D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta go bhfuil an scéim intéirneachtaí a reáchtálann Roinn na Gaeltachta i gcomhar le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh á leathnú i mbliana agus ardú déanta ag an Roinn ar an maoiniú a chuireann siad ar fáil. Anuraidh a cuireadh tús leis an scéim seo agus cuirfidh an Roinn €200,000 in aghaidh na bliana ar fáil feasta.
Chomh maith le taithí oibre a fháil in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus deis a fháil feabhas a chur ar a gcuid Fraincise, is fiú €2,000 sa mhí ar feadh deich mí an liúntas don deichniúr a gheobhaidh na hintéirneachtaí seo. Seans a bheidh ann, a deirtear, do na céimithe eolas praiticiúil a fháil ar na deiseanna gairme agus fostaíochta atá in institiúidí an AE agus faoi chóras earcaíochta EPSO.
Fómhar na bliana seo beidh deis ag deichniúr céimithe dul i mbun taithí oibre in institiúidí an Aontais . Aistriúchán ar reachtaíocht a bheidh ar siúl ag deichniúr de na hintéirnigh agus beidh an bheirt eile i mbun profléitheoireachta ar cháipéisí Gaeilge in Oifig na bhFoilseachán nó i bParlaimint na hEorpa.
Agus na hintéirneachtaí á bhfógairt ag Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne dúirt sé go raibh sé an-sásta go raibh “dhá institiúid eile ag teacht ar bord i mbliana, Coiste na Réigiún agus Oifig na bhFoilseachán”. Dar leis gur léiriú maith a bhí ansin ar an bhfiúntas a fheiceann na hinstitiúidí sa scéim. Dúirt an tAire Stáit go raibh sé an-tábhachtach go mbeadh taithí oibre ar fáil feasta “i réimse na profléitheoireachta, áit a mbeidh níos mó deiseanna fostaíochta sna blianta amach romhainn”.
Is féidir gach eolas faoin scéim a fháil anseo.
Fág freagra ar 'Taithí oibre in institiúidí an AE ar fáil do dheichniúr Gaeilgeoirí'