Tar éis 40 bliain tá leagan Gaeilge agam de Buffers Alley, agus tá sé ag déanamh ceoil i mo chloigeann ó shin

Ba é ‘Gaelic Sports Results’ mo rang tíreolaíochta agus mo chóras GPS

Tar éis 40 bliain tá leagan Gaeilge agam de Buffers Alley, agus tá sé ag déanamh ceoil i mo chloigeann ó shin

Willie Doran (glas) agus imirt do Buffers Alley, nó Scabhat na mBodach, i gcluiche ceannais Loch Garman in 2009.

Is minic ráite agam é gur mó a d’fhoghlaim mé faoi stair agus faoi dhreach mo thíre ó Sheán Óg Ó Ceallacháin agus é ag léamh torthaí chluichí Chumann Lúthchleas Gael ar an raidió chuile oíche Dhomhnaigh ná a thug mé liom as gach ar fhreastail mé de ranganna tíreolaíochta agus staire agus mé ar scoil.

Bhíodh daoine mór le rá a bhí básaithe leis na céadta bliain – Brian Bóramha, Pádraig Sáirséal, Wolfe Tone agus an iliomad naomh, mar aon le hainmneacha cinn tíre, aibhneacha, locha agus mánna fite fuaite sa liodán logainmneacha a bhíodh curtha i dtoll a chéile ag an gCeallachánach.

Ba mhór freisin a bhí i mianach na hoiliúna a cuireadh ormsa sa seomra ranga agus an bealach ar múineadh Tíreolaíocht do mo chlann. Ní raibh contae in Éirinn nach raibh a phríomhbhailte de ghlanmheabhair agamsa. Corcaigh, an Cóbh, Mainistir Fhear Maí, Eochaill, Cionn tSáile, Droichead na Bandan agus Beanntraí. An Cabhán, An Mhuinchille, Coill an Chollaigh agus Dún an Rí.

Fiú dá mbeadh leath a chuid cainte déanta ag Seán Óg faoin am ar chuir duine an raidió ar siúl, bhí a fhios agat láithreach cén coirnéal den tír a raibh sé ag trácht air.

Ar an rud a dtugann siad an Córas Suite Domhanda nó an GPS atá muintir an lae inniu ag brath. Nílim ag rá gur fearr ná gur measa sin ná an córas faoinar tógadh mé féin, ach ar bhealach éicint tá ríméad orm gurbh é an clár ‘Gaelic Sports Results’ a thug léargas mo thíre dom seachas a bheith ag brath ar ‘phointí comhordanáide’.

Agus mé i mbun mo chuid rámhaillíochta ar na cúrsaí sin freisin, ní i gcónaí a aontaím leo siúd a mbíonn an cúram leagtha orthu leaganacha oifigiúla Gaeilge na mbailte agus na bparóistí a mbíodh Seán Óg ag trácht orthu a chur os ár gcomhair.

Sula dtiocfaidh mé níos faide leis an scéal admhaím go hoscailte agus go hiomlán gur mó scil agus eolas atá agus a bhí acusan i laidhricín a gcuid lámh ná atá agamsa, ach níor stop sin aon duine riamh ó bheith ag clamhsán.

Gort Inse Guaire a bheith giortaithe agus An Gort a bheith anois air; ‘Mumhan’ a bheith fágtha ar lár as Caiseal agus ‘An Chathair’ a bheith déanta de Chathair Dhún Iascaigh na samplaí ar mhillteanas, dar liom, is túisce a thagann chun cuimhne.

Ach sin dóthain den chnáimhseáil agus is i mbun molta atá mé ag dul as seo go leagfaidh mé uaim an peann.

Le beagán os cionn bliana anois tá Cumann Lúthchleas Gael i mbun iarrachta go ndéanfaí ceartú ar na botúin atá fairsing go leor sa leagan Gaeilge d’ainmneacha roinnt dá gclubanna. Níl ort ach breathnú suas ar ‘Bhalla na gClub’ atá taobh amuigh den Mhúsaem i bPáirc an Chrócaigh go bhfeicfidh tú cuid den scrios atá déanta ar an tuiseal ginideach, ní áirím séimhithe agus sínte fada a bheith fágtha ar lár agus chomh minic céanna curtha isteach san áit nach dteastaíonn siad .

Obair fhadálach atá inti, obair chasta i gcásanna go bhfuil athrú tagtha ar ainm an chlub i mBéarla le himeacht aimsire.

