‘Tarraing a bhastaird!’ – Steve Cooney agus a chuid ceoil curtha inár láthair go cumasach ar TG4

Ceoltóir tréitheach é Steve Cooney má bhí a leithéid riamh ann agus thug an clár tathagach Sé Mo Laoch éachtaint ar an bhfear agus a chumas ceoil

‘Tarraing a bhastaird!’ – Steve Cooney agus a chuid ceoil curtha inár láthair go cumasach ar TG4

“D’fhéadfadh sé a bheith fiáin, diamhrach, garbh. Chomh neamhthrócaireach uaireanta leis an bhfarraige. Agus ansan d’fhéadfadh ciúnas luí gréine a bheith ag baint leis.”

B’in mar a dhein Breanndán Ó Beaglaoich cur síos ar chumas is stíl cheoil Steve Cooney ar an gclár Sé Mo Laoch: Steve Cooney (TG4, Dé Domhnaigh).

Ceoltóir tréitheach é Cooney má bhí a leithéid riamh ann agus tugann an clár tathagach seo éachtaint ar an bhfear agus a chumas ceoil.

‘What are you doing here white boy?’ a d’fhiafraigh bundúchasach de Cooney agus é in Northern Territory na hAstráile blianta siar ag iarraidh máistreacht a fháil ar an didiridiú. Bhí sé báite an oiread sin sa chultúr gur ghlac sé páirt i searmanas insealbhaithe.

Is iad an dream céanna a sheol go hÉirinn é á rá ná féadfadh sé cultúr na mbundúchasach a thuiscint murar thuig sé a chultúr féin; ba ón nGaillimh agus an Cabhán sinsir a athar. Bhog sé go hÉirinn i 1981 agus chuir sin cor cinniúnach in éabhlóid cheol traidisiúnta na hÉireann, i gCiarraí Thiar go háirithe.

Is ar an bpáirtnéireacht dhraíochtúil le Séamus Ó Beaglaoich a chuimhníonn mórán nuair a luaitear Cooney. Luadh cúpla babhta i rith an chláir go raibh fiántas faoi leith ag baint leis an gcomhghuaillíocht cheoil agus go mba gheall le ceolchoirmeacha rac iad go minic. Deir Cooney go mbíodh air guaim a choimeád ar féin agus é ag seinm in áiteanna eile sa tír ach go bhféadfadh sé scaoileadh leis an bhfiántas i gCorca Dhuibhne agus “tarraing a bhastairt” mar rosc catha ag an lucht féachana.

“Draoi” a thug Breanndán ar chumas Cooney agus tháinig leithéidí Iarla Ó Lionáird agus Martin Hayes leis. Fiú agus é i mbun cainte ar an gclár bhí a ghiotár á úsáid aige le pointe a shoiléiriú.

Go deimhin ba é an giotár a dhein a phointe dó ar uairibh.

Shleamhnaíodh sé ó sheánra amhráin go seánra eile ar hap an tairne.

Gan amhras caithfidh aoi faoi leith a bheith agat le clár uair an chloig a iompar agus labhair Cooney go tomhaiste, fealsúnach, deisbhéalach ó thús deireadh an chláir. É ag cur de faoi gach rud ó Chath Cionn tSáile go seisiúin cheoil i dtigh tábhairne An Bóthar. Is ríléir gur duine é a dhéanann dianmhachnamh ar chúrsaí an tsaoil is an cheoil. Agus é ag trácht ar oíche gur chan duine éigin an t-amhrán Dónall Óg sa tigh tábhairne, deir sé go raibh daoine eile ann a bhí níos cumasaí chuige, ach ní leomhfadh siad tabhairt faoi óir go raibh an t-amhrán seo luaite le teaghlach an fhir seo. Cúrsaí traidisiúin is oidhreachta ag sárú cumas ceoil.

Is as Béarla den chuid is mó a labhraíonn Cooney ach níl a Ghaelainn Dhuibhneach caillte aige go fóill agus ba dheas é a chloisint ag caint Gaelainne ar uairibh. Fágtar cúram na Gaeilge faoi leithéidí Bhreanndáin Uí Bheaglaoich (ní raibh Séamus sa chlár ar an drochuair). Sheasfá sa bhfuacht ag éisteacht le caint phointeáilte Bhreanndáin i nGaeilge shaibhir Chorca Dhuibhne. É ag cur síos ar an gcarbhán a chuir Cooney ar bharr Chuas na Ceannainne mar a mbíodh an ghaoth ag breith air.  Dar leis na mBeaglaíoch go mbíodh sé “sa leaba cúpla oíche agus é ag rince agus gan aon fhonn rince air”. Deir Cooney linn gurb é  “an réalt is ísle” a bhaist muintir Pharóiste Mórdhach ar a thigín.

Is duine léannta é Cooney a d’fhorbair a stíl féin le ceol a nótáil agus a bhain céim dhochtúireachta amach dó féin.

Lena chois sin tá obair mhór déanta aige ar chnuasach James Goodman.

Clár taitneamhach é seo a chuir duine faoi leith agus ceoltóir go smior os ár gcomhair go tuisceanach.

Fág freagra ar '‘Tarraing a bhastaird!’ – Steve Cooney agus a chuid ceoil curtha inár láthair go cumasach ar TG4'