‘Ta’n ennym orrym Bond. James Bond’ – Aistriúchán Manainnise ar ‘Casino Royale’ foilsithe

Ba é Bob Carswell a chuir Gaelg ar an leabhar cáiliúil Casino Royale le Ian Fleming

‘Ta’n ennym orrym Bond. James Bond’ – Aistriúchán Manainnise ar ‘Casino Royale’ foilsithe

Tá leagan Manainnise den leabhar cáiliúil  Casino Royale le Ian Fleming, an chéad leabhar sa tsraith scéalta a scríobh sé faoina laoch James Bond, ar fáil anois ó Culture Vannin, an eagraíocht a chuireann an teanga agus cultúr Oileán Mhanann chun cinn.

Foilsíodh Casino Royale den chéad uair i 1953 agus scríobh Fleming 12 leabhar eile faoi James Bond ina dhiaidh sin.

Ar ndóigh, is ar an scáileán mór a bhain an carachtar Bond stádas idirnáisiúnta amach sna 24 scannán a rinneadh ó ghlac Seán Connery an pháirt in Dr No i 1962. Áirítear scéalta Bond ar na scéalta spiaireachta is fearr ar domhan.

Ba é Bob Carswell a chuir Gaelg i mbéal Bond. Aistritheoir, scríbhneoirí agus craoltóir mór le rá in Oileán Mhanann é Carswell a bhfuil gradaim bainte amach aige dá shaothar ar son na teanga.

“Is léiriú é an t-aistriúchán álainn seo ar na féidearthachtaí atá ann don teanga. Ón Gruffalo go na haipeanna ar fad atá saor in aisce, agus anois úrscéalta clasaiceacha, tá rogha mhór leathan d’ábhar comhaimseartha spéisiúil ar fáil i Manainnis,” a dúirt Adrian Cain, oifigeach forbartha le Culture Vannin.

Dúirt sé go bhfuil roinnt leabhar clasaiceach ar fáil i Manainnis cheana féin, Murder on the Orient Express, ina measc, ach gurb é seo an chéad uair a bheidh leagan d’eachtraí Bond á ríomh sa teanga Ghaelach.

“Is maith go mór le Bob scéalta Bond, agus ba é a mhian féin Gaelg a chur ar an leabhar. Chuaigh muid i dteagmháil le heastát Fleming agus bhí siad an-chabhrach agus thug siad an-tacaíocht dúinn. Bhí suim mhór acu san obair.

“Thóg sé thart ar bhliain ar Bob an leabhar a aistriú. Tá caighdeán ard litríochta ann, is leabhar do chainteoirí líofa é, ach ar ndóigh tá margadh ann i gcónaí do bhailitheoirí leabhar ar maith leo leabhar amháin a cheannach i ngach teanga ina bhfuil siad ar fáil.” a dúirt Cain.

Dúirt sé go bhfuil cuid mhaith de na 250 cóip a clóbhuaileadh díolta cheana féin agus go bhfuil spéis mhór léirithe ag clubanna leabhar san oileán sa saothar.

“Nuair a chuirtear litríocht den chaighdeán seo amach, cuireann sé le stór focal agus le scileanna teanga na gcainteoirí, idir chainteoirí líofa agus fhoghlaimeoirí. Roghnaigh Bob Casino Royale mar meastar gurb é an James Bond is fearr a scríobhadh. Beidh le feiceáil an aistreoidh sé an chéad cheann eile sa tsraith: Live and Let Die,” a dúirt sé.

Tá an leabhar ar fáil ar £10 ó ionad nua Culture Vannin in Balley Keeill Eoin in Oileán Mhanann agus beidh sé ar fáil le ceannach ó shuíomh na heagraíochta go luath.

Fág freagra ar '‘Ta’n ennym orrym Bond. James Bond’ – Aistriúchán Manainnise ar ‘Casino Royale’ foilsithe'