Tá cumainn i gcontaetha go leor a bhfuil ‘Round Towers’ orthu mar shampla. Ach arbh as cloigtheach faoi leith a baisteadh iad nó as a bhfuil de chloigthithe in Éirinn ? Ceann aonair déarfainn, ach cosúil leis na clubanna ar tugadh Cumann Phádraig Mhic Phiarais nó Cumann Phádraig Sáirséal orthu nuair a bunaíodh iad, níos minice ná a chéile is Na Piarsaigh agus na Sáirséalaigh atá anois orthu.

Athrú nádúrtha go leor sin, mheasfainn.

I gceist le hainm cumainn de chuid CLG inniu, bíonn ainm na háite nó an duine dár díobh é agus freisin aitheantas do bhaill uile an chlub, bídís siúd ar pháirc na himeartha nó ná bíodh.

Ar cheann de na cumainn a tugadh dom féin le hiniúchadh bhí Buffers Alley, ceann de na cinn is cáiliúla in Éirinn agus an ceann lenar imir Tony Doran, duine de laochra móra m’óige.

Tá Craobh na hÉireann do na Clubanna Sinsearacha san iomáint agus sa gcamógaíocht buaite ag na hiománaithe seo as Cill Mhucraise agus Mhuine Moling atá cúpla míle ó thuaidh de bhaile Loch Garman. Bhí siad seacht nó hocht de bhlianta ar an bhfód faoin am ar bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael in 1884 agus ní móide go bhfuil ógánach sa tír nach n-inseodh duit cén contae ina bhfuil siad, gan bacadh leis an GPS!

Fós agus mé os cionn dhá scór bliain ag plé leis an iriseoireacht spóirt, ní fhaca mé leagan ceart dá n-ainm i nGaeilge.

‘Aillí na Buffairí’ a d’úsáid siad féin riamh agus a liachtaí iarracht a rinne mé i gcaitheamh an ama sin a theacht ar dhuine éicint a bheadh in ann feabhas a chur air sin, chinn orm. Go fiú gur chuir logainm.ie féin in iúl dom nach raibh aon deimhniú fós air.

Ansin cúpla seachtain ó shin agus mé teanntaithe, chuir mé teachtaireacht chuig Brainse na Logainmneacha atá freagrach as taighde a dhéanamh ar logainmneacha agus leaganacha údarásacha Gaeilge díobh sin a chur ar fáil.

In imeacht cúpla lá bhí mo fhreagra ar ais chugam, bail ó Dhia orthu, agus bhí oiread ceoil agus céille leis an leagan a thug sé dom ar Buffer’s Alley go bhfuil sé ag déanamh ceoil i mo chloigeann ó shin.

Scabhat na mBodach.

Cosán nó caolsráid is ea an scabhat agus is ar éigean go gcaithfear a inseacht daoibh céard is bodach ann. Má bhí cáilíocht le tabhairt do Tony Doran, is siúd é cinnte!

“Tá buffer le fáil i mBéarla na hÉireann leis an bhrí (1) ‘boxer’ (2) ‘country-man’,” a deir an nóta mínithe a fheicfidh tú anois ar logainm.ie “agus é fianaithe i Sasana fosta leis an bhrí ‘a foolish person, dolt, fool, buffoon’ nó ‘chap, fellow’.

Nach beag an tuiscint atá ag Béarlóirí bochta Shasana ar céard is Bodach ann agus nach mór an trua nach bhfaca siad Doran i mbarr a mhaitheasa.

Déarfaidh mé uair amháin eile é – Scabhat na mBodach.

Fág freagra ar 'Tar éis 40 bliain tá leagan Gaeilge agam de Buffers Alley, agus tá sé ag déanamh ceoil i mo chloigeann ó shin'

  • Seán Ó Laoi
  • Donncha Kavanagh

    Sílim gur chuir Cumann Buffers Alley cuid mhaith ama ag déanamh taighde faoi seo, ach an deacracht a fuair siad ná nach raibh aon mhíniú áirithe ar Buffers Alley i mBéarla, agus mar sin ní rabhadar sásta aistriúchán nua Gaeilge a dhéanamh. B’fheidir gur duine darb ainm, nó leas-ainm, “Buffer”, a bhí ann, nó dornálaí, nó tincéir, agus b’fheidir go raibh cúirt liathróid láimhe ann (tá ceann i mBuaile Mhaodhóg fós). Ní raibh m’athair sásta riamh le “Aillí na Buffairí”, ach i ndeireadh na dála shocraigh an Cumann gan aon athrú a dhéanamh.