Taoiseach aerach, dátheangach a mbaineann cúlra inimirceach leis…

Taitníodh a chuid polasaithe le duine nó ná taitníodh, ach ba dheacair Leo Varadkar a shárú mar léiriú ar na hathruithe móra sóisialta atá tagtha ar Éirinn le fiche bliain anuas, a scríobhann ár gcolúnaí

Taoiseach aerach, dátheangach a mbaineann cúlra inimirceach leis…

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá rud i gcoitinne ag an bhfear a bheas ina Thaoiseach go luath, de réir gach cosúlachta, le cuid de na ceannairí is láidre san Eoraip. Ach oiread le Angela Merkel na Gearmáine, Emmanuel Macron na Fraince, Theresa May na Breataine, Nicola Sturgeon na hAlban, Mark Rutte na hÍsiltíre agus Jean-Claude Juncker an Choimisiúin Eorpaigh, níl aon pháistí ag Leo Varadkar.

Go deimhin, níl aon chlann ar an gceathrú cuid de cheannairí na hEorpa.

Comhtharlúint? Ní cheapfainn é. Rud ar bith i gcoinne tuismitheoirí, ach an té nach bhfuil cúram clainne air, bíonn níos mó ama agus fuinnimh aige le bheith tiomanta don pholaitíocht. An bhféadfaí a bheith ag súil le dianobair mar atá ar bun ag Leo Varadkar ó d’fhógair Enda Kenny go raibh sé ag éirí as ó pholaiteoir a mbeadh a chlann ag iarraidh am a chaitheamh leis? B’fhéidir é. Ach san fhadtréimhse? Níor mhaith liomsa polaiteoir mar sin mar athair.

Ní hamháin nach bhfuil clann ar Leo Varadkar, ach, ar ndóigh…

Lena chois sin, tá Varadkar ag déanamh a dhíchill leis an nGaeilge.

Taoiseach aerach, dátheangach a mbaineann cúlra inimirceach leis: nach é sin go díreach an rud a theastódh ó thír a tharraing tarcaisne na hEorpa uirthi féin le deireanas nuair a bhíothas ag iarraidh an dlí a chur ar Stephen Fry maidir le diamhaslú?

Taitníodh a chuid polasaithe le duine nó ná taitníodh, ba dheacair Leo Varadkar a shárú mar léiriú ar na hathruithe móra sóisialta atá tagtha ar Éirinn le fiche bliain anuas.

Agus anois agus idirbheartaíocht an Bhreatimeachta tosaithe, is cinnte go dteastóidh Taoiseach ón tír a mbeidh ar a chumas a chuid ama agus fuinnimh ar fad a thabhairt dá phost.

Ag deireadh an lae, níl clann ar Theresa May ach an oiread.

Fág freagra ar 'Taoiseach aerach, dátheangach a mbaineann cúlra inimirceach leis…'

  • Éadóchasach

    Bíonn daoine áirithe ag caitheamh anuas ar ‘Identity Politics’ fé láthair. I ndáiríre, áfach, tá dhá shaghas de ann: An saghas a bhaineann leis an lucht vótála – .i. grúpaí éagsúla a dhéanann iarracht a gcuid tuairimí agus a ndearcadh féin a chur chun chinn – agus an saghas a bhaineann leis na polaiteoirí – .i. breithiúnas a dhéanamh ar pholaiteoirí as gach rud seachas as a gcuid tuairimí agus a ndearcadh féin.

    Níl fadhb ar bith leis an gcéad cheann de, toisc gurb í bunchloch an daonlathais ná go bhfuilimid in ann ár gcuid tuairimí agus ár ndearcadh a nochtadh agus a chosaint. Tá an tarna ceann de ana-dhainséarach ar fad rud áfach: Ní hé craiceann, ná céile leapa, ná cúlra inimirceach Varadkar a bheadh i gceannas ar an dtír seo agus é ina Thaoiseach, ach an fear é féin; Ní hí an fhéiniúlacht – an ‘Identity’ – atá aige a bheadh á cur i bhfeidhm aige ach na polasaí atá aige.

    Ná déanaimist breithiúnas air as a inscne, ná as inscne na ndaoine a chodlaíonn sé leo, ná as an ndath atá ar a chraiceann, ná as an gcúlra atá aige. Déanaimist breithiúnas air as an saghas polaiteora atá ann.

    Agus cén saghas polaiteora atá ann? Polaiteoir atá suite i bhfad i bhfad ar an eite dheis ó thaobh na heacnamaíochta de agus atá ag iarraidh a bheith i gceannas orainn cé nach bhfuil faic déanta aige go dtí seo. Cosúlachtaí eile idir Leo Varadkar agus Theresa May – cosúlacht atá i bhfad níos tábhachtaí ná an mó clann atá acu.

  • Frainc

    A0ntaím go láidir leis an bpostáil roimhe seo. Is cuma sa tsioc diabhail liomsa agus domsa cén claonadh gnéis atá sa bhfear ná cén dath atá ar a chraiceann. An gcruthóidh sé aon phioc níos fearr mar Thaoiseach ná an eanglais a ghaibh roimhe….Sin í an cheist. Níor chruthaigh Varadkar aon phioc níos fearr ná aon aire eile le linn dó a bheith i gceannas ar an roinn sláinte. Saol príobháideacha an teachta dála bíodh aige. Fág aige é agus ná bígí ár mbodhradh mar gheall ar an gcacamas sin. Strach na Coimisinéirí Ioncaim nach mór 70 milliún euro as 800 dochtúir comhairleach le gairid (mochéirithe iad uile dar ndóigh) agus ní raibh tada sna meáin faoi. Bíonn Varadkar ag bagairt ar lucht an dole go síoraí seasta agus tugtar ardphoiblíocht dó dá dheasca. Bheadh feidhm thar na bearta ar na Coimisinéirí céanna 70 milliún a shniugadh as liairní díomhaoine an dole a mbíonn codladh go headra orthu gach uile lá tar éis oíche eile a chaitheamh ar an drabhlás. Cuireann ceartchreideamh coimeádach dogmatach Varadkar creathán orm, ní gan chúis.