Taoiseach agus Rialtas nua le ceapadh amárach agus beannacht na cosmhuintire faighte

Fágann torthaí vótála Fhianna Fáil, Fhine Gael agus an Chomhaontais Ghlais go dtoghfar amárach Micheál Martin, ina Thaoiseach agus go gceapfar an 33ú Rialtas 140 lá i ndiaidh an olltoghcháin

Taoiseach agus Rialtas nua le ceapadh amárach agus beannacht na cosmhuintire faighte

Tá glactha ag cosmhuintir Fhianna Fáil, Fhine Gael agus an Chomhaontais Ghlais leis an gclár rialtais a d’aontaigh ceannairí na bpáirtithe.

Fágann na torthaí go dtoghfar amárach Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, ina Thaoiseach agus go gceapfar an 33ú Rialtas 140 lá i ndiaidh an olltoghcháin.

Athrú stairiúil i scéal na hÉireann a bheidh i mbunú an chomhrialtais amárach a fhágfaidh go mbeidh deargnaimhde na polaitíochta, Fianna Fáil agus Fine Gael, i gcomhrialtas le chéile beagnach céad bliain i ndiaidh an Chogaidh Chathartha as ar eascair an dá pháirtí.

Beidh sé ar an dara huair ag an gComhaontas Glas a bheith mar chuid de rialtais.

Measadh an toradh i gcás an Chomhaontais Ghlais a bheith idir dhá cheann na meá mar ba ghá do dhá thrian de bhaill an pháirtí tacú leis an moladh chun go nglacfaí leis an gclár rialtais. 76% de bhaill an Chomhaontais Ghlais a vótáil ar a shon.

Fine Gael is túisce a d’fhógair toradh agus 80% den pháirtí a bhí ar son an chomhrialtais.

Bhí móramh mór ar son an chláir rialtais i bhFianna Fáil chomh maith agus 74% a vótáil ar a shon. Thacaigh 8,194 ball den 11,071 duine a chaith vóta leis an gclár rialtais. 66% de bhaill Fhianna Fáil i nGaillimh Thiar a vótáil i gcoinne an chláir rialtais, an t-aon áit inar vótáil daoine i gcoinne an mhargaidh. Bhí an polaiteoir is sinsearaí sa pháirtí sa toghcheantar sin, an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív in aghaidh an chomhrialtais.

Dúirt ceannairí na dtrí pháirtí – Micheál Martin, Leo Varadkar agus Eamon Ryan – go raibh siad an-sásta leis na torthaí, ach go raibh dúshláin go leor le sárú.

Beidh suí iomlán den Dáil san Ionad Comhdhála ar Dhuga Spencer i mBaile Átha Cliath maidin amárach chun Martin a thoghadh ina Thaoiseach. Tráthnóna amárach a cheapfar airí an 33ú rialtas. Beidh ceapadh seisear airí ag Fianna Fáil, seisear ag Fine Gael agus triúr ag an gComhaontas Glas.

Ní féidir seisiún Dála ag a mbeadh gach Teachta Dála i láthair a reáchtáil i dTeach Laighean de bharr go gcaithfear cloí leis an scoitheadh sóisialta.

Fág freagra ar 'Taoiseach agus Rialtas nua le ceapadh amárach agus beannacht na cosmhuintire faighte'