Taispeántas níos fearr de dhíth ó thosaithe na Gaillimhe chun na Cait a chloí

Rachaidh Gaillimh agus Cill Chainnigh chun páirce in athimirt chluiche ceannais Laighean tráthnóna agus fios maith ag an dá fhoireann go bhfuil feabhas ag teastáil más leo Corn Bob O’Keeffe a thabhairt leo inniu

Taispeántas níos fearr de dhíth ó thosaithe na Gaillimhe chun na Cait a chloí

Joe Canning. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Gaillimh v Cill Chainnigh – Staid Semple, 3pm

Ní raibh ceachtar foireann ag iarraidh go mbeadh a leithéid seo de chluiche ann. Ní dhéanfaidh an cluiche mórán difir don bhuaiteoir, dream nach mbeidh ag imirt arís go dtí cluiche leathcheannais na hÉireann, ach beidh ar an bhfoireann a chaillfidh tráthnóna dul chun páirce i gcoinne Luimnigh an tseachtain seo chugainn, an tríú cluiche a bheidh le himirt acu taobh istigh de choicís.

Cluiche crua, fisiciúil a bhí i gcoimhlint na seachtaine seo caite agus níl aon chúis nach amhlaidh a bheadh ceann an lae inniu.

Is ag na cosantóirí a bhí an lámh in uachtar i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo caite. Bhí lánchúlaí agus leathchúlaí Chill Chainnigh, Pádraig Walsh agus Cillian Buckley, thar cionn ar fad.

Tá foireann nua á tógáil le chéile ag Brian Cody ach mar sin féin, bhí seantréithe na gCat le feiceáil in imirt a chuid imreoirí. Bhí Cill Chainnigh trí phointe chun deiridh agus an t-am caite ach fós bhí sé de mhianach iontu teacht ar ais go dána.

Is minic go n-éiríonn le Cody rud beag breise a aimsiú idir cluiche comhscóir agus an athimirt. Bhí sé i gceannas ar Chill Chainnigh i sé chluiche athimeartha roimhe seo agus tá cúig cinn acu buaite aige. Tá dhá bhua i gcoinne na Gaillimhe san áireamh ansin, cluiche ceannais na hÉireann 2012 agus cluiche leathcheannais Laighean 2014.

Beidh tosaithe na Gaillimhe ag súil go mbeidh tionchar níos mó acusan ar chluiche an lae inniu, áfach. Níor éirigh le Conor Cooney, Conor Whelan ná Joe Canning dul i bhfeidhm ar an imirt an lá eile agus más faoi Ghaillimh na Cait a shárú, níor mhór dóibh a bheith i mbarr a maitheasa inniu.

Rogha Tuairisc.ie: Gaillimh

Fág freagra ar 'Taispeántas níos fearr de dhíth ó thosaithe na Gaillimhe chun na Cait a chloí'