‘Tar éis chraobh an Covid, theastaigh uainn a thaispeáint cé chomh maith is atá muid’ – Seán Kelly ar bhua Mhaigh Cuilinn

Bhí Seán Kelly ar dhuine de laochra Mhaigh Cuilinn ag an deireadh seachtaine nuair a bhuaigh siad Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe den dara huair riamh ag an gcumann

‘Tar éis chraobh an Covid, theastaigh uainn a thaispeáint cé chomh maith is atá muid’ – Seán Kelly ar bhua Mhaigh Cuilinn

Clann Uí Ceallaigh - Seán, Paul, Eoghan agus a máthair Jamie. Pic: Cumann Peile Mhaigh Cuilinn/Facebook

Tá sé ina cheiliúradh i Maigh Cuilinn an tseachtain seo agus cumann peile an cheantair ag ceiliúradh a mbua i gCraobh Shinsir na Gaillimhe, an dara huair acu an comórtas a bhuachan le trí bliana.

Ba iad fir Mhaigh Cuilinn rogha láidir na coitiantachta sa chluiche ceannais in aghaidh Bhóthar na Trá-Chnoc na Cathrach ach ní gan dua a bhuaigh an fhoireann Ghaeltachta agus theastaigh cúl déanach sin ó Peter Cooke lena gcéilí comhraic a chloí, 1-10 in aghaidh 1-9.

Rinneadh dearmad ar an stró agus an anró sin nuair a séideadh na feadóige deiridh agus na himreoirí agus a lucht tacaíochta ag ceiliúradh gaisce a gcumainn.

Nuair a thug Maigh Cuilinn an chraobh leo den chéad uair riamh in 2020, d’fhág na srianta Covid-19 a bhí i bhfeidhm ag an am nach raibh cead ach ag slua beag a bheith i láthair ag an gcluiche ach bhí na mílte ón mbaile i láthair i Staid an Phiarsaigh Dé Domhnaigh seo caite, rud a chuir go mór leis an lá, a dúirt duine de laochra na foirne, Seán Kelly.

“Dhá bhliain ó shin, ní raibh an deis againn an bua a cheiliúradh mar is ceart de bharr Covid. An uair seo, bhí pobal Mhaigh Cuilinn ar fad istigh linn. Is breátha an ceann seo dá bharr. Tá muid chomh sásta anois,” a dúirt sé.

Cé nach ndearna siad rudaí an-éasca dóibh féin sa chluiche ceannais, níl aon amhras ach go raibh an chraobh tuillte ag Maigh Cuilinn agus na foirne is fearr sa chontae sáraithe acu le linn an fheachtais – Cora Finne, Réalta Thuama, Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach agus An Creagán-Maigh Locha, curaidh na bliana seo caite, ina measc. Mar a tharla ba iad Naomh Anna, Leitir Móir an t-aon dream ar theip ar Mhaigh Cuilinn an ceann is fearr a fháil orthu.

“Bhí aistear crua againn,” a dúirt Kelly. “Bhí foirne láidre sa ngrúpa linn, Cora Finne, Réalta Thuama, Uachtar Ard, An Spidéal. Go leor foirne crua. Chríochnaigh Leitir Móir ar comhscór linn sa gcluiche deireanach sa ngrúpa. Bhí an Creagán-Maigh Locha linn sa gcluiche leathcheannais agus thugamar ceann de na taispeántais is fearr a thugamar i mbliana. Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach ansin sa gcluiche ceannais chomh maith. Tá foireann óg, iontach againn agus beidh siad ar ais.”

Tá imreoirí cumasacha tagtha chun cinn sa chumann le blianta beaga anuas – seisear a bhí ar fhoireann shinsir na Gaillimhe i mbliana agus Kelly ina chaptaen uirthi – agus cé gur léirigh Maigh Cuilinn a mianach dhá bhliain ó shin, dúirt Kelly go rabhadar ag iarraidh an dara craobh a bhuachan chun a thaispeáint cé chomh maith agus atá an fhoireann.

“Bhí daoine ann a dúirt nach raibh craobh an Covid chomh crua céanna [le hais blianta eile] ach ní dhearna muid tada ach luí isteach ar an obair arís chun a thaispeáint cé chomh maith is atá muid.”

Is fada an bhliain a bhí ag Kelly go dtí seo agus é tar éis imirt i gcluichí ceannais Chorn Mhic Shigiúir, Roinn 2 na Sraithe, Craobh Chonnacht, Craobh na hÉireann agus Craobh na Gaillimhe ach níl deireadh leis na cluichí go fóill agus cluiche in aghaidh Chathair na Mart ag teacht seachtain ón Domhnach i gCraobh Chonnacht na gClubanna. Chuir fáilte Kelly roimh an deis imirt i gcraobh an chúige, deis nach bhfuair siad in 2020 de bharr cúrsaí Covid.

“Bliain chrua a bhí inti [i mbliana] ach sin atá uaim. Nílim ach ag iarraidh peil a imirt. Is cuma liom tuilleadh cluichí a imirt.”

Tabharfaidh Lee Keegan agus a leathbhádóirí eile dúshlán Mhaigh Cuilinn sa chluiche sin ach má thagann curaidh na Gaillimhe slán, seans go mbeidh roinnt cluichí eile ann sula dtiocfaidh deireadh le séasúr peile Kelly.

Fág freagra ar '‘Tar éis chraobh an Covid, theastaigh uainn a thaispeáint cé chomh maith is atá muid’ – Seán Kelly ar bhua Mhaigh Cuilinn'