Beidh cruinniú stairiúil tráthnóna ag Conradh na Gaeilge le Státrúnaí nua Thuaisceart Éirinn Karen Bradley ag Stormont, an chéad uair riamh, a deirtear, ag toscaireacht ar son na Gaeilge a leithéid de chruinniú a bheith acu. Roimh an gcruinniú maidir le héileamh Chonradh na Gaeilge ar acht teanga don Ghaeilge amháin, beidh agóid ar siúl ag Stormont ar son na reachtaíochta Gaeilge.
Thug Pádraig Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge le fios ar Twitter go raibh 100 iarratas déanta ag lucht an fheachtais le hOifig Thuaisceart Éireann ar chruinniú leis an Státrúnaí.
After 12 months of constantly requesting meetings with SOS (over 100 times) tomorrow is the day.@SJAMcBride @AllisonMorris1 @DavidYoungPA @newbelfast @patsymcglone @PaulaJaneB @fiona_ferg @StevenAgnew @chrisadonnelly @EamonnMallie @tuairiscnuacht https://t.co/xi64dwfnoH
— Padaí Ó Tiarnaigh?️ (@ptierney89) 31 Eanáir 2018
Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhchóideachta le Conradh na Gaeilge go raibh cruinniú le Státrúnaí an Tuaiscirt á éileamh gan stad acu le breis agus bliain anuas agus gur deis a bheadh ann inniu na geallúintí a rinne Rialtas na Breataine faoin nGaeilge a mheabhrú do Karen Bradley agus lucht Oifig Thuaisceart Éireann.
“Má tá Karen Bradley dáiríre agus ionraic maidir lena mianta tionól láidir buan a chur ar bun anseo a dhéanfaidh freastal ar an tsochaí iomlán, ní mór cearta do Ghaeilgeoirí a bheith i gcroílár aon socruithe a dhéanfar chun an tionól sin a thabhairt isteach,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin.
Fág freagra ar 'Tar éis ‘100 iarratas’, beidh cruinniú inniu ag Conradh na Gaeilge le Státrúnaí an Tuaiscirt'