Tarraingíonn an t-olc aird an phobail ach déantar neamhaird orthu siúd a threabh leo go macánta…

Cuimhníonn ár gcolúnaí ar bheirt ghaiscíoch, ar chaon taobh den Atlantach, a rinne a gcion go ciúin macánta

Tarraingíonn an t-olc aird an phobail ach déantar neamhaird orthu siúd a threabh leo go macánta…

Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

Tá bua agus mealltacht ag baint le scéalta faoi dhaoine sa saol seo a rinne rud éigin as bealach nó a tharraing conspóid.

Sin é a d’airigh mé á rá ag duine a bhí ag caint le gairid faoi bhealaí le dhul i gcion ar thurasóirí. Más scéal maith é – fág marbh é nó ná téigh i bhfad scéil leis. Áibhéil? Sea, de bheagán, ach tá firinne ann freisin, faraor. Téama é atá i bhfad agus i ngearr sa saol.

Tarraingíonn an t-olc agus an rud drámatúil aird an phobail ach déantar neamhaird scaití orthu siúd a threabh leo go macánta ar an talamh.

Ar an téad sin a bhí iarMhéara Chathair Bhostúin agus iarAmbasadóir na Stát Aontaithe chun na Vatacáine, Ray Flynn ina cholún seachtainiúil sa Boston Herald an tseachtain seo.

Ag scríobh faoi Mhike Joyce a bhí sé, fear arbh as Béal an Daingin i nGaeltacht Conamara ó dhúchas dó. “Is iomaí duine nach ndearna a leathoiread leis a bhí ina ábhar mór sna príomhscéalta sna meáin,” arsa Flynn agus é ag trácht ar an Seoigeach.

Ag trácht ar theacht le chéile i mbialann Amrheims i South Boston a bhí an t-iarMhéara.

Tá an bhialann sin ina hionad tionóil ag Gaeil agus Gael-Mheiriceánaigh le fada an lá. Bhíothas ag bailiú airgid ar mhaithe le caoi agus cóir cheart a choinneáil ar an ‘Michael Joyce Memorial Park’ atá in aice le Castle Island i ndeisceart chathair Bhostúin. Cairde agus daoine aitheantais a rinne forbairt ar an bpáirc seo i gcuimhne Mhike. Áiseanna agus bealaí spraoi do ghasúir atá sa bpáirc seo. Tugtar deis ansin do ghasúir agus dá muintir le bheith ag súgradh agus ag spraoi. Áit dheas í, buailte ar an trá, Carson Beach agus ar chuan Dorchester, ceantar a bhfuil lorg na nÉireann agus lorg a gcos fágtha ag muintir na Gaeltachta ann le fada fada an lá.

Deich mbliana fichead go ham seo a bhásaigh Mike Joyce, a raibh cónaí ar féin agus a

theaghlach i Sráid Willis in Dorchester. Bhí dhá scór bliain caite aige i mBoston. Bhí sé sna saighdiúirí ar an Rinn Mhóir sular chroch sé a sheolta. Dornálaí an-mhaith éadrom-mheáchain a bhí ann cé gur dheacair an dornálaíocht a shamhlú le fear chomh séimh leis.

D’oibrigh sé i dteach tábhairne i lár Bhoston mar ar chuir sé aithne ar chuimse polaiteoirí, John Fitzgerald Kennedy ina measc. Le himeacht aimsire fuair sé post i bParlaimint Stáit Mhassachusetts agus bhí a cháil i bhfad agus i ngearr de bharr an eolais a bhí aige ar dhlí na hinimirce.

Thug sé go leor cúnaimh do mhuintir Chonamara agus do mhuintir na hÉireann ach níor chuir sé teorainn tíreolaíochta ar bith ar a charthanas ná a chomhoibriú. Thug sé lámh chúnta do dhaoine as tíortha ar fud an domhain ar bhonn deonach agus taobh amuigh dá chuid uaireanta oibre.

Nuair a bhí cuimse Éireannach i gcruachás go mídhleathach i Meiriceá sna 1980óidí d’oibrigh Mike ar an gcúlsráid. Bhí a chuid taidhleoireachta an-tábhachtach an tráth sin. Dúirt an t-iarfheisire Comhdhála in Washington, Brian Donnelly (an fear as ar baisteadh na ‘Donnelly Visas’) gurb é Mike Joyce a leag amach na bealaí go príobháideach leis na víosaí seo a thabhairt isteach i 1986. Chuidigh an córas sin leis na mílte Éireannach ar theastaigh cead oibre agus cead cónaithe uathu go dleathach sna Stáit.

“That’s why people like Mike Joyce are ‘legends’ who knew how to get things done and weren’t afraid to stick their necks out to help people in need, especially veterans and working-class people, to build and preserve strong families and neighbourhoods. They did not have high-profile public images with ‘reformers and do-gooders’ but those of us who served in public office knew how important they were,” a dúirt Ray Flynn in cholún.

I bhfad níos faide siar atá súil á caitheamh in Institiúid Ríoga na hÉireann ar Shráid Dhásain i mBaile Átha Cliath sa taispeántas faoi Pawel Edmund Strzelecki, Polannach a rinne obair iontach chun teacht i gcabhair ar ghasúir na hÉireann in aimsir an Ghorta Mhóir. An tUachtarán, Mícheál D. Ó hUigínn a sheol an taispeántas.

Tugtar síos dó gur shábháil saothar Strzelecki – i gcomhar leis an British Relief Association – 200,000 gasúr sna blianta uafásacha sin. I gceantair thuaithe in iarthar na hÉireann a bhí go leor den fhóirithint seo ar bun, ceantar thiar Chonamara ina measc.

Ina chur síos ar obair Paul Edmund Strzelecki, dúirt an staraí as an gClochán, Kathleen Villiers-Tuthill, gur tugadh amach 527,723 béile do ghasúir i scoileanna ar imeall thiar Chonamara sa tréimhse idir Samhain, 1847 agus Aibreán 1848. Fuair 4,698 gasúr sa ‘Clifden Union’ (ceantar rialtais áitiúil san am a raibh pobail as an Líonán ó dheas go Cill Chiaráin istigh ann) na béilí seo.

‘A Forgotten Polish Hero of the Great Irish Famine: Paul Strzelecki’s Struggle to Save Thousands’ an téama atá ar an taispeántas in Institiúid Ríoga na hÉireann agus beidh sé ar bun go deireadh Lúnasa.

Is díol suntais é go bhfuil téama na n-óg ag baint leis an dá chuimhneachán seo ar bhealaí éagsúla. Leag Paul Edmund Strzelecki béim ar ghasúir a bheathú trí chóras na scoileanna – beart a bhí éifeachtach.

I mBoston, beartaíodh gur do ghasúr a mhúnlófaí Páirc Chuimhneacháin Mhike Joyce agus is iomaí sin duine óg agus gasúr ar réitigh sé bealach dóibh le go mbeadh deis agus saol níos fearr acu i Meiriceá.

Is mór is fiú go bhfuil cuimhne na beirte seo, a rinne níos mó ná a gcion féin do mhuintir Chonamara agus do mhuintir na hÉireann ar bhealaí difriúla, dúisithe.

Thuill a gcuid oibre áit i measc phríomhscéalta an tsaoil.

Fág freagra ar 'Tarraingíonn an t-olc aird an phobail ach déantar neamhaird orthu siúd a threabh leo go macánta…'