige eile an mhí seo caite

Tuairiscítear go raibh an bheirt fhear a bádh amach ó chósta Ghleann Cholm Cille i nGaeltacht Thír Chonaill ag an deireadh seachtaine i measc ceathrar a tarrtháladh san áit chéanna in eachtra eile an mhí seo caite.

Thángthas ar chorp Rimantis Barauskus, a bhí ina chónaí sa Seanchaisleán i gContae na Mí, ar an trá i Málainn Bhig maidin inné. Ní raibh seaicéad tarrthála á chaitheamh aige nuair a tháinig feirmeoir as an áit ar a chorp ar an trá. Bhí sé 56 bliain d’aois.

Níor ainmníodh an dara fear, ar chara le Barauskus é, go hoifigiúil go fóill. Ba bheirt Liotuánach iad na cairde a bhí ag cur fúthu i gContae na Mí agus i gContae an Longfoirt. Tuairiscítear gur minic a thagadh siad beirt ar chuairt chuig Gleann Cholm Cille agus an ceantar máguaird le dul ag iascaireacht.

Ag labhairt dó leis an stáisiún Highland Radio dúirt John Draper ó Gharda Cósta na hÉireann go raibh an aimsir go breá nuair a chuaigh an bheirt fhear amach tráthnóna Dé Sathairn agus nach rabhthas cinnte go fóill céard a bhain dóibh a d’fhág san uisce iad.

Tuairiscíodh ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu go raibh an bheirt fhear ar an mbád céanna Dé Sathairn a bhí in úsáid acu nuair a rith siad as breosla an mhí seo caite. Tarrtháladh an uair sin iad in éineacht le beirt eile san áit chéanna ar tharla eachtra na seachtaine seo.

Tá an bheirt anois in otharlann Leitir Ceanainn, áit a ndéanfar scrúdú iarbháis orthu inniu.

Tharla eachtra an deireadh seachtaine seo in aice le oileán Rathlin Uí Bheirne, áit a ndeachaigh traelaeirí móra an Carraig Úna agus an Evelyn Marie go grinneal sna 1970í.

Fág freagra ar 'Tarrtháladh an bheirt a bádh i nGaeltacht Thír Chonaill ag an deireadh seachtaine in eachtra farraige eile an mhí seo caite'