Tar éis ocht mí den chogadh cá seasann rudaí maidir le geilleagar an dá thír?

ANAILÍS: Tá an tóin tite ar fad as geilleagar na hÚcráine ach níl ach cúlú eacnamaíochta ag tarlú sa Rúis

Tar éis ocht mí den chogadh cá seasann rudaí maidir le geilleagar an dá thír?

An Fronta Eacnamaíochta

Léiríonn na hionsaithe diúracáin agus dróin is déanaí ar bhonneagar giniúna leictreachais agus teasa na hÚcráine go bhfuil sé ar chumas na Rúiseach cogadh dearg a chur ar mhuintir na hÚcráine. Léiríonn siad freisin cé chomh tábhachtach is atá cúrsaí eacnamaíochta. Mura mbíonn na hacmhainní eacnamaíochta ag do chéile comhraic ní bheidh sé in ann leanúint leis an gcogadh.

De ghnáth is ionann an tír a bhfuil an geilleagar is mó aici agus an tír is cumhachtaí. Ach mar a léiríodh go dtí seo sa chogadh ní hionann a bheith cumhachtach agus a bheith éifeachtach.

Tar éis ocht mí den chogadh cá seasann rudaí maidir le geilleagar an dá thír?

Geilleagar na hÚcráine

Roimh thús an chogaidh ní hamháin go raibh fórsaí na Rúise ní ba láidre ná arm na hÚcráine bhí an geilleagar thart ar naoi n-uaire níos mó ná geilleagar na hÚcráine. Tar éis ocht mí de chogadh tuartar go laghdóidh geilleagar na hÚcráine thart ar 35% i mbliana ach táthar ag tuar nach dtiocfaidh laghdú ach thart ar 4.5% ar gheilleagar na Rúise.

Meastar go mbeidh gá le thart ar $76 billiún de chaiteachas rialtais chun an Úcráin a choimeád ag imeacht in 2023 ach níl ach $38 billiún á thuar mar theacht isteach. Toisc go bhfuil roinnt mhaith den earnáil táirgeachta scriosta ní bheidh mórán deiseanna ann chun níos mó teacht isteach a shaothrú. Mar shampla, nuair a cailleadh deisceart na tíre tháinig laghdú 45% ar easpórtálacha gráin, nuair a ghabh na Rúisigh an stáisiún núicléach i gcúige Zaporizhzhia ní raibh na hÚcránaigh in ann farasbarr leictreachais a easpórtáil agus nuair a scrios na Rúisigh Mariupol scrios siad ceann de na monarchana cruach is mó san Eoraip. Ina theannta sin, scriosadh beagnach gach scaglann ola agus idir 30%-40% den infreastruchtúr cumhachta sa tír.

Beidh an rialtas ag brath ar iasachtaí agus ar chabhair ó thíortha an iarthair chun an bhearna idir teacht isteach agus caiteachas a líonadh. Tuairiscítear go bhfuil thart ar $24 billiún geallta ag tíortha an iarthair agus go bhfuil an Úcráin ag plé leis an an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta [IMF] chun an chuid eile den bhearna a líonadh.

Anuas ar gach rud, tá cuid mhaith den bhonneagar poiblí, go háirithe san oirthear agus sa deisceart, scriosta agus beidh ar an rialtas é a atógáil. De réir tuarascáil ó Scoil na hEacnamaíochta in Kyiv rinneadh damáiste do thart ar 2,030 scoil agus naíonra, 1,077 ionad spóirt agus cultúir, 978 ospidéal agus ionad leighis, agus 315 droichead sa chogadh go dtí seo. De réir an Bhainc Dhomhanda cosnóidh sé $350 billiún ar a laghad chun áiseanna bonneagair na tíre a atógáil. Mar gheall ar na hionsaithe straitéiseacha ar áiseanna fuinnimh cuirfear leis an gcostas seo agus beidh ar an Úcráin foinsí infheistíochta eile a aimsiú chun an bonneagar a chur le chéile arís.

Tá na hionsaithe céanna ag cur leis an easpa deiseanna chun níos mó teacht isteach a shaothrú chomh maith, gan trácht ar an sceimhle agus an scaoll atá curtha ar mhuintir na hÚcráine agus an baol atá ann go dteithfidh níos mó teifeach go tíortha an iarthair. Is deacair a chreidiúint nár cuireadh córais fhrithdhiúracáin ar fáil don Úcráin chun an bonneagar fuinnimh a chosaint.

