Taoiseach an Teacht Aniar – lucht an amhrais curtha ina dtost ag Micheál Martin

Beidh Micheál Martin ina Thaoiseach nuair a bheidh Fianna Fáil ag ceiliúradh 100 bliain a mbunaithe an bhliain seo chugainn, ach tosóidh an chaint faoina chomharba roimhe sin

Taoiseach an Teacht Aniar – lucht an amhrais curtha ina dtost ag Micheál Martin

Ó ceapadh ina cheannaire ar Fhianna Fáil é in 2011 ba mhinic a cuireadh ina leith go mbeadh sé le rá faoi gurb é an t-aon cheannaire ar an bpáirtí nár shuigh i gcathaoir an Taoisigh riamh. Ní féidir sin a rá agus é ag tabhairt faoin dara seal mar Thaoiseach an tseachtain seo mar chuid den chomhrialtas nua.

Nuair a ghlac Micheál Martin leis an gceannaireacht bhí an páirtí scriosta mar thoradh ar fhearg an phobail faoin mbealach ar láimhseáil an páirtí an ghéarchéim eacnamaíochta i dtús an chéid. Cén fáth an mbeadh aon duine ag iarraidh dul ar an stiúir ar pháirtí nach raibh tada i ndán dóibh, a dúradh go minic.

Ach féach cá bhfuil siad anois? An páirtí is mó sa Dáil, deich suíochán níos mó ná Fine Gael acu agus an Máirtíneach tofa mar Thaoiseach go dtí mí na Samhna 2027. Dhá thréimhse a ceapadh lá den saol nach bhfeicfeadh sé go brách. Ní hamháin sin ach ba cheart, mura dtarlóidh aon timpiste, go mbeadh sé fós ina uachtarán ar Fhianna Fáil agus ina Thaoiseach nuair a bheidh an páirtí ag ceiliúradh 100 bliain a mbunaithe an bhliain seo chugainn.

Tugann sin dhá bhliain go leith dóibh siúd a bhfuil mianta acu i leith na ceannaireachta iad féin a réiteach. Beidh Martin 67 bliain d’aois faoin tráth sin agus beidh beagnach dhá scór bliain caite aige sa Dáil – toghadh é den chéad uair i 1989. Cé go bhfuil sé folláin agus go gcuireann sé béim i gcónaí ar chomh fuinniúil agus atá sé bheadh ciall leis go n-éireodh sé as mar cheannaire an uair sin. Mura gcuirtear an ruaig air!

Tá cáil an chúraim agus na foighne ar Martin agus ní dhéanfaidh sé aon chinneadh faoi bhrú ach tá an próiseas le ceannaire nua a roghnú d’Fhianna Fáil tosaithe go ciúin cheana féin agus an ceannaire reatha á stiúradh.

Tá a rogha mar chomharba, Jack Chambers, pioctha agus ceaptha mar aire airgeadais aige. B’fhéidir go mbeadh tuairimí ag baill eile den pháirtí faoi cheist na ceannaireachta, mar sin féin. Tá daoine níos sine sa bpáirtí a bhfuil taithí níos mó acu ar chúrsaí polaitíochta, leithéidí Darragh O’Brien agus Dara Calleary, gan trácht ar Jim O’Callaghan a thug le fios cheana go mbeadh suim aige sa ról.

Tá scrúdú coinsiasa le déanamh ag an bpáirtí agus comóradh 100 bliain ag teannadh leo. Cé gurb iad an páirtí is mó sa Dáil tá siad nasctha go daingean anois le Fine Gael sa dara comhrialtas as a chéile. An bhfuil tásc ná tuairisc ar an méid sin den pháirtí ar theastaigh uathu comhoibriú níos mó a dhéanamh le Sinn Féin, murach an seasamh láidir, daingean a thóg Martin in aghaidh socruithe dá leithéid?

Ní túisce toghchán amháin thart ná tosaíonn an chéad fheachtas eile do na polaiteoirí. I mbliana is ar thoghchán uachtaránachta a bheifear dírithe agus beidh sé tábhachtach d’Fhianna Fáil go n-éireodh go maith leo sa bhfeachtas sin. Beidh ainm in airde ar Mhicheál Martin mar Thaoiseach ach is mairg a déarfadh nach mbeidh an feachtas lena chomharba a roghnú ag bailiú nirt freisin idir seo agus Samhain 2027.

Fág freagra ar 'Taoiseach an Teacht Aniar – lucht an amhrais curtha ina dtost ag Micheál Martin'