Taoiseach ar bith tofa agus an Dáil curtha ar athlá

Ceathrar ar cuireadh a n-ainmneacha faoi bhráid na Dála do phost an Taoisigh – Leo Varadkar, Mary Lou McDonald, a fuair an líon is mó vótaí, Micheál Martin agus Eamon Ryan

Taoiseach ar bith tofa agus an Dáil curtha ar athlá

Níor éirigh tráthnóna sa Dáil le haon duine den cheathrar Teachtaí Dála a moladh do phost an Taoisigh agus cuireadh an 33ú Dáil ar athlá go dtí an 5 Márta. 

Ní raibh aon duine den cheathrar a ainmníodh le linn an chéad suí den 33ú Dáildo phost an Taoisigh gar don 80 vóta a theastaíonn do mhóramh. 

Ba í ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald is mó a thuill tacaíocht, agus vótaí aici óna páirtí féin, ó Theachtaí Dála Neart le Chéile-Pobal Roimh Bhrabús agus ó na Teachtaí Dála neamhspleácha Joan Collins, Thomas Pringle agus Catherine Connolly. 

Fuair ceannaire Shinn Féin 45 vóta, 84 a vótáil i gcoinne a hainmniúcháin agus 29 a staon.

36 vóta a fuair an Taoiseach Leo Varadkar, 107 a vótáil i gcoinne a ainmniúcháin agus 16 a staon.

41 vóta a fuair Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, 97 a vótáil i gcoinne a ainmniúcháin agus 19 a staon.

Vótáil ceathrar neamhspleách, Seán Canney, Noel Grealish, Michael McNamara agus Cathal Berry ar son Martin.

Fuair ceannaire an Chomhaontais Ghlais Eamon Ryan 12 vóta.

Rachaidh Leo Varadkar anocht go dtí Áras an Uachtaráin chun a chur in iúl don Uachtarán go bhfuil sé chun éirí as a chúram toisc muinín an Tí a bheith caillte aige. 

Beidh Leo Varadkar ina Thaoiseach sealadach nó go dtoghfar a chomharba agus fanfaidh an chuid eile den rialtas deireanach i mbun a gcúraim nó go mbunófar rialtas nua.

Ceathrar a cuireadh a n-ainmneacha faoi bhráid na Dála do phost an Taoisigh – Leo Varadkar, Fine Gael, Mary Lou McDonald, Sinn Féin, Micheál Martin, Fianna Fáil, agus Eamon Ryan, an Comhaontas Glas.

Níos túisce inniu toghadh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Seán Ó Fearghaíl ina Cheann Comhairle athuair agus fuair sé ardmholadh ó gach dream. 

Dúirt an Ceann Comhairle gur chóir do gach Teachta Dála gan luí ar na maidí sna seachtainí romhainn amach agus iarracht á déanamh acu rialtas nua a bhunú. 

Dúirt sé gur chóir do na Teachtaí Dála oibriú as lámha a chéile chun an “obair dhúshlánach” sin a chur i gcrích.

Ba é an chéad chúram a bhí ar an gCeann Comhairle nuathofa ainmniúcháin a lorg do phost an Taoisigh.

Bhí díospóireacht ansin ann faoi fhiúntas na n-iarrthóirí agus i ndiaidh na díospóireachta sin rinneadh an tacaíocht dóibh a thomhas le comhaireamh lámh.

Bernard Durkan agus an Teachta Dála nuathofa Emer Higgins a mhol Leo Varadkar mar Thaoiseach. 

Na Teachtaí Dála nuathofa Norma Foley agus James O’Connor, an Teachta Dála is óige sa Dáil nua, a mhol ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin. Pearse Doherty agus an Teachta Dála nuathofa Claire Kerrane a mhol Mary Lou McDonald.

Joe O’Brien agus leascheannaire an Chomhaontais Ghlais Catherine Martin a mhol ceannaire na nGlasach, Eamon Ryan.

Beidh an Dáil ar athlá go ceann coicíse, go dtí an 5 Márta, fad is a leanfaidh na cainteanna maidir le bunú rialtais nua ar aghaidh.

Fág freagra ar 'Taoiseach ar bith tofa agus an Dáil curtha ar athlá'