Taobh dorcha an díocais chun pinn

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: nuair a bhíonn scríbhneoir agus saothar ag céasadh a chéile, ní bhíonn ach réiteach amháin ar an scéal…

Taobh dorcha an díocais chun pinn

Is minic a bhím ag cur béime, sa cholún seo agus in áiteanna eile, ar an tábhacht a bhaineann le disciplín oibre don scríbhneoir. Aghaidh a thabhairt ar an leathanach bán gach maidin mar a thugann pluiméir ar phíopaí blocáilte, spriocanna a thabhairt duit féin agus cloí leo, an doras a dhúnadh ar chlann agus ar chairde nuair is gá – an cineál sin ruda. Is dóigh liom gurb é an meon sin – thar thallann nádúrtha nó aon bhua eile – a chabhraigh liom féin greim a choinneáil i mo bhéal mar scríbhneoir féinfhostaithe le breis agus deich mbliana anuas.

Ach tá taobh dorcha ag an disciplín. Is agamsa atá a fhios.

Mura mbíonn ag éirí liom le sliocht éigin, ní bhím in ann sos a thabhairt dom féin, ná don saothar bocht a bhíonn á chéasadh agam, go dtí go mbíonn pé fadhb a bhíonn ag cur as dom réitithe.

Déanaim dearmad ar na soithí sa doirteal, ar chith a thógáil, ar aire a thabhairt do mo smigín, ar shonraisc a chur agus billí a íoc, agus go bhfuil an rang dornálaíochta ar tí tosú. Leanaim orm ag stánadh ar an scáileán, ag athrú stadanna go camóga agus ar ais arís, nó ag scriosadh amach gach rud a scríobh mé an lá sin agus ag tosú as an nua, go dtí tar éis an mheán oíche. Bím ag mo dheasc arís ag a sé a chlog an mhaidin ina dhiaidh sin, ag déanamh iontais de na scáileanna dorcha faoi mo shúile. Mura mbíonn an fhadhb réitithe agam faoi oíche Aoine, coinneoidh mé orm ag obair tríd an deireadh seachtaine.

Stop! a dúirt mé liom féin maidin Dé Domhnaigh seo a chuaigh thart agus mé ag triall ar mo dheasc, áit a raibh radharc a bhí do mo chur glan as mo mheabhair le breis agus seachtain ag fanacht orm. Thuig mé go raibh mé ag déanamh dochair dom féin, agus don radharc. Ach thuig mé freisin nach bhféadfainn fanacht san árasán céanna agus an leabhar gan dul in aice leis.

Chuimhnigh mé ar sheift.

Is iomaí rud atá scríofa faoi chaife, deoch agus raithneach ach ní dóigh liom gur tugadh a ceart riamh, mar shubstaint a mbíonn tionchar aici ar an intinn, don lóis ghréine.

Is leor an boladh le go ndéanfaidh mé dearmad ar chúrsaí oibre ar an bpointe boise.

Is é an buntáiste a bhaineann leis an lóis ghréine mar dhruga ná go bhfuil sí sách daor. A luaithe is a chuimlíonn tú isteach i do chraiceann í ní bhíonn rogha agat ach an lá a chaitheamh ar an trá, nó bheifeá ag cur airgead mór amú.

Smear mé an lóis orm féin ina dabaí tiubha, ó bhaithis go bonn.

Fág freagra ar 'Taobh dorcha an díocais chun pinn'

  • SÓB

    Ar cheart dom glacadh leis go scríobhann Alex i dteangacha eile taobh amuigh den Ghaeilge?