Comparáid le geilleagar na Rúise

Is léir ó na comharthaí eacnamaíochta éagsúla go bhfuil geilleagar na Rúise i bhfad níos láidre ná geilleagar na hÚcráine. In 2021 bhí olltáirgeacht intíre $1,775 billiún ag an Rúis nuair a bhí sí thart ar $200 billiún san Úcráin. Bhí olltáirgeacht intíre in aghaidh an duine thart ar $12,000 i gcomparáid le thart ar $4,800 san Úcráin. Beidh an ráta boilscithe san Úcráin thart ar 21% faoi dheireadh 2022 ach ní bheidh sé ach 14% sa Rúis. Meastar go bhfuil an ráta dífhostaíochta san Úcráin níos lú ná 30% ach de réir figiúirí ón Rúis tá an ráta thart ar 4% sa tír sin.

Cé go bhfuil cuid mhaith d’earnáil na táirgeachta san Úcráin scriosta ní dhearnadh ionsaithe ar earnáil na Rúise. Níl sé ar chumas na nÚcránach ionsaithe a dhéanamh ar bhonneagar na Rúise agus fiú dá mbeadh siad in ann sin a dhéanamh bheadh drogall orthu mar gheall ar an dearcadh a d’fhéadfadh a bheith ag tíortha an iarthair faoina leithéid.

Ina theannta sin, measadh go raibh luach $600 billiún de chiste curtha ar leataobh ag an Rúis roimh an gcogadh agus cé nach bhfuil ach thart ar $300 billiún ar fáil mar gheall ar na smachtbhannaí tá níos mó ná luach gheilleagar iomlán na hÚcráine ar fáil dóibh.

Gan amhras tiocfaidh athrú ar na comharthaí eacnamaíochta éagsúla sa Rúis mar gheall ar an gcogadh, mar gheall ar an slógadh, agus mar gheall ar na smachtbhannaí. Ach ní féidir aon chomparáid a dhéanamh idir tionchar an chogaidh ar gheilleagar na Rúise agus an tionchar tromchúiseach ar gheilleagar na hÚcráine toisc go bhfuil an difríocht chomh suntasach. Tá an tóin tite ar fad as geilleagar na hÚcráine ach níl ach cúlú eacnamaíochta ag tarlú sa Rúis.

Idir dhá thine Bhealtaine

Tá dul chun cinn suntasach déanta ag na hÚcránaigh ar an talamh le déanaí agus is dóichí ná a mhalairt go bhfuil cath tábhachtach ar na bacáin ar bhruach thiar abhainn an Dnipro timpeall chathair Kherson. Beidh siad ag iarraidh leanúint leis an dul chun cinn a oiread agus is féidir agus chomh luath agus is féidir.

Gan amhras tá measúnú leanúnach á dhéanamh ag an dá thír ar cá seasann cúrsaí sa chogadh. Beidh na hÚcránaigh ag féachaint ar an dul chun cinn atá déanta ar thaobh amháin den scéal agus ar an dochar atá déanta do gheilleagar agus do mhuintir na tíre ar an taobh eile. Beidh siad ag féachaint freisin ar conas a théann sin go léir  i bhfeidhm ar mheanma na tíre. Beidh orthu súil a choimeád chomh maith ar mheon mhuintir agus rialtais thíortha an iarthair, go háirithe tar éis na dtoghchán lár-téarma sna Stáit Aontaithe. Má bhíonn comhartha ar bith ann go laghdóidh tíortha an iarthair an tacaíocht mhíleata agus eacnamaíochta beidh tionchar suntasach aige sin ar an anailís.

Beidh na hÚcránaigh ag iarraidh rud amháin a sheachaint ar ais nó ar éigean, is é sin go gcaithfidh siad talamh a ghéilleadh agus dul sa seans glacadh le sos cogaidh chun an tír a shábháil.

Seans nach gcuirfidh na Rúisigh an bhéim chéanna ar chúrsaí eacnamaíochta ina gcuid anailíse.

Iar-anailísí míleata le hÓglaigh na hÉireann é údar an ailt seo

Fág freagra ar 'Tar éis ocht mí den chogadh cá seasann rudaí maidir le geilleagar an dá thír?'

  • Eoin Ó Murchú

    Anailís chruinn is ionraic.