Tarraingt déanta do Chraobhacha Sinsir agus Idirmheánacha Peile na Gaillimhe 2018

Rinneadh athrú ar struchtúr na gcraobhacha don bhliain seo agus cuireadh na foirne sa dá ghrád isteach i ngrúpaí.

Tarraingt déanta do Chraobhacha Sinsir agus Idirmheánacha Peile na Gaillimhe 2018

Tá an tarraingt do Chraobhacha Sinsir agus Idirmheánacha Peile na Gaillimhe 2018 déanta agus coimhlintí suimiúla i ndán do na foirne Gaeltachta.

Rinneadh athrú ar struchtúr na gcraobhacha don bhliain seo agus tá na foirne sa dá ghrád curtha isteach i ngrúpaí. Sa Chraobh Shinsir, tá an 20 foireann roinnte ina gceithre ghrúpa agus ceithre ghrúpa de cheithre fhoireann a bheidh ann sa ghrád idirmheánach.

Tá méadú tagtha ar líon na bhfoirne a dtabharfar ísliú céime dóibh sa dá chraobh i mbliana. Díbreofar trí fhoireann as an gCraobh Shinsir agus trí cinn eile as an gCraobh Idirmheánach.

Cuireadh An Cheathrú Rua i nGrúpa 1, isteach le seaimpíní sinsir na Gaillimhe 2017, Cora Finne, agus seaimpíní Idirmheánacha an chontae anuraidh, Baile Chláir na Gaillimhe. Tá fir na cathrach, Naomh Séamus, i nGrúpa 1 chomh maith agus is i gcoinne Sheamróga Chortúin a bheidh An Cheathrú Rua sa chéad bhabhta.

I nGrúpa 2, tá Bearna, Anach Cuain, Réalta Thuama, Cill Aithnín agus Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach.

Tá Naomh Anna Leitir Móir i nGrúpa 3 agus cuirfidh siadsan tús lena bhfeachtas in aghaidh Chill Conla sa dara babhta cluichí. Tá An Creagán/Maigh Locha, a shroich cluiche ceannais an chontae anuraidh, Cill Fhir Iarainn agus Cathair Loistreáin uile i nGrúpa 3 chomh maith.

Ar deireadh, i nGrúpa 4, beidh Maigh Cuilinn san iomaíocht le Muine Mheá/An Mhainistir, Naomh Micheál, An Chealtrach agus Baile an Mhuilinn.

Sa chraobh Idirmheánach, beidh coimhlint mhór sa chéad bhabhta i nGrúpa 2 agus na comharsana béal dorais, An Spidéal agus Micheál Breathnach, ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Is iad Uachtar Ard agus Naomh Breandán na foirne eile atá sa ghrúpa sin.

Tá dhá fhoireann Ghaeltachta eile i nGrúpa 4, Oileáin Árann agus Carna/Caiseal. Cuirfidh na hOileánaigh tús leis an gcraobh in aghaidh Átha Cinn agus is i gcoinne Naomh Gaibriéil a bheidh Carna/Caiseal.

Is iad Baile Liam, Órán Mór/Mearaí, Gleann na Madadh, agus Mionlach atá i nGrúpa 1 agus i nGrúpa 3 tá Cill Choirín/Cluain Bheirn, An Clochán, Baile Átha an Rí agus An Dún Mór Mhic Éil.

Fág freagra ar 'Tarraingt déanta do Chraobhacha Sinsir agus Idirmheánacha Peile na Gaillimhe 2018'