Taispeántas maith ag teastáil ó Kenny tar éis tús lag

Tabharfaidh foireann sacair na hÉireann aghaidh ar an tSlóvaic anocht agus deis fós acu áit a bhaint amach ag EURO 2020

Taispeántas maith ag teastáil ó Kenny tar éis tús lag

Ní hiontach an tús a cuireadh le ré Stephen Kenny mar bhainisteoir ar fhoireann na hÉireann an mhí seo caite ach déanfar dearmad air sin má bhíonn an bua acu in aghaidh na Slóvaice anocht.

Cuirfear tús ceart le ré Kenny anocht agus seans ag an bhfoireann fós áit a bhaint amach ag EURO 2020 a bheidh ar siúl an samhradh seo chugainn.

Cé go raibh tionchar an bhainisteora nua le feiceáil in aghaidh na Bulgáire agus na Fionlainne mí Mheán Fómhair agus iarracht á déanamh ag Éirinn seilbh a choinneáil ar an liathróid, níor chruthaigh siad mórán seansanna sa dá chluiche.

Cúl ó Shane Duffy ag deireadh an chluiche a chinntigh comhscór in aghaidh na Bulgáire agus chaill Éire in aghaidh na Fionlainne. Bhí níos mó seansanna ar chúil ag Duffy sa dá chluiche ná a bhí ag aon imreoir eile, scéal a léiríonn cé chomh lag agus a bhí Éire agus iad ar an ionsaí.

Lena ceart a thabhairt don fhoireann, ní raibh cluiche ceart imeartha ag formhór na n-imreoirí le cúpla mí anuas ag an tráth sin agus ba cheart go mbeadh cuma níos fearr orthu anocht.

Beidh Kenny ag súil gur cúnamh breise a bheas ann go mbeidh teacht aige ar David McGoldrick. Bhí imreoir Sheffield United gortaithe do chluichí na míosa seo caite, níor imir sé ach 25 nóiméad in aghaidh na Fionlainne agus cé go ndearna Adam Idah a dhícheall sa dá chluiche, tá feabhas go leor le déanamh fós aige.

Scóráil McGoldrick cúl iontach in aghaidh Arsenal ag an deireadh seachtaine ach is é an bua is mó atá aige go bhfuil sé breá ábalta deiseanna a chruthú d’imreoirí eile. Tá sé sách láidir chun seilbh a choinneáil ar an liathróid agus an cumas ann pasanna cruinne a thomhas.

Chruthaigh Aaron Connolly agus Callum Robinson go maith sna cluichí i bPríomhroinn Shasana go dtí seo agus má bhíonn comhimirt mhaith idir an triúr, d’fhéadfadh siad deacrachtaí a chruthú don tSlóvaic.

Ní bheidh aon cheist ann faoin té a thosóidh ar thaobh na láimhe deise sna cosantóirí. Ní raibh Séamus Coleman le scuad na hÉireann an tseachtain seo toisc gur gortaíodh é agus é ag imirt do Everton ag an deireadh seachtaine. Fágann sin go bhfuil sé ach mór cinnte go dtosóidh Matt Doherty.

Beidh Doherty ag iarraidh lorg níos mó a fhágáil ar chluiche na hoíche anocht ná mar a rinne sé sa dá chluiche in aghaidh na Bulgáire agus in aghaidh na Fionlainne. Cuideoidh sé leis go bhfuil roinnt cluichí imeartha aige le Tottenham Hotspur ó shin.

Tá droch-scéal faighte ag foireann na Slóvaice le cúpla lá anuas agus é deimhnithe nach mbeidh an t-imreoir lár páirce, Stanislav Lobotka, ar fáil toisc imreoirí Napoli, an fhoireann a n-imríonn sé léi san Iodáil, a bheith ar coraintín.

Tá foireann na Slóvaice láidir lár páirce ach tá cuid de na himreoirí is fearr atá acu ag dul in aois. Áiríodh Marek Hamsik, atá anois ag imirt sa tSín, ar dhuine de na himreoirí lár páirce ab fhearr san Eoraip tráth ach tá sé 33 bliain d’aois anois, mar atá Juraj Kucka, atá ag imirt do Parma i Serie A.

Má bhíonn siad sa tóir ar an bpeil an oíche ar fad agus seilbh uirthi ag imreoirí na hÉireann, éireoidh siad tuirseach ach ní fios fós an mbeidh imreoirí Stephen Kenny in ann é sin a dhéanamh.

Tá trí bliana ann ó bhuaigh foireann sacair na hÉireann cluiche mór as baile. B’in an bua in aghaidh na Breataine Bige i gcomórtas cáilithe Chorn an Domhain in 2018.

Beidh orthu gaisce mar sin a dhéanamh faoi dhó más leo áit a bhaint amach ag EURO 2020, ag tosú le cluiche na hoíche anocht.

Fág freagra ar 'Taispeántas maith ag teastáil ó Kenny tar éis tús lag'