Tar éis na féile Bríde an ardóidh lucht Stormont a seol?

Beidh súil an tseabhaic á coinneáil ag na mórpháirtithe ó dheas den teorainn ar chinntí Shinn Féin sa rialtas ó thuaidh

Tar éis na féile Bríde an ardóidh lucht Stormont a seol?

‘Anois teacht an Earraigh tá an lá ag dul chun síneadh,

Tar éis na féile Bríde ardóidh mé mo sheol.’

Ar chaoi éigin, tá an ráiteas sin níos fírinní an tseachtain seo le teacht an tsocraithe sa Tuaisceart. Tá dóchas anois go mbeidh an dílárú cumhachta ag feidhmiú in athuair agus go mbeidh an córas polaitiúil i mbun rialtais ó thuaidh.

Níl aon amhras ach go bhfuil dúshláin le sárú ag feidhmeannas nua Stormont, Léirigh na stailceanna le tamall de mhíonna an ghéarchéim sna seirbhísí poibí ó thuaidh.

Gan trácht ar chor ar bith ar na héilimh ar arduithe pá atá ag oibrithe sa tseirbhís phoiblí, tá ganntan acmhainní sa gcóras oideachais agus sa gcóras sláinte. Tá na liostaí feithimh is faide sa Ríocht Aontaithe i dTuaisceart Éireann.  Beidh éilimh ag go leor eagraíochtaí eile ar na polaiteoirí ach a bhfillfidh siad ar an obair. Tá caint cheana féin nach mbeidh dóthain sa €3.3 billiún atá curtha ar fáil ag rialtas na Breataine leis na fadhbanna sa gcóras poiblí a réiteach?

Agus iad ag filleadh ar an obair caithfidh siad dul i dtaithí ar a chéile in athuair. An mbeidh an seó bóthair céanna sa bhfeidhmeannas seo agus páirtithe ag cur in aghaidh polasaithe agus reachtaíochta mar go mbíonn an moladh ag baint le pobal amháin nó pobal eile? An mbeidh bealaí oibre níos éifeachtaí i bhfeidhm? An ndéanfar na leasuithe ar an mbealach a bhfeidhmíonn an próiseas i Stormont atá á n-éileamh le fada an lá ag páirtí na comhghuaillíochta? Nó an mbeidh an seanteannas idir an dá champa (DUP agus Sinn Féin) ina dhris chosáin roimh an obair? An mbeidh siad in ann aontú ar chinntí crua? Nó sásta é a dhéanamh?

Idir an dá linn, is olc an ghaoth nach séideann aon mhaith. Deis a bheidh anseo anois do na mórpháirtithe ó dheas den teorainn súil an tseabhaic a choinneáil ar chinntí Shinn Féin sa rialtas ó thuaidh. Léiríonn an phobalbhreith is déanaí go bhfuil tacaíocht Shinn Féin ag dul i léig roinnt míonna roimh olltoghchán. De réir cosúlachta is é dearcadh an pháirtí i leith na hinimirce is cúis leis an laghdú ar a gcuid tacaíochta. Neosfaidh na seachtainí agus na míonna seo romhainn an leanfaidh an meath.

Beidh an páirtí ag súil le dea-scéalta ina dtaobh féin as seo go ceann seachtaine ó tharla iad i rialtas arís i Stormont. Athrú cinniúnach siombalach ar rialú na sé contae is ea ionadaí ó Shinn Féin a bheith ceaptha ina Céad-Aire. Ach bí ag faire má thosaíonn an feidhmeannas ag cur cinntí crua i bhfeidhm. Cé mhéad sampla a chuirfidh Fianna Fáil, Fine Gael agus na páirtithe eile sa Dáil os ár gcomhair sna míonna seo romhainn de chinntí a chuirfidh an feidhmeannas i bhfeidhm nach dtagann le polasaithe Shinn Féin?

Agus cé mhéad uair a déarfar linn gur mar seo a chaithfidh an páirtí leis an bpobal ó dheas den teorainn má thoghtar iad sa gcéad olltoghchán eile? Beidh sé spéisiúil a fheiceáil an mbeidh Sinn Féin in ann an dá thrá a fhreastal – rialtas éifeachtach a rith in éineacht leis an DUP ó thuaidh den teorainn – agus idir seo agus deireadh na bliana leanacht den stocaireacht ar son iadsan a thoghadh mar rialtas ó dheas den teorainn.

Fág freagra ar 'Tar éis na féile Bríde an ardóidh lucht Stormont a seol?'