Tá an tarraingt déanta do bhabhta na ngrúpaí do Chorn Sam Mhig Uidhir agus Corn Tailteann agus múnla nua á úsáid ag CLG don chraobhchomórtas i mbliana.
D’fhéadfadh gur i nGrúpa 1 a bheidh seaimpíní na hÉireann Ciarraí má fhaigheann siad an ceann is fearr ar chontae an Chláir i gcluiche ceannais na Mumhan Dé Domhnaigh seo chugainn.
Sa chás sin, d’fhéadfadh gur in aghaidh Mhaigh Eo i gCill Airne a bheadh Ciarraí ina gcéad chluiche i mbabhta na ngrúpaí. Corcaigh agus an fhoireann a chaillfidh Cluiche Ceannais Chúige Laighean, Áth Cliath nó Lú, na foirne eile a bheidh i nGrúpa 1.
Má fhaigheann an Ghaillimh an ceann is fearr ar Shligeach i gcluiche ceannais Chúige Chonnacht Dé Domhnaigh, beidh siad i nGrúpa 2 le dhá cheann de na foirne is fearr sa tír.
In éineacht leo sa ghrúpa sin, bheadh Tír Eoghain agus an fhoireann a chaillfidh cluiche ceannais Chúige Uladh, Ard Mhacha nó Doire. An Iarmhí, buaiteoirí Chorn Tailteann na bliana seo caite, an fhoireann eile i nGrúpa 2.
Beidh Dún na nGall i nGrúpa 4 le seaimpíní Chúige Uladh, Ard Mhacha nó Doire, Muineachán agus an dream a chaillfidh cluiche ceannais na Mumhan, Ciarraí nó An Clár.
Beidh curaidh Chúige Laighean, Áth Cliath nó Lú i nGrúpa 3, mar a mbeidh Ros Comáin, Cill Dara agus an fhoireann a chaillfidh cluiche ceannais Chúige Chonnacht, Gaillimh nó Sligeach.
Imreoidh gach foireann in aghaidh na bhfoirne eile atá sa ghrúpa agus beidh cluiche amháin ag baile, cluiche as baile agus cluiche i bpáirc neodrach ag na foirne go léir. Imreoidh na seaimpíní cúige a gcéad chluiche ag baile in aghaidh an fhoireann atá réimnithe sa tríú háit in ord feabhais sa ghrúpa.

Imreofar an chéad bhabhta cluichí ar an 20-21 Bealtaine.
Rachaidh na foirne a chríochnóidh ar bharr a ngrúpaí díreach ar aghaidh go dtí babhtaí ceathrú ceannais chraobh na hÉireann. Imreoidh na foirne a chríochnóidh sa dara háit agus sa tríú háit sna grúpaí i réamhchluiche ceathrú ceannais.
Rinneadh an tarraingt inniu chomh maith do Chorn Tailteann. Beidh dhá chontae Gaeltachta, An Mhí agus Port Láirge, á fhéachaint le chéile i nGrúpa 2. An Dún agus Tiobraid Árann na foirne eile sa ghrúpa sin.
Tá dhá cheann eile de chontaetha móra traidisiúnta na peile i nGrúpa 1, An Cabhán, a chaill i gcluiche ceannais Chorn Tailteann anuraidh, agus Uíbh Fhailí a chaill i ndiaidh am breise in aghaidh Lú i gcluiche leathcheannais Chúige Laighean an deireadh seachtaine seo caite. Laois agus Londain na foirne eile i nGrúpa 1.
I nGrúpa 3, beidh Luimneach san iomaíocht le trí cinn d’fhoirne as Cúige Laighean, Cill Mhantáin, An Longfort agus Ceatharlach.
Fear Manach, Aontroim, Loch Garman agus Liatroim a tarraingíodh i nGrúpa 4.
Cáileoidh na foirne a chríochnóidh sa chéad áit sna grúpaí díreach ar aghaidh go dtí babhtaí ceathrú ceannais Chorn Tailteann. Imreoidh na foirne a chríochnóidh sa dara háit agus sa tríú háit réamhchluiche ceathrú ceannais, seachas ceann amháin de na foirne a chríochnóidh sa tríú háit.
Díbreofar an fhoireann is measa de na ceithre fhoireann a chríochnóidh sa tríú háit mar go bhfuil áit curtha ar leataobh sna réamhchluichí ceathrú ceannais do Nua-Eabhrac.
Corn Sam Mhig Uidhir
Grúpa 1
Grúpa 2
Grúpa 3
Grúpa 4
Corn Tailteann
Grúpa 1
Grúpa 2
Grúpa 3
Grúpa 4
Fág freagra ar 'Tarraingt na craoibhe peile déanta, cuma dhúshlánach ar chúrsaí do chontaetha Gaeltachtan Sam Mhig Uidhir'